Tá beagán de Ghaeltacht na hÉireann beo fós – má tá lucht Gaillimh 2020 sásta éisteacht

Deis iontach a d’fhéadfadh a bheith in Gaillimh 2020 leis an nGaeilge agus an ceol Gaelach a cheangal le chéile agus a chur i lár an aonaigh, ach ní maith na comharthaí

Tá beagán de Ghaeltacht na hÉireann beo fós – má tá lucht Gaillimh 2020 sásta éisteacht

Cén bhéim a chuirfear ar an nGaeilge agus ar an gceol Gaelach i nGaillimh faoi cheann dhá bhliain nuair a bheas aitheantas aici mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa? Ceist í sin nár mhór a réiteach láithreach.

Ní thabharfadh ráitis atá déanta le gairid ag triúr Gael mórán dóchais do dhuine. Sin iad Pádraic Breathnach, Liam Ó Maolaodha agus Rita Ann Higgins. Triúr iad a bhfuil a gcroí agus a n-anam sa gcultúr Gaelach.

Tá lorg a láimhe fágtha ag Pádraic Breathnach as paróiste Charna ar chúrsaí ealaíne i nGaillimh le fada. Tá Rita Ann Higgins ar dhuine de na filí is fearr sa tír. Tá Liam Ó Maolaodha ag iarraidh réiteach a dhéanamh i gcomhair Oireachtas 2020 agus gan é ag fáil sásamh ceart ar bith ón dream atá in ainm is a bheith ag eagrú Gaillimh 2020. Deir Rita Ann Higgins go bhfuil greim scornaí faighte ag lucht tráchtála agus ag lucht turasóireachta ar an iarracht agus gurb é a leas féin atá ag déanamh imní dóibh.

Deis iontach a d’fhéadfadh a bheith in Gaillimh 2020 leis an nGaeilge agus an ceol Gaelach a cheangal le chéile agus a chur i lár an aonaigh. Dá mbeadh ceart le fáil bheadh lámh ag na heagraíochtaí Gaeilge sa mbeart sin, ag Údarás na Gaeltachta agus go mór mór, ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Chuile sheans gur i nGaillimh a bheas Fleadh Cheoil na hÉireann in 2020. Ní raibh aon deis níos fearr ariamh ann le tábhacht na Gaeilge agus an cheoil i saol na hÉireann agus i saol an domhain a léiriú. ‘No aspect of Irish music can be fully understood without a deep appreciation of sean–nós singing.’ Sin é a dúirt an píobaire agus an léachtóir Tomás Ó Canainn sa leabhar a scríobh sé dar teideal Traditional Music in Ireland.  Dúirt píobaire eile uair amháin go dtabharfadh sé uaidh a chuid píobaireachta ar fad ar son Gaeilge a bheith ar a thoil aige. B’in é Willie Clancy.

Níl sé i bhfad ar chor ar bith i dtéarmaí staire ó d’imigh an Ghaeilge ó dhúchas as contae an Chláir. Ach mhair an ceol ann. Nach cruthú é sin, a deir tú, go mairfeadh an ceol traidisiúnta dá n-imeodh an Ghaeilge ar fad? B’fhéidir é, ach bheadh an eochair a bhí i gceist ag Tomas Ó Canainn imithe freisin agus ní hé leas an cheoil a thiocfadh as.

Pé ar bith scéal é tá beagán de Ghaeltacht na hÉireann beo fós agus níl áit is láidre í ná siar ó chathair na Gaillimhe. Fiú amháin i bhfoisceacht beagán mílte don chathair tá corrGhaeilgeoir maith fágtha, i Mionlach agus i mBearna.

Is geall le míorúilt é.

Daoine a bheas ar thóir bhunchultúr na hÉireann i nGaillimh in 2020 b’fhiú dóibh sciuird a thabhairt siar Conamara agus amach go hÁrainn. Beidh neart Gaeilge agus greadadh ceoil le cloisteáil acu, sin má eagraítear ócáidí le linn an chomórtha.

Maidir le damhsa ar an sean-nós i neart atá sé ag dul. Níl ort ach breathnú ar an gclár Steip a bhíonn ar TG4 aimsir an Oireachtais. Is liosta le lua na damhsóirí breátha croíúla atá i nGaeltacht Chonamara anois. Ar ndóigh tá corr-útamálaí ann freisin. B’fhearr do na cuairteoirí cultúir a bheith ag breathnú ar chaora a mbeadh buaithrín (buarach) uirthi ná a bheith ag súil le damhsa óna leithéidí siúd.

Dúradh leis an veidhleadóir cumasach Martin Hayes uair amháin go sílfeá nach mbíonn cuid de na damhsóirí basacha seo ag éisteacht leis an gceol ar chor ar bith. ‘Ah, sure,’ a dúirt Martin ‘some of them would dance it better with no music at all.’ Ní mar sin do na damhsóirí maithe: is beag nach bhfeicfeá an ceol ag dul ó mhullach a gcinn go dtí bonnacha a gcos.

Bhí Michael Flatley ar an Late Late Show ag Gay Byrne oíche amháin. Ag trácht ar Riverdance a bhí siad. Bhí damhsóirí maithe as Conamara ar an gclár. ‘What did you think of that?’ a d’fhiafraigh Gay Byrne nuair a dhamhsaigh duine acu céipear. ‘That’s where it all began,’ a dúirt Michael Flatley.

An Ghaeilge, an ceol traidisiúnta agus ‘Riverdance’. Murar féidir feachtas breá idirnáisiúnta poiblíochta a bhunú ar an méid sin is bocht an scéal é.

Fág freagra ar 'Tá beagán de Ghaeltacht na hÉireann beo fós – má tá lucht Gaillimh 2020 sásta éisteacht'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    I gcead do mo chara, Seosamh, níl an alt seo faireáilte. Tá sé sa bhfaisean faoi láthair a bheith ag caitheamh anuas sna meáin ar Ghaillimh 2020. Bímse ag déileál leo, ar son Cumann Forbartha Chois Fharraige, atá mar cheann eagraíocht ar an tionscadail ‘Lóchrann Chonamara 2019’, a bheas ar bun ar an dTeach Dóite Oíche Shin Sheáin 2019. Ní bhfuair mé an tuairim ariamh uathu go bhfuil droch mheas acu ar an nGaeilge ná ar an nGaeltacht ná ar an gceol Gaelach.

    Le bheith faireáilte dóibh, nuair a d’iarr Cumann Forbartha Chois Fharraige orthu tíocht amach go Conamara agus ‘Bailte Beaga-Smaointe Móra’ a mhíniú do eagraíochtaí pobail agus do ealaíontóirí Gaeltachta, rinne siad é sin go fonnmhar agus is i nGaeilge a reachtáladh an cruinniú, le aistriúchán curtha ar fáil acu féin do Chris Baldwin as Gaillimh 2020 nach raibh Gaeilge aige.

    Cinnte tá ceisteanna le freagairt faoi Gaillimh 2020, ach ceapaim go mba cheart seans a thabhairt don dhream atá ag obair ann an bád a chur ar ais ar an gcúrsa, seachas a bheith á gciceáil go poiblí, mar atá ag tarlú faoi láthair.

  • Mairéad

    Nach cuma leis an Ghaeilgeoir stuama go mbeidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl le linn Gaillimh 2020. Is droch smaoineamh ar fad é an ceol tíre tradisiúnta “Gaelach” (mar dhea) agus an Ghaeilge a cheangal le chéile ag Galway 2020. Bí ag caint ar geiteo. Cén baint atá ag an ceol tíre tradisiúnta leis an Ghaeilge a chur chun cinn? Nach i mBéarla a bhíonn an Fhleadh Cheoil Náisiúnta á reachtáil. Nach mar gheall ar an gceol tíre tradisiúnta “Gaelach”, mar a dhea, agus an damhsa tíre tradisiúnta “Gaelach” go mbíonn Béarla á bhrú orainn ag Oireachtas na Gaeilge chuile bhliain.
    Caithfidh an Ghaeilge aghaidh a thabhairt ar an saol nua gan slabhra an cheoil tíre tradisiúnta a bheith i gcónaí “ceangailte” timpeall ar a muinéil.