Súil le coimhlint den scoth i gcluichí leathcheannais camógaíochta

Imreofar na cluichí leathcheannais i gCraobh Chamógaíochta na hÉireann inniu agus súil ag daoine le cluichí den scoth, go háirithe sa chluiche idir Corcaigh agus Gaillimh anocht

Imreoir Bhaile Átha Cliath, Faye McCarthy. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Baile Átha Cliath v Cill Chainnigh, Páirc na nGael, 5.15i.n.

Imreoidh mná Bhaile Átha Cliath i gcluiche leathcheannais chraobh chamógaíochta na hÉireann den chéad uair le 27 bliain tráthnóna nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar churaidh na hÉireann. Tá an-chuid oibre curtha isteach ag lucht camógaíochta na príomhchathrach le roinnt blianta agus toradh a saothair anois le feiceáil.

Bhí bua iontach acu in aghaidh Loch Garman sa bhabhta ceathrú ceannais cúpla seachtain ó shin. Cé gur lig siad do Loch Garman dul chun cinn orthu luath sa chluiche, tháinig siad ar ais go láidir chun bua 1-16 in aghaidh 0-12 a fháil.

Ba iad iarrachtaí a gcuid cosantóirí ba mhó a spreag Baile Átha Cliath agus rinne siad obair na gcapall chun Loch Garman a choinneáil faoi chois. Beidh taispeántas den chaighdeán céanna ag teastáil más fúthu an beart a dhéanamh arís tráthnóna.

Is iad na tosaithe is láidre ag Cill Chainnigh agus anuas air sin tá imreoirí acu ar fud na páirce atá in ann scóranna a aimsiú. Nuair a chas na foirne seo ar a chéile níos luaithe sa chraobh, bhí bua éasca ag na Cait, 3-14 in aghaidh 0-8, agus rinne Miriam Walsh agus Danielle Morrissey scrios.

Is foireann óg iad Baile Átha Cliath a bhfuil dul chun cinn ollmhór déanta acu le roinnt blianta anuas agus a bhfuil tuilleadh gaiscí i ndán dóibh sna blianta amach romhainn. Ach is ag tabhairt aghaidh ar cheann de mhórfhoirne na camógaíochta atá siad inniu agus seans gur céim rómhór é an cluiche seo dóibh.

Niamh Kilkenny na Gaillimhe agus Aisling Thompson. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Gaillimh v Corcaigh, Páirc na nGael, 7.00i.n.

Is í seo an chéad uair ag Gaillimh imirt in aghaidh Chorcaí ó bhuaigh na Muimhnigh orthu i gcluiche ceannais na hÉireann dhá bhliain ó shin. Níor éirigh chomh maith céanna le mná Chorcaí i gcluichí ceannais ó shin. Chaill siad in aghaidh Chill Chainnigh i gcluichí ceannais na hÉireann in 2016 agus i gcluiche ceannais na sraithe i mbliana. Bhuail Luimneach iad freisin i gcluiche ceannais na Mumhan níos túisce an samhradh seo.

Mar sin féin, seans go dtabharfaidh an briseadh croí sin fuinneamh breise dóibh agus iad ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh as na cailliúintí sin. Ag díriú ar an gcamógaíocht amháin atá Rena Buckley i mbliana cé go raibh deis iontach aici ar bhonn eile uile-Éireann sa pheil. Is cinnte go mbeidh díocas uirthi agus í ag iarraidh an bonn camógaíochta a fháil.

Beidh tábhacht mhór le taispeántas Buckley mar lánchúlaí anocht agus í ag iarraidh stop a chur le tosaithe na Gaillimhe a bhfuil dhá chúl déag scóráilte acu an samhradh seo. Níl ach ceann amháin géillte ag Corcaigh go dtí seo sa chraobh, áfach, rud a léiríonn a gcumas agus iad i mbun cosanta.

Rinne Gaillimh slad ar Thiobraid Árann sna babhtaí ceathrú ceannais agus bhí na Connachtaigh deich bpointe chun cinn sular aimsigh Tiobraid Árann a gcéad scór.

Is cinnte nach mbeidh sé chomh héasca acu tráthnóna.

Is beag atá idir na foirne i ndáiríre ach tá gach uile dhuine ag súil go mbeidh cluiche den scoth ann anocht.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Fág freagra ar 'Súil le coimhlint den scoth i gcluichí leathcheannais camógaíochta'