Suíochán arís ag bean Ghaeltachta i bParlaimint Stáit Maine

Sampla iontach de mhiotal an imirceora is ea saol Margaret Craven as Carna a toghadh arís chun Seanad stáit i dtoghcháin lár téarma Stáit Aontaithe Mheiriceá

Suíochán arís ag bean Ghaeltachta i bParlaimint Stáit Maine

‘Senator Margaret Craven?’ Bhí freagra agam ar an teileafón faoi cheann soicind, freagra fuinniúil fuaimneach. Tá lorg Mheiriceá go láidir ar a cuid cainte anois. Ina dhiaidh sin féin, tá 61 bliain caite aici sna Stáit agus istigh i lár stát Maine atá cónaí uirthi; ní chasann sí le mórán Éireannach. ‘Yes, this is Senator Craven.’ Bhí mé ar mo mhíle dícheall ag iarraidh sórt canúint Mheiriceánach a chur orm féin ar an teileafón agus mé ag rá: ‘We are Republicans.

We wanted to talk about co-operation with us, or you possibly joining us?’ D’airigh mé an teannas ag preabadh as an teileafón: ‘Are you kidding? I have my Democratic principles and I will leave it at that. Good afternoon to you.’ Bhí an teileafón ag dul síos go tobann. ‘But, but…,’ arsa mé féin, ‘we are Irish republicans.’

Scairt mhór gháirí ar an taobh eile. ‘A, a scaibhtéara, is mór is fiú dhuit gurb ea. Cá bhfuil tú anois?’

Bhí grúpa againn ar an mbóthar ag gabháil i dtreo Lewiston, cathair atá mórán ar cóimhéid le Gaillimh istigh i lár stát Maine. Achar beag ón gcathair sin a chónaíonn Margaret Craven.

Ar ndóigh, ní shin é an t-ainm a bheadh againne uirthi. Dúinne seo í Margaret Ní Chonghaile nó Mairéad Mhattie Sheáinín. I Leitir Ard i bpobal Charna i gConamara a rugadh agus a tógadh í. Ní dheachaigh sí thar an scoil náisiúnta i nGlinsce, scoil a bhí cúpla míle siúil uaithi ina girseach.

Seacht mbliana déag a bhí sí nuair a chuaigh sí go Meiriceá – nó nuair a ‘cuireadh’ go Meiriceá í, mar a déarfadh sí féin. Shíl a hathair agus a máthair go mba é sin an cúrsa ceart ciallmhar é. Cé a bheadh ag fanacht in iarthar Chonamara i dtús na 1960idí?

Toghadh Margaret Craven – Mairéad Mhattie Sheáinín – ina feisire parlaiminte i rialtas Stát Maine i Meiriceá an tseachtain seo. Seo é an seachtú toghchán buaite aice ó thosaigh sí amach sa bpolaitíocht i Maine scór blianta ó shin. Chaill sí ceithre bliana ó shin mar gur éirigh sí as an bpolaitíocht idir 2014 agus 2018 le haire thabhairt dá fear céile, Jim Craven, a bhí ag éagaoineadh san am sin. Go ndéana Dia grásta air.

Chuile sheans gurb í Margaret an t-aon duine a rugadh in Éirinn atá gníomhach i bParlaimint Stáit i Meiriceá. Tá eolas uirthi go forleathan sa bPáirtí Daonlathach agus tugadh go Washington in aon turas í roinnt blianta ó shin mar cheannasaí ar léirsiú mór in aghaidh dlíthe a bhí ar na bacáin sa gCúirt Uachtarach.

Cloíonn Margaret go fíorláidir leis an bPáirtí Daonlathach. Ar éigean go bhfuil Daonlathach chomh dílis agus chomh neamhghéilliúil léi i Meiriceá.

Creideann sí gur i bhfealsúnacht na nDaonlathach atá an léargas is fearr sna Státaí ar na bealaí saoil agus comharsanachta a thug sí léi ón teallach san áit inar rugadh agus tógadh í. Bhí, agus tá fós, teach na gConghaileach i bhfoisceacht dhá mheandar do Chuan na Beirtrí Buí in iarthar Chonamara.

‘Roinn tú pé ar bith rud a bhí agat le daoine eile; anonn agus anall, bhí muid ag brath ar a chéile. Dúradh leat mar ghirseach go raibh dualgas ort lámh chúnta a thabhairt do dhaoine a raibh ganntan nó trioblóid ar bith ag goilliúint orthu.’

Chríochnaigh sí a cuid scolaíochta sa séú rang i Scoil Náisiúnta Ghlinsce. Dúnadh an scoil scaitheamh maith ó shin mar is beag gasúr a bhí fanta. Bhí Mairéad gafa ar an imirce faoin am sin. Insíonn sí féin an scéal. ‘Bhí samhradh caite agam ag obair in óstán in Uachtar Ard. Nuair a tháinig mé abhaile, bhí mo chuid páipéar agus dintiúirí réitithe. Dúradh liom go mbeinn ag dul go Meiriceá!’

Bhí deirfiúr agus daoine muinteartha aici thall. ‘Rinne mé mar a dúradh liom; seacht mbliana déag a bhí mé.’

D’oibrigh sí i dtithe agus i mbialanna sna Stáit. Phós sí Gael-Mheiriceánach, Jim Craven. Chuadar chun cónaithe go stát dúchais Jim, Maine. Ansin, théis a cuid oibre, thugadh sí lámh chúnta do dhaoine ar theastaigh sin uathu. Sin le cois breathnú amach dá beirt mhac. Agus glacadh léi in Ollscoil Southern Maine, áit ar bhain sí céimeanna agus máistreacht amach. Mheall na Daonlathaigh isteach sa bPáirtí í ceathrú céid ó shin. Toghadh í ina Feisire Stáit in 2002 agus ina Seanadóir Stáit in 2008. Sheas sí go leataobh ón bpolaitíocht in 2014 nuair a bhí Jim buailte ag tinneas agus d’fhan sí sa mbaile ag tabhairt aire dó.

Ní leagann Margaret fiacail air agus í ag trácht ar an drochmheas atá aici ar pholasaithe na bPoblachtánach. Go deimhin féin ní minic a leagann sí fiacail ar a cuid tuairimí. Tá an meascán den chion agus den diúltachas aici dá tír féin, meascán a bhíonn le tabhairt faoi deara scaití i measc imirceoirí na seanaimsire. Sea, bhí sé iontach; ba gheall leis na Flaithis é scaití, ach bhí a phurgadóir féin ag baint leis freisin ar bhealaí eile.

Bhí sí tamall ina hóige agus í ag cuimhneamh seasta ar an mbaile ach tháinig an t-am nuair a shocraigh sí nach mbeadh sí sásta cur fúthu i gConamara ná in Éirinn aríst. ‘Fuair mé Meiriceá oscailte agus bríomhar agus ceanúil liom ar bhealaí; b’fhéidir go raibh Conamara na haimsire a caitheadh róchúngaithe isteach, rópharóistiúil. Bhí scóip agus deiseanna anseo sna Státaí.’

Ach, ní hin le rá nach bhfuil ceangal croí ag Margaret lena ceantar dúchais. Tá sí ina hAmbasadóir ag Ionad Cumhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta. Tá cúnamh tugtha aici d’fhorbairtí agus do ghluaiseachtaí sa mbaile. Agus, ar bhonn pearsanta, tá Conamara ina croí agus ina hintinn i gcónaí.

Bean ghéimiúil, ghealgháireach, spraíúil, spreagúil.

78 atá sí anois agus suíochán faighte arís aici i bParlaimint Maine. Tá bóthar casta uaigneach an imirceora siúlta aici. Tá a mianach léirithe aici, agus ní stopfaidh sí anois.

Fág freagra ar 'Suíochán arís ag bean Ghaeltachta i bParlaimint Stáit Maine'