Súil gur inniu an lá deiridh a mbeidh oileánaigh ag vótáil luath a bhuí le ‘Bille Shéamuis Jaimsie’

Chuirfeadh reachtaíocht nua deireadh leis an nós a fhágann go mbíonn ar mhuintir na n-oileán vótáil níos luaithe ná an chuid eile den tír i dtoghcháin agus i reifrinn

Súil gur inniu an lá deiridh a mbeidh oileánaigh ag vótáil luath a bhuí le ‘Bille Shéamuis Jaimsie’

Tá iar-aire Gaeltachta ag súil go bhfágfaidh ‘Bille Shéamuis Jaimsie’gurb é inniu an uair dheiridh a mbeidh ar oileánaigh vótáil lá roimh gach duine eile sa Stát.

Tá a vóta á chaitheamh inniu sa toghchán uachtaránachta agus sa reifreann faoin diamhasla ag muintir na n-oileán amach ó chósta Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe, cé gur amárach a bheidh vóta á chaitheamh ag an gcuid eile den tír, oileánaigh ar sheacht n-oileán amach ó chósta Chorcaí ina measc.

Táthar ag súil deireadh a chur leis an nós seo le bille nua, a dhréachtaigh an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, agus atá á chur trí Thithe an Oireachtais faoi láthair. Chinnteodh an Bille sin go bhféadfadh muintir na n-oileán mara vótáil an lá céanna leis an gcuid eile den tír i reifrinn, toghcháin Dála agus uachtaránachta.

Tá molta ag Ó Cuív go dtabharfaí ‘Acht Shéamuis Jaimsie’ ar an reachtaíocht nua mar chomhartha ómóis do Shéamus Jaimsie Ó Flaithearta, an fear pobail aitheanta as Fearann an Choirce, Inis Mór a bhásaigh mí Lúnasa in aois a 74 bliain.

Bhí Séamus Jaimsie Ó Flaithearta ar dhuine de na hÁrannaigh ab aitheanta agus ba ghníomhaí i measc an phobail lena linn agus bhí feachtas maidir le ceart vótóirí an oileáin ar cheann den iliomad feachtas a raibh baint mhór aige leo.

Faoi ‘Bhille Shéamuis Jaimsie’, dhéanfaí alt 85 den Acht Toghchán 1992 agus alt 42 den Acht Toghchán Uachtaránachta 1993 a leasú. Ceadaítear sa reachtaíocht sin vótáil a reáchtáil ar na hoileáin suas le cúig lá roimh lá na vótála ar an mórthír. 

Mar gheall ar chúrsaí iompair agus aimsire ba chúis le muintir na n-oileán a bheith ag vótáil roimh an gcuid eile den tír, ach dúirt Éamon Ó Cuív go bhfuil oiread feabhais ar na seirbhísí iompair anois nach bailí an chúis sin níos mó.

Dúirt sí nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do mhuintir na n-oileán ó thaobh vótála de, go háirithe i gcás mic léinn agus daoine atá ag obair ar an bhfarraige agus ar an mórthír agus gur mhó seans a bheadh acu teacht abhaile chun vótáil Dé hAoine.

Faoi ‘Bhille Shéamuis Jaimsie’, leasófaí an fhoráil a cheadaíonn do Cheann Comhairimh toghcháin a reáchtáil ar oileáin roimh an gcuid eile den tír, rud a dúradh a cheileann feachtas iomlán toghchánaíochta ar mhuintir na n-oileán.

Thabharfadh an leasú seo cead don Cheann Comhairimh córas iompair a fhostú lena chinntiú go mbeadh na boscaí vótála ag an ionad comhairimh ag a naoi a chlog an mhaidin i ndiaidh lá na vótála.

Is fada é á mhaíomh ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach raibh sé ceart ná cothrom go raibh sé níos deacra ag oileánaigh a vóta a chaitheamh ná daoine eile sa tír. Dúirt sé gur minic anois a bhíonn vótáil á reáchtáil ar an Aoine ach go mbeadh ar chuid mhór oileánach dul abhaile ar an Déardaoin chun a vóta a chaitheamh nuair a vótálann an chuid eile den phobal tar éis a lá oibre. Dúradh sé go raibh feabhas mór ar chúrsaí iompair go dtí na hoileáin anois agus iad níos acmhainní ar an aimsir agus nár ghá an vótáil a bheith ar siúl lá nó dhó roimh an gcuid eile den tír. 

Beagán le cois 2600 duine a bhí cláraithe ar na naoi n-oileán déag a bhfuil daoine ina gcónaí orthu le vótáil sa reifreann deiridh maidir le haisghairm an Ochtú Leasú sin.

Fág freagra ar 'Súil gur inniu an lá deiridh a mbeidh oileánaigh ag vótáil luath a bhuí le ‘Bille Shéamuis Jaimsie’'

  • Sinéad Ní Fhlaithearta

    Tá súil agam gur inniu an lá deiridh a mbeidh oileánaigh ag vótáil.