Bhí an cainteoir dúchais in ann ‘atá’ agus ‘a bhfuil’ a láimhseáil go cruinn go dtí le gairid

‘Atá’ agus ‘a bhfuil’ – cén difear atá eatarthu? Déanann ár gcolúnaí an scéal a shoiléiriú i dtéarmaí uimhreacha…

Bhí an cainteoir dúchais in ann ‘atá’ agus ‘a bhfuil’ a láimhseáil go cruinn go dtí le gairid

Is iomaí sin bealach atá ann leis an mír ‘a’ a úsáid sa Ghaeilge, agus is iomaí sin ainm atá air dá bharr i ngramadach na teanga. Feicimid é i leaganacha ar nós ‘Sin an fear a bhí anseo inné’ nó ‘An bhfeiceann tú an bhean atá le taobh an gheata?’.

‘Clásal’ a thugtar ar an mbriathar ‘a bhí’ sa chéad abairt thuas, agus ‘mír choibhneasta’ a thugtar ar an ‘a’ sa leagan sin. As sin a thagann an téarma ‘clásal coibhneasta’.

Sin a bhfuil de ‘choibhneasta’ go fóill beag – fág i do dhiaidh anois é. Ar an bhfocal ‘clásal’ is mian liom d’aird a dhíriú.

Tá cúpla clásal sa Ghaeilge againn ach tá dhá cheann a úsáidtear go rímhinic: an clásal díreach agus an clásal indíreach.

Samplaí de chlásal díreach is ea ‘a bhí’ agus ‘atá’ sna habairtí thuas. Dá n-athróimis an chéad abairt – ‘Sin an fear a bhí anseo inné’ – go dtí ‘Sin an fear a raibh a mhac anseo inné’, ‘clásal indíreach’ a thabharfaí ar na focail ‘a raibh’ ansin, nó ‘clásal coibhneasta indíreach’ sna graiméir.

Is minic fonn ar fhoghlaimeoirí leagan simplí mar ‘Sin an fear a bhí anseo inné’ a athrú go dtí ‘Sin an fear a raibh [sic] anseo inné’.

Seo sampla eile den fheiniméan sin: ‘…Ciallaíonn sé sin go dtógaim an físeán a bhfuil déanta ag daoine eile agus go gcuirim in eagar é.’

Ní theastaíonn ansin ach ‘atá déanta ag daoine eile’. Níl cúis ar bith go n-athrófaí é go dtí ‘a bhfuil’.

Is fiú na cúinsí ina dtagann clásal indíreach i gceist a scagadh gan bacadh rómhór le téarmaí gramadaí, óir, má chuireann foghlaimeoirí an iomarca fainice orthu féin faoin gclásal sin, is nós le roinnt cainteoirí dúchais le tamall de bhlianta é a fhágáil ina ndiaidh.

Seo samplaí a chuala mé ag cainteoirí dúchais Gaeltachta le deireanas:

‘Tá mise ar dhuine de na daoine atá sé ag caitheamh anuas orthu, nach bhfuil?’

‘An foirgneamh atá muid ann, chuir an tÚdarás ar fáil dúinn é.’

‘A bhfuil’ a theastaíonn sa dá abairt sin san áit a bhfuil an focal ‘atá’ scríofa.

Tógaimis an chéad abairt: ‘Tá mise ar dhuine de na daoine atá sé ag caitheamh anuas orthu’.

Má bhaistimid ‘uimhir a haon’ – nó (1), ar na focail ‘na daoine’ ansin, (2) ar an gclásal/mbriathar, agus (3) ar an bhfocal ‘orthu’, is féidir linn an scéal a shoiléiriú i dtéarmaí uimhreach.

An ‘riail’ atá ann ná seo: má bhíonn (3) ag tagairt siar do (1), beidh (2) indíreach i gcónaí, agus is amhlaidh an scéal thuas. Is éard atá dá bharr againn, ‘Tá mise ar dhuine de (1) na daoine (2) a bhfuil sé ag caitheamh anuas (3) orthu’.

Is ionann ‘orthu’ ag deireadh na habairte sin agus ‘ar na daoine sin’, i.e. tagraíonn sé siar d’uimhir a haon de réir na foirmle seo againn.

Anois, tá roinnt leaganacha ann, ar nós ‘Fear é sin a rinne cainteoir breá de féin’, a thugann dúshlán na foirmle thuasluaite, ach tríd is tríd, is féidir í a chur i bhfeidhm ar struchtúir choibhneasta.

Cuirimis i bhfeidhm sa dara habairt í go bhfeicfimid an rath atá uirthi:

An foirgneamh atá muid ann, chuir an tÚdarás ar fáil dúinn é: (1) = ‘An foirgneamh’; (2) = an clásal/briathar (3) = ‘ann’.

An bhfuil (3) ag tagairt siar do (1) anseo? Tá.

‘A bhfuil’ an leagan a theastaíonn uainn dá bharr: ‘An foirgneamh a bhfuil muid ann, chuir an tÚdarás ar fáil dúinn é’.

Is ionann ‘ann’ anseo agus ‘sa bhfoirgneamh sin’ (nó ‘san fhoirgneamh sin’ i gCúige Uladh).

Dhá rud nach miste a rá faoin abairt thuas: an fhoirm tháite, ‘a bhfuilimid’, a bheadh ag an Muimhneach ann, ach tiocfaimid thar n-ais go dtí an Muimhneach sa chéad alt eile.

An dara rud ná nach nós leis an nGaeilge bacadh le camóg sa chás céanna, agus gur dócha faoi anáil an Bhéarla atá sí tagtha isteach. Fágann sin gur ‘An foirgneamh a bhfuil muid ann chuir an tÚdarás ar fáil dúinn é’ a scríobhfadh roinnt daoine, gnás poncaíochta atá ar aon dul le ‘An té nach bhfuil láidir ní foláir dó a bheith glic’.

Fillimis ar an bhfoirmle sula gcríochnóimid – seo sampla eile a chuala mé:

Fostaíocht (1) an rud (2) atá suim acu féin (3) ann.

Is ionann ‘ann’ anseo agus ‘sa rud (sin)’. Ach an fhoirmle thuas a chur i bhfeidhm, mar sin, tuigfimid gur ‘a bhfuil’ is ceart a bheith ann: ‘Fostaíocht an rud a bhfuil suim acu féin ann’.

Mar is eol dúinn cheana, nuair a chuirtear forainm ar nós ‘mé’ le chéile le réamhfhocal ar nós ‘ag’ sa Ghaeilge, ‘agam’ an focal a bhíonn againn mar thoradh air.

‘Forainm réamhfhoclach’ a thugtar air sin dá réir, agus is é a bhíonn i gceist, de ghnáth, le (3) sa bhfoirmle thuasluaite.

Sa chéad alt eile, féachfaidh mé ar chúpla focal a leanann ‘atá’ nó ‘a bhfuil’ iad i gcónaí de réir na gramadaí; ar fhocail eile a mbraitheann a mbrí ar cé acu ‘atá’ nó ‘a bhfuil’ a leanfaidh iad; ar an éabhlóid atá tagtha ar na cúrsaí seo sna canúintí beo Gaeltachta; agus ar ‘go’ coibhneasta an Chorcaígh agus an Chiarraígh.

Ó thaobh na foghraíochta de, ar ndóigh, “kwiv” a deir an tUltach agus an Connachtach le tús an fhocail ‘coibhneasta’, “kwee” a deir an Muimhneach.

Tabhair faoi deara, leis, nach “clásál” ná “clásáil” a thugtar air, ach ‘clásal’.

Fág freagra ar 'Bhí an cainteoir dúchais in ann ‘atá’ agus ‘a bhfuil’ a láimhseáil go cruinn go dtí le gairid'

  • Aodán Ó Sé

    Nach bhfuil an leagan seo níos gonta? Chuir an t-Údarás an foirgneamh ina bhfuil muid ar fáil dúinn. I fearr nuair a chuirtear an príobh-bhriather i dtosach

  • Bairbre

    Maidir leo siúd nach cainteoirí dúchais iad, braithim go n-úsáideann a lán díobh ‘a bhfuil’ faoi thionchar ‘will’ an Bhéarla.

  • Balor an Tuaiscirt

    An mhír Chomh-Nasty, mar a thugann scoláirí áirithe air.

  • Helena Lordan

    Comhghairdeachas Kevin Hickey. Alt iontach a mhíníonn an clásal díreach & indíreach go soiléir.

  • Máire chiúin

    Ní dóigh liom go ndeirtear ‘kwiv’ i gCúige Uladh ar chor ar bith.
    Bheadh ‘kiv’ níba chóngaraí don fhuaim.

  • Pádraig Mac Cearáin

    Níl a fhios agam an bhfuil an ‘dúchas’ ag cliseadh ar na cainteoirí dúchais seo nó an é go bhfuil siad ag éisteacht le daoine eile agus ag déanamh aithris orthu. Mar Bhéarlóir dúchais seo treoir a oibríonn domhsa cibé ar bith.

    Smaoinigh ar an abairt Bhéarla. Má tá ‘to whom,’ ‘from whom,’ ‘with whom’,
    ‘to which,’ ‘with which, ‘over which,’ ‘about which,’ ‘under which’ etc etc etc san abairt, tá an coibhneasta neamhdhíreach .
    – an fear a raibh mé ag caint leis – the man to whom I was speaking.
    an fear a (go) bhfuair mé an t-eolas uaidh – the man from whom I got the information.
    an siopa a (go) gceannaím an nuachtán ann – the shop in which I buy the paper.
    an chloch ar chuir mé an eochair fúithi – the stone under which I put the key.
    Ná déan dearmad ar ‘whose’ chomh maith – an bhean a bhfuil a mac san ospidéal – the woman whose son is in hospital (neamhdhíreach).

  • Séamas de Barra

    Freagra ó Shéamas de Barra ar alt le Kevin Hickey, ‘Bhí an cainteoir dúchais in ann “atá” agus “a bhfuil” a láimhseáil go cruinn go dtí le gairid’, http://www.tuairisc.ie, Dé Luain, Meitheamh 22, 2020.

    An sainiú atá ag Kevin Hickey ar an bhfocal ‘clásal’, níl sé ag teacht leis an míniú air sin in An Foclóir Beag (Rialtas na hÉirenn: An Gúm, Baile Átha Cliath 1991; 2000; 2009): ‘clásal f1 cuid d’abairt a bhfuil ainmní agus faisnéis dá chuid féin ann (mar shampla –– cé go raibh an t–uisce fuar chuamar ag snámh –– clásal atá sna focail sa chló iodálach [SdeB: is é sin, ‘cé ….fuar’]); cuid ar leith de chonradh etc. .’ Ainneoin go maíonn Kevin gurb ea, is léir, dá réir sin, nach clásal é an briathar ‘a bhí’ san abairt ‘Sin an fear a bhí anseo inne’, de cheal gan ainmní a bheith idir na lúibíní céanna; ní mó ná sin is faisnéis iomlán é ‘a bhí’. Ná ní clásal indíreach é ‘a raibh’, san abairt ‘Sin an fear a raibh a mhac anseo inné’, de cheal gan ‘an fear’ a bheith idir na lúibíní céanna ag Kevin, ach a oiread; ná ní faisnéis iomlán ‘a raibh’ san abairt ‘Sin an fear a raibh a mhac anseo inné.’ Dála an scéil, tá ardmheas ag scoláirí acadúla na Gaeilge ar an bhFoclóir Beag. Arsa duine acu liomsa blianta ó shin: ‘is é An Foclóir Beag an foclóir Gaeilge is fearr a cuireadh amach riamh, mar gur as Gaeilge a mhínítear na focail Ghaeilge ann.’ Ar ndóigh, ba iad Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin Eagarthóirí An Foclóir Beag. Dírithe ar dhéagóirí atá sé [ibid., lch vii].
    Maidir leis an téarma ‘indíreach’ de, is iad ‘unjust, unrighteous’ na cialla atá i bhFoclóir na Sean–Teanga leis, Dictionary of the Irish Language ag Acadamh Ríoga na hÉireann. Níl an focal ‘indíreach’ ag an Duinníneach. B’fhearr diúltú dó mar théarma, agus leas a bhaint feasta as ‘neamhdhíreach’.
    Tugann Kevin samplaí go leor ansin d’abairtí ag cainteoirí dúchais Gaeilge ar clásal díreach atá iontu, nuair is é an clásal neamhdhíreach ba cheart a bheith iontu, dar leis, –– cuir i gcás ‘Tá mise ar dhuine de na daoine atá sé ag caitheamh anuas orthu, nach bhfuil?’ Is é mo thuiscintse air go raibh abairtí mar sin coitianta go leor nuair a bhí seanchanúint na Rinne, i gCo. Phort Láirge, fós ina neart. Ní thaitníonn na samplaí sin liomsa mar Ghaeilge, ach tá samplaí go leor i nGaeilge na Mumhan agus i nGaeilge Chonnacht sa lá atá inniu ann, arb é an clásal díreach a bhíonn iontu, nuair is é an clásal neamhdhíreach ba cheart a bheith iontu, de réir na Gaeilge a múineadh dom féin ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Cuir i gcás ‘cé leis a bhí tú ag caint?’ in ionad ‘cé leis a raibh tú ag caint?’
    Má ghortaíonn Gaeilge na Mumhan agus Gaeilge Chonnacht cluas duine sa lá atá inniu ann, cad déarfadh an duine sin le ‘bhí sé ag comhrá le cé hé?’ Is minic a chuala mise a leithéid sin d’abairt ag Pádraig Ua Maoileoin, beannacht Dé lena anam, i gcaitheamh na mblianta a rabhamar ag obair i bhfochair a chéile sa Ghúm, agus Pádraig ina bhas orm, ábhar blianta. B’fhéidir gur ón nglúin óg sa Ghaeltacht a thóg Pádraig patrún na ceiste sin; nó b’fhéidir nach ea. Sa bhliain 2002, beagnach 18 mbliana ó shin, a cailleadh Pádraig, agus é timpeall le 90 bliain d’aois san am. Is é mo chuimhnese air gur phléigh Liam Mac Con Iomaire, Cathaoirleach, leithéid na ceiste ‘cé leis a bhí tú ag caint’ ar cheann de chláir na sraithe ‘Leagan Cainte’ leis an bpainéal aigesean, Eibhlín Bean Uí Ainlí ón mBaile Loiscthe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne; Seosamh Ó Cuaig as Cill Chiaráin i nGaeltacht Cho. na Gaillimhe; agus an Dr Dónall P. Ó Baoill, as Mín an Chladaigh, i nGaeltacht Thír Chonaill. Ní raibh aon easpa Gaeilge ar Liam Mac Con Iomaire, ná ar Eibhlín Bean Uí Ainlí, go ndéana Dia trócaire ar a n–anam; agus tabhair an dá leabhar leis go gcuirfeadh an bheirt eile, Dónall Ó Baoill, agus Seosamh Ó Cuaig, an Ghaeilge siar síos le haon duine againn nach le Gaeilge a tógadh é/í, agus lastuas dínn chomh maith, dá ndéarfainn é.
    Ní maith le Kevin Hickey an chamóg i leithéid na habairte ‘An foirgneamh a bhfuil muid ann, chuir an tÚdarás ar fáil dúinn é.’ Ní aontaímse le Kevin, olc maith ná donaí, ar an bpointe sin. Nuair is ainmní nó cuspóir casta a bhíonn san abairt Ghaeilge, is mór an chabhair don léitheoir an chamóg a bheith ina dhiaidh. Gach uile lá, geall leis de, léimse ailt Spáinnise ar an bhfón cliste agam, agus baineann scríbhneoirí na Spáinnise an–leas as an gcamóg, i gcás go n–éascaíonn sí go mór léamh na Spáinnise. Déanadh na Gaeil rud ar na Spáinnigh!
    Is rómhithid Coimeasár le Ceart na Gaeilge a cheapadh. Molaimse Seosamh Ó Cuaig le haghaidh an jab, agus a chead a bheith aige na ciontóirí a dhíbirt go dtí na New South Wales!
    Mar ba mhinic le Seán Ó Cadhain a rá: ‘déanfaidh sin.’ Solas na bhFlaitheas d’anam Sheáin chomh maith.

  • Colin Ryan

    Is beag an t-iontas a bheadh orm dá n-éireodh Gaeilge na hÉirean cosúil le Gaeilge na hAlban agus gan foirm indíreach ann ar chor ar bith.