‘Bliain Oscailte Súl’ ag deireadh ‘Dhéaga na hImní’

An léir dúinn, faoi dheireadh, go bhfuilimid ar bóthar ár n-aimhleasa mar chine daonna?

‘Bliain Oscailte Súl’ ag deireadh ‘Dhéaga na hImní’

Tá an bhliain 2019 ag teacht chun críche, agus leis sin, an leathscór bliain a tháinig roimpi: déaga an 21ú haois. Agus mé ag déanamh mo mhachnaimh faoi sin an lá cheana rith sé liom nach raibh guthán cliste agam sa bhliain 2010. Bhí fón póca agam, ceann a rinne glórghlaonna, a chuir teachtaireachtaí téacs, agus nár líon mórán spáis – i mo phóca, ná i mo shaol. Sa bhliain 2012 a cheannaigh mé mo chéad ghuthán cliste. Athróidh sé do shaol!a dúirt cara liom a raibh ceann aici le blianta roimhe sin. Nach aici a bhí an ceart.

Teacht chun cinn na ngléasanna uilechumhachtacha, uileláithreacha sin, agus an ghabháil a rinne siad ar ár n-aigne agus ar ár n-aigne choiteann, an t-athrú is mó agus is tromchúisí, dar liom, a tharla sna 2010idí.

Bhí dlúthbhaint acu le claochlú mór eile a tháinig ar an saol: fás na heite fíordheise ar fud an domhain agus teacht chun cinn cheannairí ar nós Donald Trump agus Jair Bolsonaro. An mbeadh an Breatimeacht féin againn in aon chor murach na píobairí póca cliste a bheith ag scaipeadh na bolscaireachta (agus na mbréag) ar luas lasrach? Ceist a thugann chomh fada leis an gcoincheap nuacht bhréige’ muid, is dócha – feiniméan eile nach raibh trácht air sa bhliain 2010 (cé go raibh a leithéid ann, gan dabht.)

Faraor géar nach nuacht bhréige atá sa tríú mórathrú a áireofar nuair a chuimhneofar ar na 2010idí amach anseo: an ghéarchéim aeráide. Ar ndóigh, tá an t-athrú aeráide ar siúl leis na scórtha bliain. Ach ag deireadh seo na nDéaga – idir thuilte agus thinte tubaisteacha agus an bhean óg ón tSualainn darb ainm Greta Thunberg – ní féidir le héinne ligean orthu féin a thuilleadh nach bhfuil géarchéim ann.

Ar ndóigh, a deir tú, cá mbeadh Greta Thunberg gan na gutháin chliste?

Cuirfidh mé an cheist chéanna ortsa. Cá mbeadh tusa anois mura mbeadh an t-alt seo á léamh agat ar scáileán? (Is maith a thuigim nach bhfuil rogha agat; cuireadh deireadh leis an nuachtán Gaeilge clóite deireanach sna 2010idí.) Chuile sheans go mbeifeá amuigh ag siúl, ag imirt peile, ag cniotáil, nó ag comhrá le cairde san fhíorshaol seachas le lucht aitheantais fíorúil.

Céard a bheidh ar siúl agat nuair a bheidh an t-alt seo léite agat? An mbeidh tú á roinnt ar Twitter? An mbeidh grianghraf de do bhricfeasta á chrochadh agat ar Instagram? Nó an seiceálfaidh tú WhatsApp arís eile féachaint an bhfuil an fear nó an bhean sin a daimsigh tú ar Tinder an tseachtain seo caite tar éis do theachtaireacht dheireanach a léamh go fóill? Cén fáth nach bhfuil dath gorm tagtha ar na diabhail saigheada beaga sin go fóill?!

Imní. Bíonn sí orainn an t-am ar fad. Murab iad na meáin shóisialta atá ag cur strus orainn is iad cúrsaí polaitíochta, féiniúlachta nó go deimhin an ghéarchéim aeráide atá ag cur strus orainn. Cinnte, tharla rudaí le linn na 2010idí a raibh dóchas ag baint leo: an ghluaiseacht #MeToo mar shampla, nó ceadú pósadh comhghnéis in os cionn 20 tír (Éire, An Bhreatain, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Bhrasaíl agus na Stáit Aontaithe ina measc). Ach dá gcuirfí ceist orm cur síos a dhéanamh i mbeagán focal ar an leathscór bliain atá ag teacht chun críche an mhí seo, is éard a bhaistfinn orthu ná ‘Déaga na hImní’.

Biomaí scéal nuachta a chothaigh imní inár n-aigne choiteann i mbliain dheireanach seo na nDéaga, 2019, ach gach seans gur sháraigh an Breatimeacht iad ar fad mar chúis leanúnach struis. An dtarlódh sé nó nach dtarlódh? An bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach dáiríre – agus an dtitfeadh an spéir ansin? Dimigh Theresa May, tháinig Boris Johnson ina háit, ach tá bliain eile imithe tharainn agus tá an Bhreatain agus a comharsana san Eoraip san áit chéanna a raibh siad an t-am seo anuraidh: idir dhá cheann na meá.

Ar an taobh eile de Mhuir nIocht, áfach, a tharla an nuachtscéal aonair is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an domhan i mbliana. Ar an 15 Aibreán, chuaigh Ardeaglais Notre Dame i bPáras trí thine. Ní raibh sé i bhfad go raibh adhmad polaitiúil á bhaint as an tine ar na meáin shóisialta acu siúd a mhaíonn go bhfuil deireadh shibhialtacht an Iarthair ar lár.

Baol i bhfad níos tromchúisí don phláinéad, áfach, na falscaithe ollmhóra a tharla sa Bhrasaíl i mí Lúnasa, inar loisceadh limistéir chomh mór le contaetha na Gaillimhe agus an Chláir le chéile i bhforaois na hAmasóine. Níor ghníomhaigh údaráis na Brasaíle go dtí gur chuir Angela Merkel, Emmanuel Macron agus Leo Varadkar féin brú mór eacnamaíoch ar uachtarán fíorchoimeádach na Brasaíle, Jair Bolsonaro, a tháinig i gcumhacht ag tús na bliana seo.

Ar an drochuair níorbh é an chéad uair ná an uair dheireanach gur tharla tubaiste timpeallachta ar scála ollmhór sa Bhrasaíl i mbliana. I mí Eanáir, dfhág rabharta láibe truaillithe na céadta duine marbh i stát Minas Gerais. Ó mhí Mheán Fómhair i leith, tá os cionn míle tonna amhola tar éis teacht i dtír ar chósta thoir thuaidh na tíre.

Sa Bhrasaíl a bhí Comhdháil na Náisiún Aontaithe faoin Athrú Aeráide (COP25) le bheith ar siúl i mbliana; níor theastaigh ó Jair Bolsonaro go n-eagrófaí ina thír é agus aistríodh an Chomhdháil go dtí an tSile, ach nuair a fuair gar do scór go leith duine bás in oll-léirsithe sa tír sin, aistríodh an Chomhdháil go Maidrid na Spáinne ag an nóiméad deireanach.

Níorbh í an tSile an t-aon tír amháin ina ndeachaigh na sluaite amach ag léirsiú i mbliana. Maraíodh daoine in oll-léirsithe in Eacuadór agus sa Bholaiv freisin. B’éigean do Evo Morales, a bhí ina uachtarán ar an mBolaiv ó 2006 i leith, teitheadh go Meicsiceo. I mí Eanáir, bhí páirt ag ceannaire an fhreasúra i Veiniséala, Juan Guaidó, in éirí amach míleata ar cuireadh stop leis; tá Nicolás Maduro fós i gceannas ar an tír (agus neart Veiniséalach fós ag teitheadh aisti).

Ar an taobh eile den domhan, tá muintir Hong Cong i mbun agóide ó bhí mí an Mhárta ann, ag iarraidh stop a chur le reachtaíocht a thabharfadh cumhachtaí breise d’údaráis na Síne sa réigiún féinrialaitheach sin.

Tháinig eolas scanrúil amach i mí na Samhna maidir leis an ngéarleanúint atá ar bun ag údaráis na Síne ar phobal Moslamach na nUigiúrach i réigiún Xinjiang in iarthuaisceart na tíre, áit a dtuairiscítear athoiliúint’ a bheith á cur ar os cionn milliún Uigiúrach i gcampaí géibhinn.

Chuaigh muintir na hEorpa amach ar na sráideanna i mbliana freisin. Ar ndóigh bhí gilets jaunes na Fraince ann. Thóg feirmeoirí feargacha raic sa Ghearmáin, san Ísiltír agus in Éirinn. Bhí muintir na Catalóine i mbun agóide go minic arís i mbliana, ag éileamh neamhspleáchais ón Spáinn – nó a mhalairt ghlan. Agus gach uile Aoine, chuaigh ógánaigh thiomanta ar fud na hEorpa, agus go deimhin ar fud an domhain, ar stailc ón scoil dfhonn aird a tharraingt ar an ngéarchéim aeráide.

Sheol Greta Thunberg, an bhean óg as an tSualainn a chuir tús leis an Skolstrejk för klimatet anuraidh, trasna an Atlantaigh agus ar ais i luamh seoil chun muintir Mheiriceá Thuaidh a ghríosú ar son chúis na haeráide. Ina ainneoin sin ar fad, tharraing na Stáit Aontaithe amach as Conradh Pháras i mí na Samhna.

Ag an eite dheis agus ag an eite ghlas a bhí an bua i dToghcháin na hEorpa. Den chéad uair riamh toghadh bean – Ursula von der Leyen – ina huachtarán ar Choimisiún na hEorpa.

Cé nach raibh eachtraí sceimhlitheoireachta sa nuacht baileach chomh minic céanna sa bhliain 2019 agus a bhíodh i lár na nDéaga, dúnmharaíodh 51 duine agus leonadh 50 eile i mí an Mhárta nuair a dionsaigh sceimhlitheoir geal dhá mhosc i gcathair Christchurch na Nua-Shéalainne, an t-ionsaí sceimhlitheoireachta ba mheasa riamh sa tír sin. In Srí Lanca, dúnmharaíodh 259 nduine agus leonadh 500 marbh in ocht gcinn dionsaithe sceimhlitheoireachta in aon lá amháin. Tharla eachtraí sceimhlitheoireachta sa Cholóim, san Iaráin, sa Chéinia, sna hOileáin Fhilipíneacha agus i dtíortha eile freisin.

Mar sin féin, in ainneoin na ngéarchéimeanna aeráide, polaitiúla agus sóisialta ar fad, feictear dom gur léir dúinn, faoi dheireadh, go bhfuilimid ar an mbóthar mícheart mar chine daonna. Bliain Oscailte Súl’ ag deireadh Dhéaga na hImní’ a thabharfainn ar an mbliain 2019.

Fág freagra ar '‘Bliain Oscailte Súl’ ag deireadh ‘Dhéaga na hImní’'

  • Muireann

    An-phíosa! Ní thitfidh na déageachtraí i ndearmad! Treise leat Alex!