Súil ag sagart paróiste Ghaoth Dobhair go mbeidh teach pobail nua sna Doirí Beaga taobh istigh de chúig bliana

Fuair an tAthair Brian Ó Fearraigh ‘litir ghalánta’ ó riarthóir Ardeaglais Maol i Longfort inar thug sí le fios gur thóg sé cúig bliana an ardeaglais sin a atógáil i ndiaidh a loiscthe in 2009

Súil ag sagart paróiste Ghaoth Dobhair go mbeidh teach pobail nua sna Doirí Beaga taobh istigh de chúig bliana

Tá súil ag sagart paróiste Ghaoth Dobhair, go bhféadfadh teach pobail nua a bheith sna Doirí Beaga taobh istigh de chúig bliana.

Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh le Tuairisc go bhfuil go leor cruinnithe ag dul ar aghaidh le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le lucht árachais faoina bhfuil i ndán do shuíomh Theach Pobail Mhuire, an séipéal a dódh go talamh aimsir na Cásca.

“Táthar go fóill ag glanadh ar shiúl an méid atá fanta den fhoirgneamh, ach bhí cruinniú againn leis an gcomhairle contae inniu [Dé Máirt] agus beidh ceann eile ann Déardaoin. Caithfear coiste a chur i gceann a chéile agus ailtirí a bhfuil saineolas acu maidir le tithe pobail a dhearadh a aimsiú.

“Beidh cinneadh le déanamh faoin ndearadh – an mbeifear ag dul leis an rud a bhí ann roimhe agus a dódh nó an mbeifear ag iarraidh dearadh iomlán úr a dhéanamh agus teach pobail iomlán nua a thógáil?” a dúirt an tAthair Ó Fearraigh.

Dúirt sé go bhfuair sé “litir ghalánta” ó riarthóir Ardeaglais Maol i Longfort inar thug sí le fios gur thóg sé cúig bliana an ardeaglais sin a atógáil i ndiaidh a loiscthe in 2009.

“B’fhéidir go dtógfadh sé trí, ceithre nó cúig bliana é a atógáil, ach níl a fhios agam. Tá sé an-luath sa phróiseas fós ach fuair mé litir ghalánta ó riarthóir na hardeaglaise a dódh i Longfort agus dúirt sí nach raibh ann ach cúig bliana leis an ardeaglais mhór sin a atógáil,” a dúirt Ó Fearraigh.

Dúirt sé gur éirigh go han-mhaith leis an bhfeachtas bailithe airgid ar líne a tosaíodh ar son an tséipéil agus go bhfuil comhráite leanúnacha ar bun le lucht an árachais faoin scéal. Tá os cionn €128,000 bailithe go dtí seo ar an suíomh GoFundMe d’atógáil an tséipéil agus tá níos mó airgid fós bailithe ó bhailiúcháin eile – an cheolchoirm mhór ar ghlac Daniel O’Donnell, Clannad, agus Altan páirt ann san áireamh. Tá os cionn €300,000 bailithe san iomlán.

Níl an t-imscrúdú atá ar bun ag an nGarda Síochána curtha i gcrích go fóill ach tugadh le fios an tseachtain seo caite nach le teann mailíse a adhnadh an tine sa séipéal. Ó tharla nach bhfuil an tuarascáil críochnaithe go fóill níl aon eolas eile tugtha ag an nGarda Síochána faoin rud ba chúis leis an loscadh.

Dúirt an tAthair Ó Fearraigh gur “faoiseamh mór” é dó féin agus do mhuintir an pharóiste nach tine mhailíseach a bhí i gceist agus nach raibh an baol ann go ndéanfaí an rud céanna do shéipéal eile sa cheantar.

“Níl an tuairisc atá acusan ullmhaithe go fóill, agus tá sé iontach luath a phróiseas go fóill ach is faoiseamh mór é domsa agus don pharóiste nár tosaíodh é d’aon turas,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Súil ag sagart paróiste Ghaoth Dobhair go mbeidh teach pobail nua sna Doirí Beaga taobh istigh de chúig bliana'