Súil le ‘Damhsa na gCoiníní’ ag Super Bowl LX i Staid Levi’s

Seabhaic Mhara Seattle agus Tírghráthóirí Shasana Nua a bheas sa gcoimhlint ar Super Bowl LX agus beifear ag súil chomh maith le seó Bad Bunny ag leatham

Súil le ‘Damhsa na gCoiníní’ ag Super Bowl LX i Staid Levi’s

‘Páirc an Choinnleora’ a bhí tráth ar an áit a n-imreofar an Super Bowl anocht. Tá ainm nua anois air, focal atá le feiceáil i do thimpeall agat chuile lá ar thóineanna treabhsair, ar chábaí seaicéid agus ar phócaí léinte.

Ba i ndeisceart na Gearmáine in 1829 a rugadh an té a bhfuil sé baistithe as. Nuair a bhí Levi Strauss 18 bliain chuaigh sé ar imirce go Nua-Eabhrac áit ar chaith sé tamall ag dul ó dhoras go doras ag díol sceana, spúnóga, citil agus a leithéid.

Nuair a scaip an scéala faoi ór a bheith faighte i Stutter’s Mill in California in 1848 bhí Levi ar dhuine de na céadta míle duine a chuaigh ansiúd ar thóir saibhris.

Sáspain, piocóidí agus ábhair thochailte eile a bhí ag a mbunáite, ach bheartaigh Strauss coinneáil leis an ngairm a bhí ar an gcósta thoir aige, lean sé air ag mangaireacht, ach go mba ar an éadach ba mhó a dhírigh sé.

D’fhág nádúr a gcuid saothair gur fheil éadach tiubh agus níos láidre na mianadóirí ar thug ‘Fuadar an Óir’ chomh fada le California iad. B’ionann dóibhsean a bhí ag plé leis an talamh. D’fhágtaí an ghalántacht faoi mhuintir an bhaile mhóir. Bhí éadach a raibh ‘denim’ mar ainm air díreach tagtha ar an margadh ag an am agus thosaigh Levi agus táilliúir a bhí ar a aithne ag déanamh éadaigh as. Bhí níos mó tóir fós ar a dtáirgí mar nach mba chnaipí a bhí iontu ach seamanna nó ‘rivets’.

Ba ar an gcuma sin a tháinig na Levi Jeans ar an saol. Bhí an margadh fúthu féin acu go ceann beagnach dhá scór bliain nó gur tháinig Wrangler agus Lee ar an saol i dtús an chéid seo caite.

Bhain tréimhse achrannach leis an gcomhlacht timpeall am na Mílaoise agus ní raibh de rogha ag teaghlach Strauss a bhí ina bhun i gcónaí ach cuid de na scaireanna a dhíol ar an margadh oscailte.

Ar theacht as an tsáinn sin dhearbhaigh Levi Strauss & Co. a gceangal leis an gceantar inar bunaíodh iad agus ina bhfuil a gceannáras le hos cionn 150 bliain. Mar chruthú air sin a d’íocadar $220 milliún leis an Santa Clara Stadium Authority in 2013 ar mhaithe le hainm a gcomhlachta a bheith ceangailte go ceann scór bliain leis an staid nua a bhí tógtha in áit ‘ceann na gcoinneal’. Tabharfaidh siad ar a laghad an méid sin arís nuair a bheas deireadh leis an socrú sin.

Ar mhaithe leo siúd a gcuireann airgead den chineál sin alltacht orthu, ceadaigh dom a chur in iúl gur tógadh $21milliún ag na geataí nuair a sheinn an Grateful Dead ag dhá choirm cheoil i Staid Levi go gairid tar éis a hoscailte. Cúpla mí tar éis an chinn sin íocadh $13 milliún le cead amharc ar Taylor Swift agus éisteacht léi. Trí bliana ó shin tháinig 80,000 duine ag coirm de chuid Ed Sheerin ansin.

Pingin den airgead sin ní bhfuair Levi Strauss ar ndóigh, ach is léargas de chineál éicint é ar chomh domhain i gcostas atá comhlachtaí ilnáisiúnta sásta a dhul lena n-ainm a choinneáil i measc an phobail.

Seabhaic Mhara Seattle agus Tírghráthóirí Shasana Nua a bheas sa gcoimhlint ar Super Bowl LX ansiúd a thosós anocht ag 11.40pm am na hÉireann.

Sna Stáit Aontaithe féin, ní áirím lasmuigh de, déantar oiread cainte ar sheó leathama an Super Bowl agus a dhéantar ar an bpeil. Dá bharr sin chuir mé tuairisc cé a bheadh ár mbodhrú tráthnóna inniu.

Ós rud é gur aithnigh mé beirt den triúr ba mhó a tharraing daoine chuig a gcuid coirmeacha ceoil fhéin chuig Staid Levi (Swift agus Sheeran) bhí beagán den sotal ag baint liom nuair a bhrúigh mé an cnaipe.

Níorbh fhada a mhair an ghaoth i mo sheolta – ‘Bad Bunny’ an freagra a fuair mé.

Agus mé taobh le ‘Cnaipe Uimhir 2’, tá mé in ann a inseacht daoibh gur rapálaí, amhránaí agus léiritheoir ceoil atá ann a rugadh i bPórtó Ríce. Níl a shárú le fáil sa rapáil i Spáinnis. Ar na cineálacha ceoil is mó a chanann sé tá Latin hip-hop, Latin trapreggaeton agus Latin popalternative reggaeton.

Le ceithre bliana anas ba é an rapálaí ba mhó ar seinneadh a chuid ceoil ar Spotify – beagnach 20 billiún uair ó thús go deireadh na bliana seo caite.

Níl siad siúd sa Teach Bán chomh ceanúil sin air. An tseachtain seo caite agus é ag glacadh le gradam ag na Grammies, cháin Bad Bunny na ruathair atáthar a dhéanamh sna Státaí ar thóir imircigh nach bhfuil ansiúd go dleathach. Dúirt Karoline Leavitt, rúnaí preasa an Uachtaráin go mba í caint an diabhail a bhí ag teacht uaidh.

An cluiche?

Leagan nua de na Patriots a fheicfidh muid – mórán mór de na hainmneacha ar fad a bhí ar bharr a dteanga againn imithe, Bill Parcells agus Bill Belichick – Mike Vrable anois i mbun cóitseála tar éis dó trí Super Bowl a bhuachan leo mar imreoir. Ógánach Drake Maye i mbróga Tom Brady.

Fós níl foireann in NFL Mheiriceá a bhuaigh oiread cluichí as baile agus a rinne foireann Bhostúin an séasúr seo. Ní minic nach mbíonn siad ag cnagadh ar an doras nuair a thagann an athbhliain – sna 30 séasúr ón mbliain 1996 anall ba iadsan na seaimpíní in AFC an Deiscirt 22 uair.

Sin dúbailt a bhfuil de chraobhacha NFC buaite ag na Seahawks san achar céanna agus má bhí gearradh fiacal i mBostún nuair a fuair Parcells agus Belicheck an bóthar, ba mhó go mór an ruaille buaille a bhí ar an gCósta Thiar dhá bhliain ó shin nuair a saiceáladh a bpríomhcóitseálaí Pete Carroll. Bhí seisean 14 bliain i mbun an chúraim agus ba é a bhí ina gceannas nuair a bhuaigh siad an t-aon Super Bowl atá acu, in 2013.

Is é Mike McDonald atá ina áit anois. Deir siad siúd atá eolach gurb é an bealach ar fheabhsaigh cosaint Seattle faoina chúram an chúis is mó go bhfuileadar ag dul chun páirce anocht. Níor buadh ar a fhoireann le hionann is trí mhí agus is dóibh is mó atá ceapadh anocht.

Caithfidh mé súil air go bhfeicfidh mé. Má fhanann siad oscailte go dtaga ‘Damhsa na gCoiníní’ ní bheidh mé ag déanamh go dona.

Fág freagra ar 'Súil le ‘Damhsa na gCoiníní’ ag Super Bowl LX i Staid Levi’s'