‘Tá an Ghaeilge ‘cool’ agus tá athbheochan ag tarlú ar fud na tíre’ – Aire Stáit na Gaeltachta

Deir Patrick O’Donovan go bhfuil ‘an taoide ag casadh’ maidir leis an Ghaeilge, cé go léiríonn figiúirí daonáirimh a mhalairt

‘Tá an Ghaeilge ‘cool’ agus tá athbheochan ag tarlú ar fud na tíre’ – Aire Stáit na Gaeltachta

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil sé “cool” a bheith ag labhairt na Gaeilge agus go bhfuil “athbheochan” teanga ag tarlú ar fud na tíre.

Cé gur cúis “imní” dó féin agus do “gach Aire Gaeltachta a tháinig roimhe”, an titim leanúnach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht, deir an tAire Stáit Patrick O’Donovan go bhfuil sé “dóchasach” faoi chás na teanga.

In agallamh a craoladh ar an chlár cúrsaí reatha 7Lá aréir, dúirt O’Donovan go raibh “an taoide ag casadh” maidir leis an Ghaeilge, cé go léiríonn figiúirí daonáirimh a mhalairt.

“Níl aon amhras ann ach tá imní ar gach Aire Gaeltachta… [le] blianta anuas ach mise, táim dóchasach, mar b’fhéidir go bhfuil an taoide chun casadh faoi láthair. Tá sé cool a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt agus úsáid a bhaint as an Ghaeilge.

“Féach ar an méid daoine go bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh nó i gcathair Luimnigh, atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus atá ag baint úsáid as an Ghaeilge sa bhaile.”

Thagair O’Donovan chomh maith don líon daoine lasmuigh den Ghaeltacht a bhíonn ag breathnú ar chláracha teilifíse Gaeilge, comhartha eile, dar leis, go bhfuil “sórt athbheochan” ag tarlú “timpeall na tíre – tuaisceart agus deisceart”.

Labhair O’Donovan chomh maith faoin “imní” atá air faoin líon ard díolúintí ón Ghaeilge atá á mbronnadh ar dhaltaí sa chóras oideachais.

“Tá imní orm, níl aon dabht orm faoi sin. Ní hamháin mar Aire Stáit na Gaeilge agus na Gaeltachta ach mar thuismitheoir agus mar mhúinteoir freisin,” a dúirt sé.

Dúirt O’Donovan go raibh sé ag lorg cruinniú leis an Aire Oideachais Norma Foley faoin cheist.

Maidir le toghchán Údarás na Gaeltachta, ní fhéadfadh sé a dhearbhú go mbeadh sé á reáchtáil i mí an Mheithimh mar a bhí beartaithe ag an Rialtas.

Dúirt sé chomh maith go raibh fadhbanna leis an mbille a bhain le cothromaíocht tíreolaíochta agus inscne, fadhbanna nach raibh aon “réiteach” go fóill orthu.

Dúirt O’Donovan gur cinneadh do thriúr ceannairí an Rialtais a bheadh ann an mbeadh an toghchán ar siúl an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha.

Níl an bille chun toghchán bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais i measc an 24 píosa reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú i mbliana.

Ag labhairt dó faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, dúirt O’Donovan gur cheart tuilleadh suíomhanna a aimsiú le tithe inacmhainne a thógáil sa Ghaeltacht.

Dúirt O’Donovan go raibh sé “an-dóchasach” go bhféadfaí tuilleadh talaimh de chuid an Údaráis a úsáid le “tacaíocht a thabhairt do na ceantair Ghaeltachta agus do na clanna Gaeltachta” ar mian leo cónaí sa Ghaeltacht.

Maidir le tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge, dheimhnigh an tAire Stáit arís nach mbeadh scéim labhairt na Gaeilge á tabhairt ar ais, scéim faoina n-íoctaí €260 le teaghlaigh Ghaeltachta a raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí.

Beidh scéim nua ann a thabharfaidh “cabhair phraiticiúil” do thuismitheoirí agus teaghlaigh a dúirt sé ach ní bheidh sí “cosúil leis an scéim a bhí ann cheana”.

Fág freagra ar '‘Tá an Ghaeilge ‘cool’ agus tá athbheochan ag tarlú ar fud na tíre’ – Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Éilis

    Thar am díriú ar thaoide na ndíolúintí agus ar na daoine ag barr an chórais is cúis leis an bpraiseach. Má mheasann siad go bhfuil sé inghlactha beag agus fiú a dhéanamh do theanga náisiúnta na tíre seo, tá dul amú orthu. An bhfuil dreamanna atá ag saothrú a bpáigh i ngort na Gaeilge laistiar den díobháil seo ar theanga ársa na tíre? Má tá, thar am go nochtaítear seo!

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Cén domhan a bhfuil an fear seo ina chónaí air?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Do bharúil nuair a bhíonn tú i d’Aire/d’Aire Stáit Gaeltachta agus Gaeilge an bhfuil dualgas ort an ghaeilg a chuir chun cinn i do shaol? Sé sin i do shaol pearsanta agus do shaol oibre/polaitiúil. An mbeidh an duine seo O’Donovan ag déanamh teagmháil leis an Aire Oideachais Norma Foley tré mheán na gaeilge mar shampla? Nach mbeadh seo ina chuidiú leis an ‘athbheochan ar fud na tíre’?
    Nach bhfuil sé de nós ag airí/airí stáit gaeltachta a ngnóithe a dhéanamh tré bhéarla leis an stáit? Nár cheart daofa dea-shampla a thabhairt don chosmhuintir agus an ghaeilg a chuir chun cinn sa saol polaitíochta tré í a úsáid mar theanga cumarsaide leis na ranna rialtais eile agus i ngach gné den saol oibre/polaitíochta agus pearsanta s’acu?

    Dála an scéil, tá níos mó cainteoirí laethiúla polainnise agus úcráinise sa tír bheag seo anois ná mar atá de chainteoirí dúchais gaeilge. Scáfar.

  • CCc

    “dheimhnigh an tAire Stáit arís nach mbeadh scéim labhairt na Gaeilge á tabhairt ar ais”

    Níl siad dáiríre mar sin. Ní chuireann sin aon iontas orm.

    Thar 50% de na tithe sna Gaeltachtaí ina dtithe saoire chomh maith. Léiríonn an léann nach féidir le teanga maireachtáil gan dlús daonra (a labhraíonn an teanga sin mar chéad teanga) in áit tíreolaíochta, ach is cuma leis an Rialtas fé sin chomh maith. Searbhóntaí don ‘margadh saor’ atá iontu, sin an méid.

  • Sibéal

    Seas in aon chlós meánscoile sa Ghaeltacht agus is Béarla atá á labhairt ag fu. .rmhór na scolàirí. Sin COOL a Aire.