Ní féidir na slite ina mbainfidh Donald Trump croitheadh as an mbliain atá romhainn a thuar roimh ré ach ní fiú léargas polaitiúil 2024 a phlé gan a thionchar a chur san áireamh.
Is gá ‘má’ a chur roimh gach tuairim a bhaineann leis an bhfear a insealbhófar arís mar uachtarán ar na Stáit Aontaithe ar an 20 Eanáir toisc nach féidir a bheith cinnte riamh nach n-athródh a thuairim. Ná a thuar conas a athróidh ná cén uair.
Ní foláir mar sin ‘má’ a chur roimh thrí fhéidearthacht thromchúiseach atá ag bagairt ar Éirinn agus ar mhórán tíortha eile.
Má chuireann Trump taraifí ar iompórtálacha i bhfeidhm mar atá geallta aige, cuirfear brú ar sciar d’easpórtálacha na hÉireann chun na Stát Aontaithe (arbh fhiú €54 billiún iad in 2023).
Má chuireann Trump agus an móramh poblachtach i gComhdháil na Stát Aontaithe iachall ar chomhlachtaí Meiriceánacha cáin a íoc sna Stáit ar chéatadán níos airde dá mbrabúis, laghdófar an teacht isteach ón gcáin chorparáide a íocann na comhlachtaí sin in Éirinn.
Má chuireann cáineadh na hÉireann ar ionsaithe Iosrael ar Ghaza míshásamh ar an uachtarán, conas mar a chuirfidh sé a mhíshásamh in iúl? An mbeidh fonn air bualadh leis an Taoiseach roimh Lá Fhéile Pádraig?
Ní féidir a bheith cinnte cén tionchar a bheidh ag polasaithe Trump ar Éirinn ach is cinnte nach dea-thoradh a bheidh orthu.
Is léir mar sin an t-údar amhrais atá ann faoi an mbeidh lánchomhlíonadh na ngealltanas a tugadh roimh an olltoghchán ar acmhainn pháirtithe an rialtais.
Níl aon éiginnteacht ag baint le hábhar eile a bheidh á phlé os íseal ag lucht ceannais na bpríomhpháirtithe go léir – an toghchán uachtaránachta ina vótálfar i mí Dheireadh Fómhair.
Cé go ndeirtear nach mian le Micheál Martin dul go dtí an tÁras, beidh sé á lua mar dhuine a d’fhéadfaí a ainmniú go dtí go séanfaidh sé spéis a bheith aige ann. Ar na daoine eile a bheidh faoi iomrá orthu go bhfógrófar na hainmniúcháin beidh (in ord aibítre) – Gerry Adams, Bertie Ahern, Simon Coveney, John Finucane, Frances Fitzgerald, Brendan Howlin, Heather Humphreys, Seán Kelly, Enda Kenny, Mairead McGuinness, Miriam O’Callaghan agus Éamon Ó Cuív.
Is féidir a bheith (réasúnta) cinnte go bhfíorófar tairngreacht amháin faoin toghchán uachtaránachta. Tá Conor McGregor, a dúirt roimhe seo go mb’fhéidir go seasfadh sé, curtha as an iomaíocht ag cinneadh an ghiúiré a dúirt gur ionsaigh sé bean.
Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh soláthar tithíochta den uile chineál ina ábhar míshásaimh go deireadh na bliana. Ní léir fós na polasaithe rialtais a leigheasfaidh an ganntanas tithe agus árasán ar phraghas nó ar chíos inacmhainne roimh an gcéad olltoghchán eile.
I measc na ndúshlán eile a bheidh (nó ar chóir iad a bheith) ar chlár oibre an rialtais beidh: riar an airgeadais a fheabhsú ionas nach rachaidh caiteachas ó smacht mar a tharla i gcás Ospidéal na Leanaí agus bothán na rothar i dTeach Laighean; plean fiúntach a chur le chéile leis an ioncam breise ó Apple (€14 billiún) a chaitheamh; agus leasú, más féidir é, a bhaint amach ar chomhaontú trádála Mercosur atá cáinte ag cumainn na bhfeirmeoirí.
Ainneoin Glasaigh a bheith in easnamh sa rialtas nua, beidh athrú aeráide ina ábhar cainte ag bord an rialtais, i nDáil Éireann agus i measc an phobail ar feadh na bliana. Ní hamháin toisc go bhfuil fíneálacha €8 billiún nó níos mó ag teannadh leis an tír seo toisc é a bheith chomh soiléir anois nach laghdófar ár n-astaíocht charbóin faoi 2030, mar a socraíodh le tacaíocht ar chaon taobh sa Dáil dheireanach.
Ní foláir aghaidh a thabhairt ar phráinn eile.
Cuirfidh an aeráid féin i gcuimhne do na polaiteoirí go léir arís i mbliana go gcaithfear dlús a chur leis na beartais a theastaíonn leis an tír a chosaint in aghaidh an dochair a ghabhann le neamhaird. Mar a léirigh na tuilte i Valencia i mí na Samhna, íocfar go daor as teip.
Beidh am ag páirtithe an fhreasúra aghaidh a thabhairt ar dhúshlán eile ar féidir cur síos air le ceist: an mbeidh siadsan ábalta agus toilteanach tarraingt le chéile ar dhóigh a chothóidh dóchas go mbeidh fíormhalairt rialtais ag an bpobal nuair a vótálfar arís i 2029?
Beidh fiosrúchán a bhaineann go dlúth le cúrsaí polaitíochta i mbun oibre i mbliana. Bunaíodh é, dar leis an rialtas deireanach, chun láimhseáil na paindéime a iniúchadh ar dhóigh a d’fheabhsódh cur chuige an stáit sa chéad phaindéim eile.
Is ábhar imní é áfach gur in 2025 – trí bliana tar éis chríoch thréimhse oifigiúil na paindéime – a bheidh an obair á déanamh. Lagaíonn imeacht aimsire cuimhne.
Is cúis imní é freisin nach ‘fiosrúchán’ a bunaíodh ach ‘measúnú’ (‘evaluation’), mar a thug an rialtas deireanach air, agus nach mbeidh cumhacht dlíthiúil ag an gcathaoirleach, an tOllamh Anne Scott, cáipéisí ná teacht i láthair finnéithe a éileamh go héigeantach.
Ní beag na dúshláin atá le sárú ag an Ollamh Scott ná tábhacht na hoibre a bheidh á déanamh aici in 2025.
Fág freagra ar 'SÚIL ROMHAINN: Trump, toghchán uachtaránachta agus tithíocht i gcónaí – dúshláin 2025'