Súil go mbeifear in ann dáta agus áit á chur le lámhscríbhinní Gaeilge de thoradh taighde nua faoi cheimiceáin i ndúch

Tá arsanaic, ruibh, mearcair agus cailciam le fáil sna lámhscríbhinní a ndearna eolaithe agus lucht léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh tástáil orthu mar chuid de thaighde nua

Súil go mbeifear in ann dáta agus áit á chur le lámhscríbhinní Gaeilge de thoradh taighde nua faoi cheimiceáin i ndúch

 Tá súil ag eolaithe agus lucht léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, go mbeifear in ann dátaí cruinne agus áiteanna sonracha a lua le lámhscríbhinní Gaeilge nach raibh mórán eolais ina dtaobh ar fáil go dtí seo de thoradh taighde ar na ceimiceáin atá sa dúch lenar scríobhadh iad.

Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Ollamh le Gaeilge san ollscoil, le Tuairisc.ie “nach bhfuil aon mhachnamh” déanta go dtí seo “ar struchtúir na leabhar féin” agus go dtabharfaidh an taighde seo an deis mioneolas a fháil faoin áit ar cuireadh leabhar le chéile agus faoin am ar cuireadh le chéile é.

“Nuair a chuimhníonn tú gur ar na lámhscríbhinní a caomhnaíodh litríocht na Gaeilge go dtí an 19ú haois, tuigtear gur cuid den traidisiún an dúch féin agus níl aon mhachnamh déanta air sin go dtí anois. Bhíomar le fada an lá ag gabháil don téacs, ach tá an eolaíocht ann anois dul níos doimhne isteach i struchtúir na leabhar féin.

“Cuireann [an taighde] le stair na lámhscríbhinní. Le bheith macánta faoi, tá scéal eile sna ceimiceáin éagsúla, nach mbeadh aon choinne leo de ghnáth, atá ar aon leathanach. Tá scéal na mianadóireachta ann agus b’fhéidir go mbeadh slite ann le téacsanna a chur le háit faoi leith nó le dáta faoi leith bunaithe ar na ceimiceáin a úsáideadh,” a dúirt Ó Macháin.

Dúirt sé nach bhfuil lucht taighde Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, “ach ag an bpointe tosaigh” agus go bhfuil “torthaí níos leithne le teacht” in imeacht na haimsire.

Tá staidéar ar siúl le tamall ar stair an pháipéir in Éirinn faoi stiúir Uí Mhacháin i Roinn na Nua-Ghaeilge. Tá lámhleabhar atá bunaithe ar an taighde ar pheannaireacht agus ar lámhscríbhinní na Gaeilge á scríobh aige, i bpáirt leis an Ollamh Tim O’Neill, mar áis do mhic léinn na Gaeilge.

Cuireadh roinnt lámhscríbhinní Gaeilge, ón 12ú haois go dtí an 17ú haois, atá sa Leabharlann Náisiúnta agus in Acadamh Ríoga na hÉireann, faoi anailís x-ghathaithe ar mhaithe le grinnstaidéar a dhéanamh ar dhéantús na leabhar. Beidh an staidéar sin ina chabhair nuair a chuirfear tionscnamh níos mó agus níos leithne ar bun amach anseo.

Dúirt Ó Macháin go bhfuil ceimiceáin agus mianraí “faoi cheilt” ar na leathanaigh, “cuid acu nach rithfeadh sé le duine go mbeidís le fáil ina leithéid de rud agus leabhar lámhscríofa”.

Dúirt sé gur iarann den chuid is mó a bhítear ag súil leis i ndúch ach go bhfuil arsanaic, ruibh, mearcair agus cailciam le fáil sna lámhscríbhinní a ndearnadh tástáil orthu.

“Bíonn cailciam forleathan sna lámhscríbhinní meamraim, go háirithe, mar gur baineadh leas as cailc chun rian na hola a ghlanadh den chraiceann; bíonn cailciam le fáil sa dúch chomh maith, nuair is gealacán uibhe a úsáideadh chun an leacht a tháthú, rud a tharla go minic.

“Cuid de na ceimiceáin, is leis an maisiú daite a cuireadh ar na litreacha a bhaineann siad: go háirithe an arsanaic, an sulfar agus an mhearcair a fhaightear i leaganacha den dath buí a chítear go minic sna lámhscríbhinní Gaeilge. Maidir le haon dath glas a chítear sna seanleabhair sin, is é an copar is bun leis de ghnáth,” a dúirt sé.

Dúirt an tOllamh le Gaeilge nach raibh a leithéid d’obair déanta ar lámhscríbhinní eile áit ar bith ar domhan agus gur minic a bhíonn lucht léinn na hÉireann ar thús cadhnaíochta maidir le staidéar ar lámhscríbhinní mar gheall ar fheabhas na samplaí daite atá ar fáil sa tír seo, Leabhar Cheanannais ina measc.

Fág freagra ar 'Súil go mbeifear in ann dáta agus áit á chur le lámhscríbhinní Gaeilge de thoradh taighde nua faoi cheimiceáin i ndúch'