Súil siar ar chluichí na bhfoirne Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Bhí cluichí ar siúl ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo agus Craobh an Chontae á himirt i gCiarraí chomh maith le cluichí craoibhe agus sraithe móra i nGaillimh, Dún na nGall agus Corcaigh

Imreoir Chiarraí Thiar Marc Ó Sé. INPHO/Cathal Noonan
Imreoir Chiarraí Thiar Marc Ó Sé. INPHO/Cathal Noonan

Ciarraí Thiar cáilithe do na babhtaí ceathrú ceannais i gCiarraí ach deireadh tagtha le feachtas an Daingin

Chas Ciarraí Thiar ar Chiarraí Lár i gCraobh Peile an Chontae tráthnóna Dé Sathairn agus ba iad fir an iarthair a tháinig slán i gcoinne tánaistí na bliana seo caite, 1-18 in aghaidh 1-13. Ba é an tús láidir a chur Ciarraí Thiar leis an gcluiche, agus iad 0-7 i gcoinne 0-2 chun cinn i ndiaidh 15 nóiméad, a chuir gaoth i seolta na mbuaiteoirí, a bhfuil áit bainte amach acu sa bhabhta ceathrú ceannais anois, áit a n-imreoidh siad Neidín.

Ba é fear na Gaeltachta, Seán Ó Conchúir, laoch Chiarraí Thiar agus é ag aimsiú 0-9 i rith an chluiche. Ba mhór an spreagadh dóibh cúl Bhriain Uí Bheaglaoich sa chéad leath chomh maith. D’imigh Ciarraí Lár chun cinn nuair a fuair an t-imreoir idirchontae Darran O’Sullivan cúl ag tús an dara leath ach níor aimsigh siad ach dhá phointe as sin go deireadh an chluiche.

Ba é cúl Aidan Walsh, sé nóiméad roimh dheireadh an chluiche, a chinntigh gur chlis ar an Daingean i gcoinne Ciarraí Theas inné. Bhí imreoirí idirchontae an Daingin, Paul agus Mikey Geaney, in easnamh orthu, chomh maith le captaen na mionúr Marc Ó Conchúir, ach fós bhí an choimhlint cothrom go maith, gan Ciarraí Theas ach pointe amháin chun cinn ag leath ama, 0-8 i gcoinne 0-7.

Bhí an Daingean ag brath go mór ar chiceanna saora ó Chonor Ó Géibheannaigh agus Cathal Ó Bambaire, áfach agus nuair a chuir cúl Walsh Ciarraí Theas cúig phointe chun cinn, bhí a rás rite ag fir an Daingin agus gan dóthain ama fágtha acu chun teacht aniar a dhéanamh.

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Na Cealla Beaga slán sa ghrád sinsear do bhliain eile

Beidh Cloch Cheann Fhaola ag imirt sa ghrád idirmheánach i nDún na nGall an bhliain seo chugainn agus a gcluiche dícháilithe caillte acu i gcoinne na gCealla Beaga Dé Sathairn seo caite. Ní raibh cluiche craoibhe buaite ag ceachtar foireann i mbliana roimh an Satharn ach ba leor an t-aon bhua amháin do na Cealla Beaga.

go raibh deich bpointe eatarthu ag deireadh an chluiche, 3-12 i gcoinne 0-11, bhí an choimhlint níos géire ná a bhí ar feadh cuid mhaith den chluiche agus na foirne ar comhscór ag leath ama. Faraor do Chloch Cheann Fhaola, d’aimsigh Paul Cunningham agus Eoghan Ó Gallchóir cúil do na Cealla Beaga sa 20 nóiméad deireanach chun bearna a chur idir na foirne agus stádas sinsear na gCealla Beaga a choinneáil slán.

Imreoir Mhaigh Cuilinn Gareth Bradshaw. INPHO/James Crombie
Imreoir Mhaigh Cuilinn Gareth Bradshaw. INPHO/James Crombie

Craobh Idirmheánach na Gaillimhe buaite ag Maigh Cuilinn

Dhá bhliain tar éis dóibh ísliú céime a fháil agus bliain i ndiaidh cluiche ceannais a chailleadh i gcoinne Chill Aithnín, d’éirigh le peileadóirí Mhaigh Cuilinn ardú céime a bhaint amach chuig grád na sinsear do 2016. Is i gcoinne Bhaile Átha an Rí a bhí Maigh Cuilinn sa chluiche ceannais agus bhí forlámhas iomlán acu ar an imirt ó thús deireadh.

Bhí Maigh Cuilinn cúig phointe chun cinn taobh istigh de 10 nóiméad, gan scór aimsithe ag an bhfreasúra. Chuir cúl Conor Bohan ag tús an dara leath Maigh Cuilinn níos faide chun cinn, 1-8 i gcoinne 0-2, agus cé go ndearna Baile Átha an Rí teacht aniar ina dhiaidh sin, bhí bearna sách mór idir Maigh Cuilinn agus a gcéilí comhraic agus an bua acu ar deireadh, 1-10 le 0-9.

INPHO/Lorraine O'Sullivan
INPHO/Lorraine O’Sullivan

Ardú céime bainte amach ag Naomh Abán sa tsraith

Beidh Naomh Abán ag imirt i Roinn 1 den tsraith i gCorcaigh an bhliain seo chugainn tar éis dóibh Éire Óg a bhualadh, 2-16 i gcoinne 1-7, ar an Satharn. Imreoidh siad Baile an Chollaigh i gcluiche ceannais na sraithe amach anseo ach tá ardú céime bainte amach acu cheana féin.

Chaill Béal Átha an Ghaorthaidh amach ar an deis imirt i Roinn 1 i 2016 tar éis dóibh críochnú ar comhscór le Baile an Chollaigh ar an Satharn.

Bhí Béal Átha an Ghaorthaidh os cionn Naomh Abán sa tábla ach nuair a chríochnaigh a gcluiche ar comhscór, 2-14 i gcoinne 0-20, thug sé deis do Naomh Abán iad a shárú sa tsraith agus ardú céime a bhaint amach.

Bhí níos mó ratha ar ar fhoireann sóisear Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus cluiche ceannais an chontae sroichte acu tar éis dóibh Baile Mhistéala a bhualadh, 1-12 i gcoinne 2-5.

Fág freagra ar 'Súil siar ar chluichí na bhfoirne Gaeltachta an deireadh seachtaine seo'