‘Tá cuimhní agam a bheas greanta go buan i mo chroí agus mo cheann’ – súil siar ar 2018 le Caitlín Nic Aoidh

Féachann Tuairisc.ie siar ar 2018 leis an láithreoir teilifíse aitheanta ó TG4, Caitlín Nic Aoidh

‘Tá cuimhní agam a bheas greanta go buan i mo chroí agus mo cheann’ – súil siar ar 2018 le Caitlín Nic Aoidh

Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2018?

Bhí sé de phribhléid agam a bheith mar ambasadóir ar Sheachtain na Gaeilge agus a bheith páirteach sa bhfeachtas ‘Tá Gaeilge Agam’ do Bhliain na Gaeilge agus mar ambasadóir na Gaeilge do mo pharóiste féin i gCloich Cheann Fhaola. Tá cuimhní cinn ar dóigh agam ó 2018. Roghnaíodh mé mar phearsa teilifíse na bliana ag Oireachtas na Gaeilge, ní raibh mé ag dréim leis an onóir sin. Chuaigh mé go Beirlín ag déanamh cláir do TG4 le 2000 córchantairí as 30 tír éagsúil. Cuimhní a bheas greanta go buan i mo chroí agus mo cheann go deo.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2018?

Rugadh nia liom ag tús na bliana. Charlie is ainm dó. Bíonn dúil mhillteanach agam dul suas ’na bhaile len é a fheiceáil. Tá sé thart ar mo mhéar bheag!

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2018?

Na daoine go léir atá gan dídean sa tír seo agus méadú ag teacht ar an fhadhb de réir cosúlachta. Bhíodh sé ag tarlú sa phríomhchathair ach tá ag tarlú anois fríd Éirinn uile.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2018?

Glac gach bomaite den lá mar a thagann sé. Bain sult as an lá inniu agus smaoinigh ar an lá amárach nuair a thagann sé. Bain sult as na rudaí beaga sa saol agus leis sin beidh meas agat ar gach aon ní.

Ar éirigh leat cloí le haon rún a bhí agat ag tús na bliana 2018?

Níor éirigh leoga! An t-aon rún atá agam don bhliain atá amach romham ná gan aon rún a bheith agam. Deirtear go dteipeann ar 80% do dhaoine an rún atá acu a choinneáil faoin am go dtagann mí Feabhra. Tá mé féin i measc na staitisticí sin, níl amhras ar bith faoi!

Fág freagra ar '‘Tá cuimhní agam a bheas greanta go buan i mo chroí agus mo cheann’ – súil siar ar 2018 le Caitlín Nic Aoidh'