‘Tá an teicneolaíocht ann Corn Uí Riada a reáchtáil, ach ní bheadh sé inchurtha le blianta eile’ – Stiúrthóir an Oireachtais

Deir Oireachtas na Gaeilge gurbh éigean mórfhéile na nGael a chur ar ceal i mbliana toisc nach bhféadfaí an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm le linn na féile

‘Tá an teicneolaíocht ann Corn Uí Riada a reáchtáil, ach ní bheadh sé inchurtha le blianta eile’ – Stiúrthóir an Oireachtais

Deir Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge nach raibh aon rogha eile ann ach Oireachtas na Gaeilge a chur ar ceal toisc nach bhféadfaí an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm le linn na féile.

Dheimhnigh Liam Ó Maolaodha chomh maith nach mbeadh mórchomórtas an tsean-nóis, Corn Uí Riada, nó aon cheann de na comórtais eile á reáchtáil gan lucht féachana nó le lucht féachana laghdaithe i mbliana.

Tá sé i gceist ag lucht stiúrtha an Oireachtais roinnt ábhair a chraoladh ar líne, ar theilifís agus ar raidió aimsir an Oireachtais, ach ní bheidh na comórtais i measc na n-imeachtaí sin.

“Gné thábhachtach den chomórtas é a bheith ag canadh agus ag damhsa os comhair lucht féachana. Ó thaobh na teicneolaíochta d’fhéadfaí na comórtais á reáchtáil ach ní bheadh sé inchurtha le blianta é,” arsa Liam Ó Maolaodha.

Bhí Oireachtas na Gaeilge in ainm is a bheith ar siúl mar chuid de Ghaillimh 2020, ach fógraíodh maidin inné nach mbeidh an fhéile a mbíonn na mílte Gael ag freastal uirthi gach bliain ar siúl i mbliana de dheasca na paindéime Covid-19.

Cé go ndúirt an eagraíocht cheana go raibh go dtí an chéad lá de mhí Lúnasa ar a dhéanaí acu cinneadh a dhéanamh faoina raibh i ndán don fhéile, dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, le Tuairisc.ie gur tógadh an cinneadh an tseachtain seo mar gur léir nach raibh “mórán athrú” tagtha ar na srianta atá i bhfeidhm mar gheall ar an choróinvíreas.

“Tá an scaradh sóisialta go háirithe, bíodh méadar amháin nó dhá mhéadar i gceist, ar an bpríomhdhúshlán a bheadh againn. Is cineál rud é nárbh fhéidir a chur i bhfeidhm ag ócáid ar nós Oireachtas na Samhna.

“Tá na féilte eile ar fud na tíre, ina measc an Electric Picnic, Fleadh Cheoil na hÉireann agus an Fhéile Treabhdóireachta, uilig curtha ar ceal,” a dúirt Ó Maolaodha.

Dúirt Liam Ó Maolaodha nach mbeadh “aon bhealach” ann a bhféadfaí féile an Oireachtais a reáchtáil i mbliana.

“Tar éis chuile rud a mheá agus a thomhais, agus staidéar a dhéanamh ar chomhairle an rialtais, níl aon bhealach gurb fhéidir linn an tOireachtas, mar a thuigeann muid é, a reáchtáil agus slua mór daoine a tharraingt le chéile.”

Dúirt sé nach raibh “aon chinnteacht” ann ach oiread go dtiocfadh daoine chuig an fhéile i mbliana agus fiú dá dtiocfadh nach mbeadh ar a gcumas an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm.

Dúirt Stiúrthóir an Oireachtais gur pléadh roghanna eile maidir le reáchtáil na féile, ina measc an fhéile a chur siar go dtí mí Feabhra na bliana seo chugainn, ach go raibh an iomarca deacrachtaí ag baint leis sin.

“Faraor, tá an éiginnteacht chéanna ag baint le tús na bliana seo chugainn. D’éireodh sé an-chasta ar fad ó thaobh tacaíocht stáit agus urraíochta dhá fhéile a reáchtáil in aon bhliain amháin. Bheadh deacrachtaí ag baint leis na comórtais chomh maith: an mbeadh dhá bhuaiteoir Chorn Uí Riada ann?

“Ag deireadh thiar, bheartaigh muid gur fearr an fhéile chur ar ceal agus díriú ar Oireachtas 2021,” a dúirt sé.

Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne in 2021 agus in 2022 “mar a bhí socraithe” agus tá aontaithe “i bprionsabal” ag Oireachtas na Gaeilge le Comhairle Cathrach na Gaillimhe go mbeidh féile 2023 á reáchtáil i nGaillimh.

Dúirt Liam Ó Maolaodha nach bhféadfaí an fhéile a reáchtáil i nGaillimh seachas i gCill Airne an bhliain seo chugainn mar go raibh sé aontaithe cheana gur i gCiarraí a bheadh seo.

Tá ceolchoirmeacha eile beartaithe i mí na Samhna do cheann de na príomhionaid a bhí le bheith ag Oireachtas na bliana seo, Leisureland i mBóthar na Trá, agus deir Ó Maolaodha go bhféadfaí b’fhéidir “gné amháin” den fhéile a reáchtáil ansin.

Ach ní bheadh ansin ach sop in áit na scuaibe agus níorbh ionann é agus Féile Oireachtas na Samhna a reáchtáil, dar leis.

Tá amhras ann i gcónaí chomh maith faoi imeachtaí eile de chuid an Oireachtais atá curtha “ar an méar fhada” de bharr na paindéime. I measc na n-imeachtaí sin, tá Féastaí Sráide agus #Parkrunabú.

Tá sé i gceist go leanfar le reáchtáil imeachtaí eile de chuid an Oireachtais, Comórtais Liteartha an Oireachtais, Oíche Chultúir, na Gradaim Foilsitheoireachta agus na Gradaim Chumarsáide.

Fág freagra ar '‘Tá an teicneolaíocht ann Corn Uí Riada a reáchtáil, ach ní bheadh sé inchurtha le blianta eile’ – Stiúrthóir an Oireachtais'