Tá an Ghaeilge lán leaganacha cainte deasa áitiúla, ach ní oireann siad do chuile dhuine

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ná cuirimis ‘An ndeachaigh tú go dtí na Cealla Beaga aréir?’ i mbéal an bhundúchasaigh Yanomami

Tá an Ghaeilge lán leaganacha cainte deasa áitiúla, ach ní oireann siad do chuile dhuine

Fadó, fadó nuair a bhí mé ag foghlaim Gaeilge ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus mé i mo stócach, dúirt an múinteoir linn, agus eachtraí leapan á bplé sa seomra ranga, go raibh sofhriotal spéisiúil ag iascairí Árann (na Gaillimhe) ar bhabhta craicinn.

Bhí an bhrí chéanna, dar leis an múinteoir, ag na habairtí ‘an ndeachaigh tú go dtí na Cealla Beaga aréir?’ agus  ‘an bhfuair tú do chuid aréir?’ (Sna seanlaethanta b’ionann cuairt ar na Cealla Beaga do mhuintir Árann, ba chosúil, agus cuairt ar Vegas – ‘a dtarlaíonn sna Cealla Beaga, ba cheart go bhfanfadh sé sna Cealla Beaga’, an cineál sin ruda.)

Tá an Ghaeilge lán leaganacha cainte deasa áitiúla, ach ní oireann siad do chaint chuile dhuine agus ní mór do scríbhneoir cuimhneamh air sin agus é i mbun pinn.

Samhlaigh, mar shampla, go scríobhfainnse scéal (nó go deimhin alt nuachta) i nGaeilge a bheadh lonnaithe i gceantar na hAmasóine agus go gcuirfinn an frása ‘an ndeachaigh tú go dtí na Cealla Beaga aréir?’ i mbéal duine de threibh na Yanomami.

Sampla áiféiseach, tá a fhios agam, ach tá cuid de na leaganacha cainte Gaeilge nach mbainfinn úsáid astu go deo agus téacs á scríobh agam a bheadh lonnaithe thar lear i bhfad Éireann níos coitianta ná mar a shílfeá.

Go deimhin, tá an frása ‘i bhfad Éireann’ féin ar bharr an liosta. Is furasta a shleamhnaíonn an leagan cainte deas dúchasach sin isteach in abairtí i ngan fhios duit agus tú i mbun pinn. Ní thabharfá suntas ar bith dó i dtéacs a bheadh lonnaithe in Éirinn, ach bhainfeadh sé siar asam, mar léitheoir, i dtéacs a bheadh lonnaithe in áit ar bith eile ar domhan.

Samhlaigh alt nuachta i nGaeilge ina gcuirfí an abairt seo i mbéal Joe Biden: ‘Bhí súil agam le bua i bhfad Éireann níos mó.’ Níl Joe Biden in Éirinn, níl baint lena bhfuil le rá aige le hÉirinn, agus dar liom go gcuirfeadh an mearbhall tíreolaíochta a chuirfí ar an léitheoir, dá laghad é, as don eispéireas léitheoireachta.

Ní chuirfinn na frásaí ‘ag an saol Fódlach’ agus ‘leis na cianta Cairbreacha’ i mbéal daoine nach Éireannaigh iad ach oiread, toisc nach mbainfidís le fráma tagartha pé duine a bheadh i mbun cainte.

Cás ar leith is ea ‘curtha soir’.

Mura bhfuil dul amú orm, sofhriotal a bhíodh ag muintir Chonamara tráth ar theach na ngealt a bhí lonnaithe i mBéal Átha na Sluaighe – ‘soir’ as Conamara – ba bhunús leis an leagan cainte sin. Ach níl Béal Átha na Sluaighe ‘soir’ as chuile áit sa tír, agus tagann mearbhall tíreolaíoch míthaitneamhach ormsa, pé scéal é, aon uair a chloisim an frása seo ó bhéal cainteora as Baile Átha Cliath, nó go deimhin ó bhéal cainteora as Conamara a bheadh lastoir de Bhéal Átha na Sluaighe agus é i mbun cainte.

Cén áit atá i gceist aige, meas tú, a bhím ag fiafraí díom féin. Grinneall Mhuir Éireann? Sasana? An Mhór-Roinn?

Ach duine mise, ar ndóigh, a fhaigheann locht ar chuile shórt agus a mbíonn léamh litriúil aige ar chuile fhocal (nach in é mo phost?). D’fhéadfadh sé gur sampla é ‘curtha soir’ de leagan cainte áitiúil atá éirithe chomh coitianta sin i nGaeilge an lae inniu ar bhonn náisiúnta go gcaithfear glacadh leis beag beann ar an áit a mbeadh an duine a bhainfeadh úsáid as lonnaithe.

Fág freagra ar 'Tá an Ghaeilge lán leaganacha cainte deasa áitiúla, ach ní oireann siad do chuile dhuine'

  • Seosamh Ó Cuaig

    “Tá mé a cheapadh gur fear é atá ag fáil a chuid broomielaw, ” a chuala mé fear as an bparóiste seo a rá. Fear a bhí sa gcainteoir a chaith seal ag obair sa longcheárta i gClyde Bank in Albain. Nuair a chuir mé ceist faoin ráiteas thall dúradh liom gur ceantar i nGlaschú é Broomielaw, go bhfuil calafort in aice láimhe agus go mbíodh striapaigh go fairsing ann.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Idir taisteal agus módhanna cumarsáide an lae inniu, bíonn teangacha ag bogadh ó áit go háit, an Ghaeilge san áireamh. Agus is minic go mbíonn nathanna caite áirithe in áit amháin as comhthéacs in áit eile. Mar shampla ní oireadh “An ghaoth aduaidh bíonn sí cruaidh … An ghaoth aneas bíonn sí tais” do dhuine sa leathsféar theas, Alex féin san áireamh.

  • G. De Buitléir

    Bhuel, d’fhéadfá dul soir go Béal Átha na Sluaighe ó Bhaile Átha Cliath… bheadh an turas timpeall an domhain i bhfad níos faide ná an turas siar go dtí an áit céanna…