Tá difríocht idir ceartú suarach agus tabhairt faoi deara mheath na Gaeilge, focal ar fhocal, abairt ar abairt

Tá míchruinneas i dtaobh an chlásail choibhneasta ar cheann de chomharthaí sóirt mheath na Gaeilge

Tá difríocht idir ceartú suarach agus tabhairt faoi deara mheath na Gaeilge, focal ar fhocal, abairt ar abairt

Dúrt san alt deireanach go raibh roinnt focal sa Ghaeilge a leanann ‘atá’ nó ‘a bhfuil’ iad i gcónaí de réir na gramadaí, agus go dtagann a n-úsáid leis an gcaint bheo ar an mórgóir, cé is moite de chúpla eisceacht.

I measc na bhfocal sin, tá ‘caoi’ i gConamara agus i gCúige Chonnacht, ‘slí’ go stairiúil i gCúige Mumhan, agus ‘dóigh’ i nDún na nGall agus i gCúige Uladh trí chéile.

“Cén chaoi a bhfuil tú?” a deir an Connachtach. ‘Sin an chaoi a bhfuil sé’. Cén fáth? Mar gurb in é an riail: ‘a bhfuil’ a leanann ‘caoi’ i gcónaí. Níl de mhíniú eile air seachas gurb é atá sa chaint le fada an lá.

“Cén dóigh a bhfuil siad ag roinnt an airgid?” a deir an tUltach.

Maidir le ‘slí’ ó dheas, dála an fhocail ‘bealach’, ba nós le cainteoirí dúchais ‘Cén (t)slí ina bhfuil an t-airgead á roinnt?’ a rá roimhe seo, ach diaidh ar ndiaidh, thit ‘ina’ amach as an gcaint agus tháinig ‘an (t)slí a bhfuil’ isteach ina áit. De réir mar a lagaigh an leagan ‘ina’, áfach, tháinig meath ar an gclásal coibhneasta indíreach sa leagan nua freisin. Sin le rá gur tosaíodh ag rá ‘an [t]slí atá’ in áit ‘an [t]slí a bhfuil’.

Ó thaobh an chaighdeáin de, iarrtar ar dhuine cloí le ‘an tslí ina bhfuil’ nó ‘an tslí a bhfuil’, más ag scríobh de réir an chórais sin atá sé.

Anuas ar an athrú atá tagtha ar an gclásal, ní miste a rá gur minic an focal ‘slí’ firinscneach ag cainteoirí ó dheas: ‘an slí’. Is léir, mar sin, codarsnacht a bheith ann uaireanta idir an méid a mholtar sa scríobh caighdeánach agus an méid a chloistear ag cainteoirí dúchais as Cúige Mumhan ar na saolta seo.

Ar an gcaoi chéanna, iarrtar ar an gConnachtach ‘An uair a bhí siad anseo’ a scríobh sa chaighdeán nuair is ‘An uair a raibh siad anseo’ a déarfadh sé go nádúrtha. ‘Sin é a chéad uair a bhfaca mé é’ a déarfadh sé freisin, ach iarrtar air ‘Sin é an chéad uair a chonaic mé é’ a scríobh de réir an chaighdeáin.

Ach oiread le ‘tráth a bhí’ (an caighdeán) agus ‘tráth a raibh’ (an chaint bheo), úsáideann daoine seiftiúla leaganacha mar ‘Sin an chéad uair bhfaca mé é’ agus ‘…tráth raibh meon Caitliceach i réim sa tír’ sa scríobh le teacht timpeall na faidhbe seo.

Dá mhínádúrtha an míleanúnachas seo i dtaobh ‘uair’, tá ciall leis nuair a chuimhnítear ar dhéantús an fhocail ‘nuair’, mar atá, ‘an’ + ‘uair’. ‘Nuair a bhí…’, ‘nuair atá…’ atá sna canúintí ar fad go nádúrtha, agus sa chaighdeán scríofa, leis. 

‘Cén fáth a bhfuil siad anseo?’ a deirtear i gConnachta, cé go gcloistear ‘Cén fáth go bhfuil…’ freisin. ‘A bhfuil’ a mholtar sa chaighdeán.

Struchtúr de chineál eile ar fad, áfach, is ea ‘Fiafraíonn Ó Siadhail cén fáth atá leis an neamart a rinneadh ina shaothar drámata’, nó ‘An dóigh atá ann lena dhéanamh ná mar seo’, i dtaca le ‘dóigh’ de.

‘Ní maith liom an bealach a bhfuil tú á dhéanamh’, a deir an Connachtach, cé go ndéarfadh sé freisin ‘Ní maith liom an bealach atá leis’.

‘A bhfuil’ a leanann an focal ‘áit’ go hiondúil, seachas nuair is ainmfhocal é. ‘Sin an áit a bhfuil cónaí orthu’ a deirtear i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh, ach ‘Is áit é atá lán le crainn’, nó ‘Áit atá deacair a bhaint amach de shiúl na gcos (is ea é)’. ‘Ar Shráid na Siopaí a chas mé leis, áit a raibh TG4 i mbun taifeadta’, ach ‘Tá an scéal lonnaithe in Achréidh na Gaillimhe, áit a bhí ina Gaeltacht láidir agus an Cadhnach ina fhear óg’.

Deir an Duibhneach ‘Sin an áit atá sí’ agus ‘Sin an áit atá cónaí orthu’ (Diarmuid Ó Sé, Gaeilge Chorca Dhuibhne), samplaí eile de chodarsnacht idir an ghramadach scríofa agus an focal labhartha.

‘Cad as atá an t-airgead ag teacht?’ a deir an Muimhneach, ‘Cé as a bhfuil an t-airgead ag teacht?’ a deir an tUltach agus an Connachtach, agus is é an leagan sin a mholtar sa chaighdeán.

Maidir leis an bhfocal ‘mar’, braitheann an focal a úsáidtear ina dhiaidh ar a bhrí:

‘Tá sé go breá mar atá sé’ (It’s fine as it is).

Cuir é sin i gcomparáid leis an ráiteas seo thíos, a déarfaí le duine óg atá ina shuí ach a d’éireodh lena áit suite a thabhairt do dhuine níos sine ná é le teann ómóis:

‘Fan mar a bhfuil tú, a Sheáin, tá cathaoir anseo agam – go raibh maith agat.’ An bhrí ‘(s)an áit a bhfuil tú’ atá i gceist anseo.

Bhí an cainteoir dúchais in ann ‘atá’ agus ‘a bhfuil’ a láimhseáil go cruinn go dtí le gairid

Mar chríoch, scrúdaíomar san alt deiridh leaganacha ar nós ‘Sin an fear a bhfuil imní air faoi na páistí’ nó ‘Sin an fear a bhfuil olc air chugainn’. Is nós leis an gCorcaíoch agus leis an gCiarraíoch ‘go bhfuil’ a rá sna habairtí sin. Agá (i.e. ‘ag’ + ‘a’) na Gaeilge Clasaicí is cúis leis sin (Nicholas Williams / Seán Ua Súilleabháin, Stair na Gaeilge), rud a bhronn orainn leaganacha ar nós Don té agá mbíonn cloidheamh aige agus mar sin de. As sin a tháinig ‘Don té go mbíonn claíomh aige…’.

Seans gur drochaithris (agus míthuiscint) ar an gcóras sin is ea ‘D’fhéachas ar chúpla agallamh gur dhein sé roimis seo’ ar an ábhar gur ‘a dhein sé’ a déarfadh an gnáthchainteoir Duibhneach agus Múscraíoch leis sin sa lá inniu, go bhfios dom.

Táthar ann a déarfadh gur i dtaobh le saoithíneacht atáthar leis na leaganacha seo, ach is léiriú é an míchruinneas ina dtaobh gur ag imeacht as atá an teanga, diaidh ar ndiaidh.

Dá mba rud é gur chuma fúthu, ní bheadh glúin i ndiaidh glúine de mhuintir na Gaeltachta á dtabhairt leo go nádúrtha go dtí le gairid. Deiseanna éisteacht le dea-Ghaeilge a bheith dulta i ndísc is cúis le hiad a bheith míchruinn ag daoine le tamall de bhlianta.

Nuair a chuimhnítear ar an scéal sna téarmaí sin, tuigtear nach i dtaobh le ceartú suarach atáthar, ach tabhairt faoi deara mheath na teanga, focal ar fhocal, abairt ar abairt.

B’fhéidir nach téarma é ‘clásal coibhneasta’ a bheadh ag gach cainteoir dúchais, ach murab ea, is é a bhí ábalta ar é a chur i bhfeidhm go cruinn ina chuid cainte, faoi mar a bhí na foghlaimeoirí a rinne aithris air.

Is é atá ábalta fós é a dhéanamh, ach beagán treorach a bheith ar fáil dó.

B’fhéidir nach miste dúinne iarracht a dhéanamh a bheith chomh cruinn céanna, cé nach mbíonn saoi gan locht.

Is féidir teacht ar shárcheachtanna ar an gclásal coibhneasta indíreach anseo.

Fág freagra ar 'Tá difríocht idir ceartú suarach agus tabhairt faoi deara mheath na Gaeilge, focal ar fhocal, abairt ar abairt'