Súil ag Ciarraí Thiar ar áit a fháil sa chluiche ceannais den chéad uair ó 1996, ach curaidh na hÉireann le sárú acu…

Imreoirí na Gaeltachta cnámh droma fhoireann Chiarraí Thiar a thabharaigh aghaidh ar Chrócaigh Chill Airne i gcluiche leathcheannais Chraobh Shinsir Peile Chiarraí inniu blianta

Súil ag Ciarraí Thiar ar áit a fháil sa chluiche ceannais den chéad uair ó 1996, ach curaidh na hÉireann le sárú acu…

Is léir go bhfuil an pheil i gCorca Dhuibhne in i mbarr a sláinte faoi láthair. An mhí seo, imreoidh an Ghaeltacht agus Caisleán Ghriaire i gcluichí ceannais Chraobhacha Idirmheánacha agus Shóisir Peile Chiarraí faoi seach. Roimhe sin, imreoidh imreoirí ón dá chumann, chomh maith le himreoirí as Lios Póil agus Abhainn an Scáil, le chéile faoi bhrat Chiarraí Thiar agus iad ag iarraidh cluiche ceannais Chraobh Shinsir an chontae a bhaint amach den chéad uair ó 1996.

Tháinig an rath a bhí ar aistear Chiarraí Thiar sa chraobh go dtí seo i mbliana aniar aduaidh ar roinnt mhaith daoine, ach níl aon amhras ach go bhfuil meas ag cách anois ar na himreoirí seo, ar imreoirí de chuid fhoireann óg chumasach na Gaeltachta a bhformhór.

Mar sin féin, ní bheidh sé éasca áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na bliana seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar churaidh na hÉireann, Crócaigh Chill Airne. Bua cúig phointe a bhí ag na Crócaigh in aghaidh Dhúiche Neidín ina gcluiche leathcheannais ach tá iarimreoir Chiarraí, Kieran O’Leary, ag streachailt le gortú agus is mór an chailliúint a bheidh ann dóibh.

Ar an dea-uair do Chiarraí Thiar, níl an chuma ar an scéal go bhfuil aon ghortú ag cur as d’imreoirí Phóil Uí Chuinn.

Dhá dhuine dhéag ó chumann na Gaeltachta a thosaigh sa chluiche a bhuaigh Ciarraí Thiar ar Aibhistín de Staic coicís ó shin agus thug siad taispeántas den scoth uathu chun fir Thrá Lí a churde dhroim seoil, 1-17 in aghaidh 0-14. D’aimsigh an t-aon triúr a thosaigh nárbh as an nGaeltacht iad, Jason Hickson, Alan Fitzgerald agus Declan Ó Suilleabháin, pointe an duine do Chiarraí Thiar, chun cur le gaiscí scórála fhir na Gaeltachta, Éanna Ó Conchúir, Dara Ó Sé, Seán Ó Conchúir agus Brian Ó Beaglaoich.

Sa chluiche ceannais eile, tabharfaidh curaidh 2015, Ciarraí Theas, aghaidh ar Chéirín-Uí Rathaille. Is iad fir Thrá Lí rogha na coitiantachta sa chluiche seo tar éis dóibh greasáil a bhualadh ar Chiarraí Thoir ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Cé go bhfuair Ciarraí Theas an ceann is fearr ar an Ráth Mhór sa chluiche ceathrú ceannais eile, ní gan dua é agus tá gortuithe ag cur as do roinnt imreoirí, Bryan Sheehan ina measc.


Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair

Céirín-Uí Rathaille v Ciarraí Theas, Staid Mhic Gearailt, 3.00i.n. (Beo ar eir Sport 2)

Na Crócaigh v Ciarraí Thiar, Staid Mhic Ghearailt, 4.45i.n. (Beo ar eir Sport 2)

Fág freagra ar 'Súil ag Ciarraí Thiar ar áit a fháil sa chluiche ceannais den chéad uair ó 1996, ach curaidh na hÉireann le sárú acu…'