Tá an eagraíocht Cill Dara le Gaeilge ag súil go mbeidh na Teachtaí Dála nua ón gcontae a toghadh chun na Dála an mhí seo ina gcabhair mhór i dtaobh na Gaeilge a chur chun cinn sa chontae.
Gaeilgeoirí iad ceathrar den naonúr Teachtaí Dála ó Chill Dara a bheidh sa gcéad Dáil eile, Seán Ó Fearghaíl Fhianna Fáil, atá á lua le post an cheann comhairle arís, agus triúr Teachtaí nua-thofa – Naoise Ó Cearúil (FF), Joe Neville (FG) agus Shónagh Ní Raghallaigh (SF). Choinnigh Ó Fearghaíl a shuíochán i gCill Dara Theas tar éis dó a bheith ina Cheann Comhairle sa Dáil dheireanach agus toghadh Ní Raghallaigh sa dáilcheantar céanna. Tá Ó Cearúil agus Neville ar bheirt den chúigear a toghadh i gCill Dara Thuaidh.
Fágann sin go mbeidh níos mó Gaeilgeoirí ó Chill Dara ina dTeachtaí sa gcéad Dáil eile ná mar a bheidh ó aon chontae eile sa tír lasmuigh de Bhaile Átha Cliath (13 Teachta le Gaeilge) agus Gaillimh (5). Ceathrar Gaeilgeoirí a toghadh i gCorcaigh chomh maith.
Sheol Cill Dara le Gaeilge an dara plean teanga le déanaí, plean a chuirfear i bhfeidhm sa tréimhse idir 2024 agus 2030 agus deir an eagraíocht go bhfuiltear ag súil go n-oibreoidh na Teachtaí ó Chill Dara chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa gcontae agus go náisiúnta agus iad ag obair i dTeach Laighean.
“Is díol suntais, agus sásaimh, é gur bhaill de Choiste Gaeilge na Comhairle Contae iad triúr de na Teachtaí Dála is nua sa chontae – is iad sin Shónagh Ní Raghallaigh, Naoise Ó Cearúil agus Joe Neville,” a dúirt Caoimhe Ní Shúilleabháin, Oifigeach Feidhmiúcháin le Cill Dara le Gaeilge. “Bhí na hiarChomhairleoirí sin ag tacú le hobair Chill Dara le Gaeilge fad is a bhí siad ar an gcoiste.”
Ba é Joe Neville a sheol an plean teanga in Áras Chill Dara ag deireadh mhí na Samhna agus tá Naoise Ó Cearúil ina chathaoirleach ar Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad.
Tá tacaíocht tugtha ag Shónagh Ní Raghallaigh don fheachtas chun stádas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach do cheantar Nás na Ríogh agus na Sollán, ceann de na príomhspriocanna atá luaite i bplean teanga an chontae. Tá sé mar aidhm acu freisin Cultúrlann a bhunú sa gceantar amach anseo.
“Táimid ag súil go leanfaidh siad den obair sin a bhí ar siúl acu leis an nGaeilge ar leibhéal an chontae agus go mbeidh siad ag díriú ar an nGaeilge a choinneáil ar an gclár plé ag leibhéal an Rialtais seo agus go mbeidh tuilleadh Gaeilge le cloisteáil sa Dáil sa téarma seo atá romhainn,” a dúirt Caoimhe Ní Shúilleabháin ó Chill Dara le Gaeilge.
Tá thart ar 800 dalta ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge i Nás na Ríogh faoi láthair agus os cionn 3,100 scoláire ar fad atá san 11 Gaelscoil agus Gaelcholáiste atá i gCill Dara.
Faoin bplean teanga, tá an eagraíocht ag iarraidh caidreamh a chruthú le forais stáit agus le heagraíochtaí deonacha a fheidhmíonn i gCill Dara chun na seirbhísí a chuirtear ar fáil do chainteoirí Gaeilge agus d’fhoghlaimeoirí a fheabhsú chomh maith le daoine eile agus grúpaí pobail a mhealladh i dtreo na teanga. Táthar ag iarraidh tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh faoin gcéad phlean teanga, a bhí i bhfeidhm ó 2019.
“Ní fiú plean a bheith ann gan fís a bheith taobh thiar de. Is é ár bhfís ná go mbeidh daoine sa chontae seo in ann gach gné dá saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge anseo i gcontae Chill Dara, dá mba mhian leo sin a dhéanamh. Is ag obair le chéile a bhainfimid amach na spriocanna sin, ag tógáil ar an dea-obair atá déanta againn go dtí seo. De réir a chéile a thógtar na caisleáin,” a dúirt Daithí de Faoite, Cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge ag seoladh an phlean teanga nua.
Is féidir an plean teanga a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Chill Dara le Gaeilge.
Fág freagra ar 'Súil ann go gcuirfidh an ceathrar Gaeilgeoirí ó Chill Dara i dTeach Laighean cás na teanga chun cinn'