Súil cheana féin ag Tír Eoghain agus Áth Cliath ar áit sna babhtaí leathcheannais

Má bhuann Tír Eoghain ar Chorcaigh agus má fhaigheann Áth Cliath an ceann is fearr ar Ros Comáin, bainfidh an dá fhoireann áit amach i mbabhta leathcheannais na craoibhe

Súil cheana féin ag Tír Eoghain agus Áth Cliath ar áit sna babhtaí leathcheannais

Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Corcaigh v Tír Eoghain – Páirc an Chrócaigh, 5.00pm (Beo ar Sky Sports)

Beidh peileadóirí Chorcaí ar ais i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus cé gur chaill siad le trí phointe dhéag i gcoinne Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite, bhí údar acu a bheith sásta go maith leis an taispeántas a thug siad i gcoinne sheaimpíní na hÉireann.

Ní raibh foireann Ronan McCarthy ach cúpla pointe chun deiridh agus uair an chloig imeartha ach d’aimsigh Áth Cliath trí chúl san am a bhí fágtha, cúil a chuir cuma na maitheasa ar chlár na scór.

Ní hé go raibh aon chuma ar Chorcaigh go sáróidís Áth Cliath ach d’éirigh níos fearr leo ina gcoinne ná mar a d’éirigh le cuid mhaith foirne eile.

An modh díreach a bhí in úsáid arís ag Corcaigh sa chluiche sin agus d’oibrigh sé dóibh. Chuaigh sé crua ar Áth Cliath greim a choinneáil ar Paul Kerrigan, Brian Hurley agus a leithéidí ach ní bheidh sé chomh héasca ag Corcaigh tráthnóna.

Chuaigh na Muimhnigh fear ar fhear i gcoinne Átha Cliath ach cuireann Tír Eoghain an oiread sin imreoirí siar ag cosaint nach mbeidh na bearnaí céanna ann agus a bhí in aonad cosanta Átha Cliath.

Tá stíl Thír Eoghain athraithe ag Mickey Harte ó chaill siad in aghaidh Dhún na nGall i gcraobh Uladh agus an fhoireann iompaithe ar an tseanstíl chosantach arís. Fágtar Cathal McShane thuas os comhair an chúil leis féin agus bíonn Tír Eoghain ag brath go mór air chun scóranna a aimsiú, agus ar Peter Harte agus ar Mattie Donnelly chun na deiseanna sin a chruthú dó.

Rinne siad an beart in aghaidh Ros Comáin an deireadh seachtaine seo caite. Ní raibh ach pointe idir na foirne agus ceathrú huaire fágtha ach tá an-fhuinneamh ag imreoirí Thír Eoghain agus d’éirigh leo cúig phointe as a chéile a aimsiú chun ceannas a ghlacadh ar an gcluiche.

Tá Tír Eoghain an-oilte ar an gceann is fearr a fháil ar fhoirne nach bhfuil chomh maith leo féin agus cé go mbeidh fadhb acu nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Áth Cliath an tseachtain seo chugainn, ba cheart go mbeidís sách maith chun Corcaigh a chur de dhroim seoil tráthnóna.

Áth Cliath v Ros Comáin – Páirc an Chrócaigh, 7.00pm (Beo ar Sky Sports)

John Small agus Brian Fenton. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Fuair Tír Eoghain an ceann is fearr ar Ros Comáin an deireadh seachtaine seo caite, ach is mó fós an dúshlán atá rompu inniu agus iad ag tabhairt aghaidh ar Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh.

Ní raibh Ros Comáin sách maith do chomórtas an tSár-Ochtair anuraidh agus cé go bhfuil siad feabhsaithe i mbliana, tá gach cuma ar an scéal go mbeidh siad curtha as an áireamh ach a dtiocfaidh deireadh le cluiche na hoíche anocht.

Ba mhór an buille dóibh cluiche an tSathairn seo caite a chailliúint sa bhaile, go háirithe agus fios acu go raibh Páirc an Chrócaigh rompu anocht. Cé gur thaispeáin Ros Comáin go bhfuil dul chun cinn déanta acu faoi cheannas Anthony Cunningham léiríodh na laigí atá acu chomh maith.

Chuir siad cúpla deis ar chúl amú sa chéad leath, chomh maith le cúpla cic saor a bhí éasca go maith. Níor mhór do Ros Comáin na deiseanna sin a thapú más fúthu foireann atá chomh maith le Tír Eoghain a bhualadh.

Tabharfaidh taispeántas Chorcaí an deireadh seachtaine seo caite beagán misnigh dóibh ach is míorúilt a bheadh ann dá n-éireodh leo an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath.

Ní bheidh Jim Gavin sásta leis an tús a chuir Áth Cliath leis an gcluiche an tseachtain seo caite ach d’fheabhsaigh siad ina dhiaidh sin. Léiríodh arís cé chomh láidir agus atá painéal na foirne. Tháinig Dean Rock, Jonny Cooper, Kevin McManamon, Eoin Murchan agus James McCarthy isteach mar ionadaithe agus rinne Áth Cliath scrios sna deich nóiméad deireanach den chluiche.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile anuraidh, thug Gavin scíth do chuid d’imreoirí mór le rá Átha Cliath. Rinne sé 11 athrú ón tseachtain roimhe ach bhí bua 14 pointe acu mar sin féin. B’fhéidir nach mbeidh an bhearna chomh mór eatarthu anocht ach an toradh céanna a bheidh ann.

Fág freagra ar 'Súil cheana féin ag Tír Eoghain agus Áth Cliath ar áit sna babhtaí leathcheannais'