AN CHÉAD DÁIL: Tá Dáil Éireann céad bliain d’aois agus ní beag san…

10 gcúis gur ábhar mórtais é gur bunaíodh Dáil Éireann agus go bhfuil sí fós ar an bhfód

AN CHÉAD DÁIL: Tá Dáil Éireann céad bliain d’aois agus ní beag san…

“Tháinig na Teachtaí i gceann a chéile i nÁrus Árd-Mhéara Bhaile Átha Cliath ar a 3.30 iar nóin.”

Is le gnáthchur síos a bhí ar aon dul le cur síos ar ghnáthsheisiún parlaiminte i dtír ar bith a cuireadh tús leis an tuairisc oifigiúil ar an gcéad chruinniú den Dáil ar an 21 Eanáir1919. (Tá an tuairisc ar fáil anseo.)

San óráid a thug Cathal Brugha, a toghadh d’aon ghuth mar Cheann Comhairle, atá na briathra is túisce a thugann le fios go raibh gnó stairiúil ar bun.

Tá an sliocht thuas agus thíos i gcló anseo mar atá sa tuairisc oifigiúil, agus an litriú fágtha mar a bhí. 

“A cháirde,” arsa Cathal Brugha, “tá obair thábhachtach le déanamh annso indiu, an obair is tábhachtaighe do rinneadh in Éirinn ón lá tháinic na Gaedhil go hÉirinn, agus is naomhtha an obair í.”

Ní raibh ach 26 Teachta Dála eile ag éisteacht leis, ainneoin 73 suíochán a bheith buaite ag iarrthóirí Shinn Féin san olltoghchán i 1918 inar toghadh 105 ionadaí Éireannach i bparlaimint Westminster. Níor ghlac aontachtóirí an tuaiscirt le cuireadh a bheith i láthair, bhí 34 Teachta ó Shinn Féin i bpríosún (“fé ghlas ag Gallaibh” mar a dúradh ar rolla na Dála), agus bhí an chuid eile as láthair. 

Mar sin féin, cuireadh síol folláin neamhspleáchais agus daonlathais an lá sin, a cheiliúrfar ag seisiún speisialta Dála a thionólfar i seomra cruinn Theach an Ard-Mhéara inniu. Ainneoin gach ar tharla ó shin (cogadh cathartha, na Trioblóidí ó thuaidh, eisimirce as cuimse, géarchéimeanna airgeadais, bochtaineacht agus fadhbanna sóisialta eile, caimiléireacht, meatacht pholaitiúil srl) is cúis mhórtais é gur bunaíodh Dáil Éireann agus go bhfuil sí fós ar an bhfód, ar iliomad cúiseanna.

Seo deich gcinn.

1.CRÓGACHT

Is le neamhthoil rialtas na Breataine a cuireadh Dáil Éireann ar bun agus cuireadh faoi chois í faoi cheann ocht mí. Is faoi rún a tionóladh cruinnithe ó Mheán Fómhair 1919 go dtí gur chuir sos lámhaigh deireadh le cogadh na saoirse i mí Iúil 1921. Idir an dá linn, cuireadh Teachtaí Dála i bpríosún agus dúnadh oifigí na Dála. Cé go raibh Éire faoi smacht na Breataine ar feadh dhá bhliain go leith tar éis bhunú na Dála, dheimhnigh crógacht agus diongbháilteacht na mbunaitheoirí, chomh maith le feachtas míleata an IRA, gur ag an Dáil a bheadh an svae faoi dheireadh. 

2. SMACHT

Is ar an lá céanna a bunaíodh Dáil Éireann agus a cuireadh tús le Cogadh na Saoirse nuair a maraíodh beirt phóilíní gar don tSulchóid Bheag i gContae Thiobraid Árann. Ní raibh cead ná údarás faighte roimh ré ag comhaltaí an IRA a d’ionsaigh na póilíní, ach b’éigean aghaidh a thabhairt ar an gceist a dhúisigh an t-ionsaí a luaithe is a d’fhág fórsaí na Breataine an chuid is mó den tír i 1922.

Bhí réiteach na ceiste soiléir gan mhoill tar éis bhunú an stáit nua. Is ag an rialtas a thoghtar sa Dáil atá an t-aon údarás fórsa míleata a reáchtáil, agus is de réir a threoracha amháin a ghníomhaíonn an fórsa sin. 

3. AN TUAISCEART

Níor thug an Dáil aghaidh ar feadh i bhfad ar an laige a bhí soiléir ón gcéad lá – is é sin, nach raibh ionadaithe as gach cearn den tír ina láthair, cé go raibh sé soiléir faoi cheann bliana nach mbeadh forlámhas ag an stát nua i dTuaisceart Éireann. Is i gComhaontú Aoine an Chéasta (1998) a thoiligh Teachtaí Dála, agus an pobal a thogh iad, glacadh le prionsabail pholaitiúla a chlúdódh an t-oileán uilig. 

4. FREAGRACHT

Chuir bunaitheoirí na Dála bunphrionsabail dhaonlathacha i bhfeidhm ó thús. Thoghadar Ceann Comhairle a thug cead cainte cothrom do chách (cé go bhfuil srianta curtha ar a údarás ag rialtais éagsúla ó shin i leith). Shocraíodar freisin nach mar fhóram díospóireachta amháin a bheadh an Dáil ag feidhmiú, ach mar ionad ina gcuirfí iachall ar airí rialtais cur síos a dhéanamh ar a ndearna siad agus ceisteanna a bhain lena bhfreagracht mar airí a fhreagairt.

5. FORBAIRT

Ní raibh moltaí go mbeadh bunú rialtais ná dréachtú dlíthe ar chlár oibre Dháil Éireann sa bhforógra a d’fhoilsigh Sinn Féin roimh olltoghchán 1918. Ach rinneadh forbairt ar na prionsabail a cuireadh faoi bhráid an phobail sular tháinig an Dáil le chéile, mar a rinneadh níos deireanaí agus coistí á mbunú chun déileáil le caiteachas agus le sainábhair eile.

6. BUANSEASMHACHT

Is éacht nach beag é gur tháinig an pharlaimint a bunaíodh trí bliana sular bunaíodh an stát slán as gach tubaiste, cogadh agus achrann a tharla ó shin i leith. Ainneoin an brú go léir a chuir corraíl náisiúnta agus idirnáisiúnta ar Dháil Éireann, níor theip uirthi mar a theip ar pharlaimintí a bunaíodh i mórán stát eile a bhain neamhspleáchas amach ó shin. Ní beag san.

7. FULAINGT

Ní foláir cuimhneamh ar na Teachtaí Dála a maraíodh agus bunú na Dála á chomóradh: Mícheál Ó Coileáin (1922), Seán Hales (1922), Kevin O’Higgins (1927), Patrick Reynolds (1932), agus Billy Fox (1974). Is ábhar suntais é gur Éireannaigh a mharaigh iad go léir. 

8. AITHEANTAS

Theip ar an Dáil aidhm a fógraíodh an chéad lá a bhaint amach. Dhiúltaigh an chomhdháil idirnáisiúnta a dhréachtaigh Conradh Síochána Versailles dá h-iarratas cás na hÉireann a chur faoina mbráid. Ach léiríonn an tacaíocht atá á tabhairt d’Éirinn ag ballstáit an Aontais Eorpaigh maidir leis an mBreatimeacht an dul chun cinn a rinneadh ó shin ó thaobh aitheantais idirnáisiúnta de.

9. DÁIRÍREACHT

Is dlúthchuid den daonlathas é aird a thabhairt ar a ndeirtear sna meáin i gcónaí, agus neamhaird a thabhairt orthu uaireanta. Ba léir d’iriseoirí ón iasacht a d’fhreastail ar an gcéad chruinniú den Dáil gur ócáid stairiúil a bhí ann. Ach bhí cur síos de chineál eile san Irish Times, a dúirt: “The thing in one sense was futile and unreal, but in another it conveyed a very grave warning to the Irish People.” Tá an tír agus an nuachtán athraithe go mór ó shin.

10. AGÓID

Nuair a ceiliúradh bunú na Dála i 1969, chruinnigh lucht agóide taobh amuigh de Theach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath chun a mheabhrú dá raibh i láthair nach raibh dóthain á dhéanamh acu chun déileáil le géarchéim tithíochta na linne sin. Ní tearc cúiseanna míshásaimh dá leithéid sa tír in 2019.

Fág freagra ar 'AN CHÉAD DÁIL: Tá Dáil Éireann céad bliain d’aois agus ní beag san…'