Tá deis luachmhar againn Éire Nua a chruthú

Ní haon tairbhe é d’aon duine dáta a shocrú ar bhonn comhaireamh seicteach

Tá deis luachmhar againn Éire Nua a chruthú

Is cuimhin liom go maith an reifreann ar Neamhspleáchas na hAlban in 2014. In Ospidéal Ollscoile Ban agus Naíonán an Choim i mBaile Átha Cliath a bhí mé le m’iníon nuabheirthe agus muid ag breathnú ar chomhaireamh na bpáipéar ballóide. 

Gheall mé dom féin go dtabharfainn ainm Albanach mar dhara hainm uirthi chun neamhspleáchas na hAlban a cheiliúradh dá n-éireodh leo é a bhaint amach. 

Faraor, ní hé sin a bhí i ndán di. Beidh Olltoghchán ag muintir na hAlban i gceann cúpla seachtain agus tá sé geallta ag Nicola Sturgeon go reáchtálfar reifreann nua ar an neamhspleáchas má chuirtear ar ais i gcumhacht í. Cé nach bhfuil sé seacht mbliana fós ó bhí an reifreann deireanach ann, tá athrú suntasach tagtha ar an tírdhreach polaitiúil ansin de bharr an Bhreatimeachta, athrú atá tarlaithe ar an oileán seo chomh maith. 

Ba chóir dúinn dlúthchomhrá a thosnú anois ionas go bhféadfaimid pobail a aontú chomh maith lenár n-oileán nuair a thiocfaidh an t-am dár reifreann féin chun tragóid stairiúil na críochdheighilte a cheartú. 

Is poblachtánach mise agus is é príomhaidhm mo pháirtí, Fianna Fáil, Éire Aontaithe a bhaint amach trí mhodhanna síochánta. Leagtar síos na meicníochtaí a bhaineann le reáchtáil na reifreann  aontachta i gComhaontú Aoine an Chéasta ach tá sé de dhualgas orainn tromlach mór an phobail a thabhairt linn ar an turas más linn na huafáis a chonaic muid mar thoradh ar chríochdheighilt na hÉireann a sheachaint. 

Ní haon iarracht atá anseo an comhaontú a athscríobh; is é an t-aon bhealach é chun an tsíocháin shobhriste atá againn anois a choinneáil agus a neartú. Ní féidir linn ár n-aidhm a bhaint amach ach amháin trí idirphlé cúramach, uilechuimsitheach. 

Braitheann rath gach duine ar an tsíocháin agus an comhoibriú. Ní haon tairbhe é d’aon duine dáta a shocrú ar bhonn comhaireamh seicteach. I ndáiríre ní dhá ghrúpa aonchineálach atá sna sé chontae níos mó. Tá baol tromchúiseach ann go gcothóidh an cur chuige sin níos mó míshocrachta sa phobal ná mar atá faoi láthair. 

Bheadh sé i bhfad níos fearr daoine a thabhairt le chéile chun eolas a chur ar dhearcthaí eile agus ansin idirphlé a dhéanamh ar na ceisteanna móra a bhaineann leis an oileán seo.  Is é sin an chúis gur bhunaigh an Taoiseach an tAonad um Oileán Comhroinnte laistigh dá roinn agus tá maoiniú suntasach curtha ar fáil aige don aonad sin. Ar an gcéad dul síos ní mór do gach pobal an tairbhe a bhaineann leis an gcomhoibriú breise agus le cuspóirí comónta a thuiscint agus a mhothú. 

Is iomaí ceist chasta a bhaineann le hathaontú na hÉireann agus tá gá le díospóireacht stuama a bheidh bunaithe ar an réasún. Táimid faoi chomaoin ag gach duine a d’fhulaing de dheasca an críochdheighilte agus is dual dúinn cuimhneamh ar a n-íobairtí. 

Cén cruth a bheidh ar na struchtúir agus na hinstitiúidí polaitiúla nua? Conas a chinnteoimid go mbeidh rialtas uilechuimsitheach agus freasúra láidir feidhmiúil againn ag an am céanna? Cad iad na luachanna agus na cearta daonna is mian linn a chur sa bhunreacht nua a bheidh ag teastáil mar stát forásach, nua-aimseartha? Teastaíonn idirphlé cuimsitheach cruthaitheach ar na hábhair sin. 

An bhféadfaí Seanad Éireann, le cumhachtaí breise agus córas nua toghcháin, a athlonnú go Béal Feirste, mar shampla? 

Buille mór tubaisteach ab ea críochdheighilt na hÉireann do gach éinne. Fuair daoine bás agus scriosadh beatha dá barr. Séanadh cearta daonna.  Chuir an teorainn bac ar fhás agus forbairt eacnamaíoch an dá dhlínse. Tá an teorainn sin a fhágann go bhfuil dhá dhlínse ar ár n-oileán beag ag éirí níos neamhréasúnaí, go háirithe de dheasca an Bhreatimeachta agus paindéim an choróinvíris. 

Ní hé seo an t-am le bheith ag úsáid ceist na vótaíochta faoin teorainn chun pointí polaitiúla a scóráil nó maslaí a chaitheamh le ceannairí polaitíochta eile. Tá deis luachmhar againn chun Éire Nua a chruthú. Caithfimid éisteacht le gach guth agus gach peirspictíocht sa díospóireacht agus ligean do spás compordach measúil forbairt sula socróimid dáta le haghaidh reifrinn. 

Ba chóir an bealach chun na haontachta a beith bunaithe ar phlé stuama ar na saincheisteanna seachas ar dhátaí deighilteach. I dteannta a chéile amháin a shroichfimid ár gceann scríbe. 

Is Seanadóir de chuid Fhianna Fáil í Lorraine Clifford-Lee

Fág freagra ar 'Tá deis luachmhar againn Éire Nua a chruthú'

  • S. Mac Muirí

    ‘Bhuí bhfuil steand aghaidhdlaoi beidh’ atá ar intinn agaibh anois is léir.
    Bainne circe in adharc muice agus cleite cait á mheascadh.

  • Poraic o'hEipicín

    Éireann saor agus Gealach. Có maith.
    Gealach sgus saor có maith.
    Éireann saor ón ghinmhillte.