‘Tá an dlí á shárú acu agus ní dea-shampla é sin’ – Coimisinéir na nGardaí le ceistiú faoin nGaeilge

Deir baill den Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go bhfuil sé in am ag an nGarda Síochána míniú a thabhairt cén fáth go bhfuil teipthe orthu a ndualgas teanga a chomhlíonadh

‘Tá an dlí á shárú acu agus ní dea-shampla é sin’ – Coimisinéir na nGardaí le ceistiú faoin nGaeilge

Ceisteofar Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo faoi thuarascáil ina ndeirtear go bhfuil sárú á dhéanamh ag na Gardaí ar an dlí teanga.

Beidh Harris os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais amárach.

Tugadh cuireadh don Choimisinéir teacht os comhair an choiste chun ceisteanna a fhreagairt faoi theip an fhórsa cloí leis an reachtaíocht i dtaobh seirbhísí Gaeilge.

Baineann an sárú leis an dualgas atá ar an nGarda Síochána dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht.

Chuir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais an mhí seo caite mar nár chuir an Garda Síochána i bhfeidhm riamh moltaí a bhí in imscrúdú a rinneadh deich mbliana ó shin, in 2011.

Deir baill den Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go bhfuil sé in am ag an nGarda Síochána míniú a thabhairt ar cén fáth go bhfuil teipthe orthu a ndualgas teanga a chomhlíonadh.

“Caithfear [an Coimisinéir Harris] a cheistiú faoi na hiarrachtaí atá ar siúl acu, má tá aon rud ar siúl acu, agus cathain a bheidh aon torthaí le feiceáil,” arsa an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Aindrias Ó Muimhneacháin. “Tá sé seo ag imeacht ar aghaidh i bhfad rófhada anois.”

Is í an tuarascáil chuig Tithe an Oireachtais an beart deireanach a d’fhéadfadh an Coimisinéir Teanga a dhéanamh chun a chur ina luí ar an nGarda Síochána a ndualgas a chomhlíonadh.

Dúirt an Coimisinéir ag an am go raibh “an easpa gnímh soiléir” sna geallúintí is déanaí a fuair sé ón nGarda Síochána i leith an scéil.

“Nuair a fheiceann tú go bhfuil an Coimisinéir Teanga ag seoladh tuarascáil chuig Tithe an Oireachtais, ní tharlaíonn sin rómhinic in aon chor,” arsa Ó Muimhneacháin.

“Léiríonn sé an tslí go bhfuil sé siúd tar éis an-chuid iarrachtaí a dhéanamh dul i ngleic leis na Gardaí mar gheall air seo ach nach mbraitheann sé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh.”

Léirigh anailís Tuairisc.ie mí na Nollag nach raibh Gaeilge ach ag an tríú cuid de Ghardaí na Gaeltachta. Léiríonn na figiúirí, atá bunaithe ar áireamh a rinneadh i Meán Fómhair 2020, go bhfuil Gaeilge ag 35 den 101 Garda atá lonnaithe i 21 stáisiún Gardaí sa Ghaeltacht.

Deir Ó Muimhneacháin go bhfuil sé i gceist aige ceisteanna a chur ar Drew Harris maidir leis an bhfadhb seo agus céard iad na hiarrachtaí atá ar bun chun í a réiteach.

“Caithfear fáil amach uaidh cad é go díreach atá in aigne aige, canathaobh an mhoill, cad a bhí ar siúl ar feadh na mblianta agus cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh anois chun a chinntiú go mbeidh daoine ar fáil chun postanna i mBaile Bhuirne agus in áiteanna eile a líonadh.”

Chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly fáilte roimh an deis an Coimisinéir Harris a cheistiú. Dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach fáil amach cén fáth gur bhraith an Coimisinéir Teanga go raibh air céim “shuntasach” a ghlacadh agus an tuarascáil a chur faoi bhráid an Oireachtais.

“Uimhir a haon, cén chaoi gur tháinig sé go dtí an pointe seo go raibh ar an gCoimisinéir Teanga rud chomh neamhghnách sin a dhéanamh agus an tuarascáil a leagan os comhair Thithe an Oireachtais.

“Uimhir a dó, cad é an dul chun cinn anois? An bhfuil na moltaí fós dúshlánach nó cad é an spriocam chun na moltaí a chomhlíonadh,” arsa Connolly.

“Tá an dlí á shárú acu agus ní dea-shampla é sin. Tá Acht an Gharda Síochána 2005 sáraithe acu. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla sáraithe acu. Is rud tromchúiseach é.”

Fág freagra ar '‘Tá an dlí á shárú acu agus ní dea-shampla é sin’ – Coimisinéir na nGardaí le ceistiú faoin nGaeilge'

  • Séamas Mac Coitir

    Ba mhaith liom a rá gurb é príomhchuspóir An Gharda Síochána ná coireanna a chosc agus a bhrath, beatha an duine agus maoin a chaomhnú agus feachaint chuige go mbuanchoimeátar an tsíocháin phoiblí agus dea-ord.

    Is cosúil go bhfuil sé ionann is dodhéanta teacht ar ábhar gardaí go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Tá an locht go huile is go hiomlán, dar liomsa, ar an gcóras oideachais.

    Tá céimeanna ollscoile nó dioplómaí tríú leibheál ag na gardaí uile faoi oiliúint sa lá atá inniu ann. Tá an Ghaeilge in áit n leithphingine, agus is ar éigean Dé a bheadh ceachtar acu i ngach cás in ann comhrá leanúnach a choinneáil suas ar feadh dhá nóiméad.

    Is léir go bhfuil an Ghaeilge ag dul le fána ó dúnadh na coláistí ullmhúcháin. B’fhearr an scoil ba mheasa an uair sin maidir le múineadh na Gaeilge ná an scoil is fearr atá anois ann. Beatha teanga í a labhairt – buanú teanga í a scríobh!

    Dáiríre, ní theastaíonn ó ghardaí óga dul ar aistriú go dtí na ceantair ghaelteachta. Tá siad uaillmhianach, ní fheictear dóibh go mbeadh forás ar bith i ndán dóibh ann agus go mbeadh siad sáinnithe ann go bhfásfadh coincleach orthu!

    Tá aos óg na ngaeltachtaí ar a mine géire ag foghlaim Béarla le blianta. Dá bhrí sin, luíonn sé le réasún go bhfuil orthu tosaíocht a thabhairt don Bhéarla, mar gan é, ní féidir dul chun cinn a dhéanamh sa saol.

    Tá na gairmeacha léannta agus neamhléannta ar fad beag beag beann ar an nGaeilge, fiú amháin iad siúd atá ag plé go díreach le muintir na Gaeltachta. Is leor nod don eolach!

    Mar bhuille scoir, níl fágtha anois ach “cúinne an ghiorria” de na ceantair ghaeltachta! Dá laghad é, tá sé á chrapadh agus á chreimeadh ó lá go lá. Sin é mo scéalsa go dtí seo.