Nach iontach go deo an spailp thriomaigh í? Níor bhréag ar bith a rá go bhfuil an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Sea agus ag damhsa ar an uisce agus ag dealramh ar na beanna.
Tá an ghrian ag tonnadh teasa orainn agus an talamh ina leac ag an triomach.
Tá chuile rud tirim: chomh tirim le cuarán Ghandhi, le tóin circe a mbeadh nead aici i gcruach fhéir, le seanliathróid leathair, le púdar, le spríos, le corc, le sponc, le snaois, le plúr, le tuí, le gaineamh, le fásach, le seanchnámh, le deannach.
‘Níl ann ach í a iompú’ a chloisfeá lucht móna a rá. Ar éigean ba ghá í a mheandaráil, a ghróigeadh, ná a athghróigeadh.
Mura dtabharfá aire cheart di sceithfeadh sí ar fad ort.
Ní raibh call ar bith i mbliana le gróigíní francacha mar a theastaíodh nuair a thagadh samhradh fliuch. Mar a dúirt an file Veail Bheairtle Uí Dhonnchú, nuair a bhí sé ag obair ar na portaigh fadó ag an Teach Dóite, ‘ag déanamh gróigíní Francacha chomh fliuch leis an aoileach, is gan oiread is caorán istigh ina lár’.
Rud amháin nach bhfaca mé i mbliana beithígh ag rith le fíbín.
Nuair a bhí mise óg ba mhinic na beithígh ag teacht anuas taobh an chnoic ina dtáinrith agus iad as a gcranna cumhachta ag péarslaí.
Cuileog é an péarsla a ndéanann a larbha a bhealach faoi chraiceann an bheithígh agus a fhágann at ina dhiaidh. Go deimhin is minic a chuireann sé poill sa tseithe rud a chiallaíonn go gcuireann sé ó mhaith ar fad é má bhíonn leathar le déanamh as.
Rinne an péarsla scrios ar fud na hEorpa sna seachtóidí go háirithe ach cuireadh feachtais ar bun ansin lena chur de dhroim seoil. Scéim díothaithe péarslaí a tugadh i nGaeilge ar a leithéid de scéim.
Cuireadh púdar na bpéarslaí iontu, mar a déarfadh Tomás Laighléis, an feirmeoir agus an cainteoir cumasach as Mionlach a thug leaganacha breátha cainte do Thomás de Bhaldraithe.
Ag rith le fíbín a bhíodh na beithígh de réir na cainte a bhí againne ach feicim i gcuid de na foclóirí gur ag aoibheall a bhídís. Is deacair sin a thuiscint mar gur le sástacht agus áthas is mó a shamhlófa an focal aoibheall. ‘Cuirfidh a ndearnadar aoibheall agus gliondar ar do chroí,’ a dúirt Micheál Breathnach ina leabhar Seilg i Measc na nAlp.
Tugaim faoi deara gur míniú eile a bhí ar aoibheall sa tSean-Ghaeilge. ‘Heat in cattle’ a bhí ann a dúirt Tomás de Bhaldraithe sa mbailiúchán a rinne sé as an tSean-Ghaeilge . Thuigfeá uaidh sin gur ag rith le dáir a bheadh an bhó, staid ab fhurasta a leigheas ná mí-adh an phéarsla.
Tá neart uachtar reoite á ithe ar an aimsir bhreá. Níl an t-uachtar gréine á choigilt, ‘na mná sínte ar an trá agus na fir is breátha in Éirinn’, mar a dúirt Páraic an Táilliúra Ó Conghaile san amhrán.
Tá neart deochanna boga á n-ól, daoine stiúgtha leis an tart, spalptha, scrúdta.
Goilleann an tart ar an mbeithíoch freisin ar ndóigh. Áirítear gur 2000 galún uisce a thógann sé ar bhó galún bainne a chur ar fáil. Mhairfeadh bó seasca lá gan féar gan fothair. Seacht lá a mhairfeadh sí gan uisce.
Is cosúil gurb iad na huain chaorach is mó a bhaineann sásamh as an ngrian. Bhí seanfhocal ann: báisteach don lao, grian don uan agus gaoth don searrach.
Ar ndóigh d’fheicfeá capaill ina luí ó chluais go heireaball faoin ngréin agus bhí ‘cat ag crú na gréine’ i gcúlghairdín an fhile Seán Ó Ríordáin.
Tá an ghrian in ann sámháin a chur ar dhuine agus, níos measa ná sin, d’fhéadfadh an ghrian tú a bhualadh, béim ghréine mar a thugtar air.
Seachain freisin a dtiocfadh slaghdán ort aimsir bhrothallach. Níl slaghdán ar bith níos meas ná slaghdán teaspaigh, deirtear.
Carraig
Godé saibhreas!Grmma.
Seán Mag Leannáin
“Thuigfeá uaidh sin gur ag rith le dáir a bheadh an bhó, staid ab fhurasta a leigheas ná mí-adh an phéarsla.” Is béarlagair tuaithe í teanga na Gaeltachta a mbainim féin ciall agus sásamh as ach n’fheadar an mbeadh mórán tuisceana air nó gean leis ag duine ó chúlra uirbeach?
Bertie Ó hAinmhire
Is maith liom an colún seo, meas tú an mbíonn fíbín ar dhaoine uaireanta freisin?
Colmán Ó Raghallaigh
Treise leat, a Sheosaimh! Pota óir seanchais ansin uait!
Seán Mag Leannáin
Cuireann Seán Ó Buachalla i gcuimhne dom ar Facebook go bhfuil “béarlagar an Bhéarla bunaithe ar shaol na tuaithe chomh maith céanna in ainneoin gur mó a shamhlaítear leis na bailte/cathracha é. Is iomaí Béarlóir a fuineadh is a fáisceadh i mbaile mór/cathair a déarfadh ‘don’t count your chickens, til the cows come home, pig in a poke, cat out of the bag, dog in the manger, reap what you sow, red flag to a bull’ agus go leor eile. Cuimhnigh nach bhfuil ann ach 150 bliain ar a mhéad ó thosaigh móramh an phobail ag cur fúthu i mbailte/cathracha, fiú sna tíortha is luaithe inar tharla a leithéid (Sasana go háirithe).”
wtf
“Dáir ar fad is ea an áit seo”, bús agus turlabhait agus fuadar mar a mbeadh daoine “ag rith le brothall” ag imeacht le neamh-mheabhair. Teaspach dearg orthu. Faoi mar atá anois sa tonn teasa seo.
Seosamh Ó Cuaig
Maidir leis an méid atá le rá ag Sean Mag Leannáin, tarlaíonn sé uaireanta sa nGaeltacht freisin nach dtuigimíd caint éigin a bhíonn in iris nó sa litríocht. Is é an leigheas a bhíonn againn air beagán taighde a dhéanamh agus a dhéanamh amach céard a bhíonn i gceist. Is dona an lá a bhfágfaí ábhar chomh nádúrtha le dáir a bheith ar bhó as an áireamh ar fhaitíos go gcuirfeadh sé mearbhall ar bhobaide uirbeach eicínt.
Seán Mag Leannáin
Seosamh Ó Cuaig. Aontaím leat. Ba dhona an lá a bhfágfaí iad ar lár.