Cén bhail a bheidh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ar aghaidh?

Bliain chinniúnach do Thuaisceart Éireann a bheidh ann in 2023…

Cén bhail a bheidh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ar aghaidh?

Tá slánú Chomhaontú Aoine an Chéasta idir dhá cheann na meá, tá an pholaitíocht logánta fós faoi anáil an Bhreatimeachta tar éis na corraíola le seacht mbliana agus tá ceisteanna i gcónaí faoi chur chuige na Breataine i leith íobartaigh na dTrioblóidí.

An Prótacal iarBhreatimeachta agus Stormont

Má bhí bunús leis na comharthaí ar aird na gaoithe le tamall fógrófar toradh na hidirbheartaíochta idir rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach maidir leis an bprótacal faoi lár mhí Feabhra ar a dheireanaí. Is fíor gur cluineadh a leithéid de thuar cheana ach is cosúil go dteastaíonn ón bPríomh-Aire Sunak clabhsúr a chur ar an nguagacht faoi na socruithe trádála iarBhreatimeachta do Thuaisceart Éireann. Má dhéantar comhréiteach an nglacfaidh an DUP leis agus an nglacfaidh an ERG, brúghrúpa an Bhreatimeachta chrua sna Tóraithe leis? Ní raibh Sunak sách láidir chun cur i gcoinne an fhreasúra ina pháirtí faoi thithíocht, mianach guail agus muilte gaoithe. An amhlaidh a bheidh faoin bprótacal?

Bhí Stormont díomhaoin ó mhí Feabhra seo caite de bharr baghcat an DUP mar thaca lena bhfeachtas in aghaidh an phrótacail. Cén cinneadh a dhéanfaidh an DUP? Roinnt míonna ó shin thug ball den DUP foláireamh gurb í sochraid an Chomhaontaithe murab ionann agus ceiliúradh ceathrú céid a bheadh ar siúl ar an 10 Aibreán mura sásófaí éilimh an pháirtí faoin bprótacal. Deir lucht gríosaithe an DUP ón taobhlíne an rud céanna, leithéidí Jim Allister ón TUV a bhí dubh dóite in aghaidh roinnt na cumhachta le Sinn Féin i gcónaí, dílseoirí óga agus an blagaire dílseach, Jamie Bryson a thugann urlabhraí pobail air féin.

Tá miondream ag iarraidh go scriosfaí roinnt na cumhachta scun scan, a mana le tamall ‘an prótacal nó Stormont’. Ní féidir a chur as an áireamh ach oiread go raibh an DUP diongbháilte in éadan an Chomhaontaithe. Má dhéanann Londain agus an Bhruiséil margadh -agus is mór an má é – an mbeidh an DUP toilteanach cumhacht dhíláraithe a chaitheamh i dtraipisí agus iad féin a fhágáil gan tionchar ar bith.

Ceapadh go mb’fhéidir go meallfaí an DUP le geallúintí go dtiocfadh Uachtarán Biden Mheiriceá le haghaidh an cheiliúrtha san Aibreán. Ceap nach ndéanfadh aon bhróg, bhí roinnt san DUP oilbhéasach faoi Biden, b’fhearr leo Donald Trump.

Idir an dá linn caithfidh Státrúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris (i gcomhar leis an bhfoireann nua i mBaile Átha Cliath) cinneadh a dhéanamh faoi thoghchán Tionóil a ghairm nó a chur ar athló arís. Athrófar an dlí chun fionraíocht eile a cheadú má cheaptar go mbeidh fuascailt ar an tsáinn faoin bprótacal inaimsithe. Sa gcás sin ní bheadh gá le toghchán eile mar d’fhéadfaí Stormont a athnuachan. Beidh deis ag vótóirí a dtuairimí a nochtadh áfach mar beidh toghchán na gcomhairlí áitiúla ar siúl sa Bhealtaine.

Tréimhse an-íogair i ngnóthaí an Tuaiscirt í. Tubaiste don Tuaisceart agus don oileán seo ar fad a bhéas ann áfach mura ndéanfar comhréiteach idir an Bhreatain agus an Bhruiséil. Dhéanfadh cogadh trádála dochar as cuimse abhus, mar a bhfuil cúlú eacnamaíochta i réim cheana féin agus bheadh na ciallachais don teorainn an-tromchúiseach.

Íobartaigh

Masla d’íobartaigh is ea cur chuige na Breataine i leith oidhreacht na dTrioblóidí, iad ag iarraidh stop a chur le hionchúisimh, fiosruithe, ionchoisní agus cásanna sibhialta. D’eascair an bille as plean chun iarshaighdiúirí a chosaint ó fhiosruithe agus leathnaíodh é chun paraimíleataigh a chur san áireamh freisin. Náire shaolta is ea é agus leanfaidh feachtais ina choinne in 2023; gheall Heaton-Harris leasuithe ar an mbille ach coinneofar brú air abhus agus go hidirnáisiúnta.

Stakeknife: Fiosrú Kenova

Táthar ag tnúth le tuairisc ar an bhfiosrú faoi ghníomhaire Arm na Breataine san IRA Sealadach ar tugadh Stakeknife air. Sé Jon Boucher, iarPhríomh-Chonstábla Bedfordshire atá i gceannas an fhiosraithe agus tá carn mór tuairiscí curtha faoi bhráid na Seirbhíse Ionchúisimh aige chun go ndéanfar cinneadh faoi chúisimh as coireanna tromchúiseacha, fuadach agus dúnmharuithe san áireamh.

Bhí Stakeknife in ainm is a bheith i gceannas ar aonad ‘pionóis’ an IRA. Mhaígh teaghlaigh gur theip ar an RUC suas le 18 dúnmharú a fhiosrú chun ról Stakeknife mar spiadóir a cheilt. Ainmníodh Freddie Scappaticci as Béal Feirtse mar Stakeknife. Shéan sé na líomhaintí agus d’fhág sé an Tuaisceart beagnach fiche bliain ó shin.

Tuairiscíodh roimh Nollaig go raibh seirbhísí rúnda na Breataine ag iarraidh cuid de thuairisc Boucher a cheilt ach go raibh sé ag diúltú don bhrú.

Covid-19

Cuirfear tús i mbliana leis an héisteachtaí poiblí faoi conas a láimhseáil an Ríocht Aontaithe an phaindéim, Tuaisceart Éireann san áireamh. Faoi chathaoirleacht an Bhanbharúin Hallett, scrúdófar na céimeanna a glacadh, dianghlasáil, aonrú, bainistiú na haicíde in ospidéil, in ionaid chúraim, soláthar trealaimh agus tacaíocht airgid. Dúradh ag réamhéisteacht go scrúdófaí conas a láimhseáil Stormont moltaí maidir le cur chuige trasteorann. Beidh suim mhór sa bhfiosrú poiblí, go háirithe I measc ghaolta na mairbh.

Dlí Dhaithí

I gceist sláinte eile, cuirfear i bhfeidhm san earrach ‘Dlí Dhaithí’, reacht a cheadaíonn orgáin a úsáid le haghaidh trasphlandaithe mura mbíonn sé cláraithe go hoifigiúil nach raibh an duine sin toilteanach orgáin a dheonú. Buachaill beag 6 bliana d’aois ó theaghlach Gaelach i mBéal Feirste é Daithí Mac Gabhann atá ag fanacht le trasphlandú; rugadh é le fabht ar a chroí. Gasúr anamúil, tarraingteach é a chuaigh i bhfeidhm ar na polaiteoirí as gach páirtí in Stormont. Faoina thionchar agus feachtas a mhuintire, Donate4D a ritheadh an reacht.

Ná raibh air fanacht i bhfad eile ar an trasphlandú riachtanach.

Fág freagra ar 'Cén bhail a bheidh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ar aghaidh?'