Tá ‘Fichidí na gCéimeanna Móra (nó na Teipe Glaine)’ romhainn!

Céimeanna móra millteacha a chaithfear a thógáil má theastaíonn uainn an pláinéad seo a choinneáil inmharthana is mó a fhágfaidh lorg ar an leathscór bliain atá amach romhainn, dar lenár gcolúnaí.

Tá ‘Fichidí na gCéimeanna Móra (nó na Teipe Glaine)’ romhainn!

Tá bliain nua romhainn, agus leis sin, ré nua. ‘Déaga na hImní’ a bhaist mé an tseachtain seo caite ar an leathscór bliain atá díreach curtha dínn againn. ‘Fichidí na gCéimeanna Móra (nó na Teipe Glaine)’ a bhaistfinn ar an leathscór bliain atá romhainn.

Cén fáth?

Simplí.

Tá na heolaithe ar aon intinn faoi: níl ach achar fíorghairid againn srian a chur le téamh an domhain agus ollchliseadh aeráide a chosc. Deich mbliana, abair. Idir seo agus 2030, beidh céimeanna móra millteacha le tógáil againn má theastaíonn uainn an pláinéad seo a choinneáil inmharthana.

Ní bheidh gach duine sásta na céimeanna sin a thógáil.

Beidh daoine áirithe ag iarraidh go réiteodh daoine eile an fhadhb.

Beidh sé ina chíréib.

Ina ainneoin sin, tógfar na céimeanna ar gá iad a thógáil – agus beidh sé le rá ag na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh gurb iad na 2020idí blianta an dóchais, nuair a glacadh na Céimeanna Móra a shábháil an pláinéad.

Nó ní thógfar iad – agus beidh sé le rá ag an dream a thiocfaidh inár ndiaidh gurb iad na 2020idí blianta na Teipe Glaine, nuair nár tapaíodh an deis a bhí ann ollchliseadh aeráide a chosc.

Tá sé deacair go leor an todhchaí a thuar do bhliain amháin, gan trácht ar leathscór bliain. Cé a shamhlódh, thiar sa bhliain 2010, go mbeadh Donald Trump ina uachtarán ar Mheiriceá, go mbeadh an Bhreatain ar tí an tAontas Eorpach a fhágáil agus go mbeadh béilte á roghnú againn i mbialanna bunaithe ar an gcuma a bheas ar na béilte céanna ar Instagram? Mar sin féin, déanfaidh mé iarracht cúpla tairngreacht a dhéanamh. Seo linn.

Sa bhliain 2030, is beag duine a mbeidh carr dá chuid féin aige. Bainfidh an chuid is mó againn úsáid as Uber nó a mhacasamhail, nó go deimhin as an gcóras iompair phoiblí nó as ár gcuid rothar. Breathnófar ar úinéirí carranna mar a bhreathnaítear ar lucht caite tobac faoi láthair.

Faoin mbliain 2030, de thairbhe cúinsí aeráide, beidh níos mó daoine ná riamh ag fágáil na tuaithe agus ag cur fúthu sna cathracha. Teanga uirbeach a bheidh sa Ghaeilge feasta.

Beidh ar an Eoraip, ar Mheiriceá Thuaidh agus ar thíortha i gcríocha eile a bhfuil aeráid mheasartha acu glacadh le sruth seasta teifeach ó cheantair nach bhfuil inmharthana a thuilleadh. Agus an t-oighear ag leá, déanfar ionradh ar an Artach agus ar an Antartach. Tógfar cathracha nua i dtuaisceart Chríoch Lochlann, Mheiriceá Thuaidh agus na hÁise. Pobail bhundúchasacha na gceantar sin a bheidh thíos leis sin.

Ní cheannóidh Donald Trump an Ghraonlainn. Ach an atoghfar é sa bhliain 2020? Sin í mórcheist pholaitiúil na bliana atá amach romhainn. An chuma atá ar chúrsaí agus an t-alt seo á scríobh, d’fhéadfadh próiseas táinsimh a bheith ar siúl ina choinne sula mbeidh an toghchán uachtaránachta buailte linn. Deir mo liathróid chriostail liom nach dtáinseofar an Trumpach roimh an toghchán agus go deimhin gur mór an seans go mbeidh an bua aige arís i mí na Samhna. Ach feicim athrú mór millteach sa bhliain 2024; tiocfaidh polaiteoir de chuid na heite glaise i gcomharbacht air, agus sa dara leath d’Fhichidí an 21ú hAois beidh ceannródaíocht á déanamh sa chath i gcoinne athrú na haeráide ag na Stáit Aontaithe.

Maidir leis an gceannaire eile sin a bhfuil an táinseamh á lua leis ó tháinig sé i gcumhacht cothrom is bliain ó shin, Jair Bolsonaro na Brasaíle, ní cheapaim go dtáinseofar é sin ach an oiread. Ach ní hionann agus Trump, fíordhrochsheans go n-éireoidh leis an dara téarma a bhaint amach sa bhliain 2022. Mura mbeidh an t-iaruachtarán iomráiteach Lula ar ais i bpríosún an t-am sin, beidh sé sin ina uachtarán ar an mBrasaíl an athuair.

Beidh ar an domhan a aigne a dhéanamh suas faoin tSín. Agus ‘athoiliúint’ á cur ar os cionn milliún Uigiúrach i gcampaí géibhinn in iarthuaisceart na tíre sin – géarleanúint ar ghrúpa eitneach ar scála nach bhfacthas a leithéid ón Dara Cogadh Domhanda i leith – an mbeidh an gus sa gcuid eile den domhan seasamh suas i gcoinne na Síne? An mbeidh tomhaltóirí sásta baghcat a dhéanamh ar thír a sholáthraíonn gutháin phóca, éadaí agus earraí eile dúinn ar shladmhargadh?

Fágann sé sin an Breatimeacht. Diúltaíonn mo liathróid chriostail scun scan aon tairngreachtaí a dhéanamh faoin seó bóthair sin ach amháin an ceann seo: níl an scéal thart. Fearacht Coronation Street agus EastEnders, d’fhéadfadh an sobaldráma a bhfuil an Bhreatain agus an Eoraip araon faoi gheasa aige le nach mór ceithre bliana anuas dul ar aghaidh ar feadh na mblianta fós.

Fág freagra ar 'Tá ‘Fichidí na gCéimeanna Móra (nó na Teipe Glaine)’ romhainn!'

  • Dubhaltach

    “Deir mo liathróid chriostail liom nach dtáinseofar an Trumpach roimh an toghchán agus go deimhin gur mór an seans go mbeidh an bua aige arís i mí na Samhna. ”

    Tá an liathróid sin briste a mhac; bhí sé táinsithe roimh an Nollaig

    Anois táid ag fanacht ar an triail sa Seanad chun é a bhriseadh as a phost nó gan é sin a dhéanamh.
    Agus leis na fíricí curtha chun cinn ní bheidh ann ach seó bóthair mura ndéantar amhlaidh

  • Emer Ní Ronáin.

    Ard is ea do dhochas!