Straitéis nua don ollscolaíocht Ghaeilge riachtanach chun an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach – An Coimisinéir Teanga

Mhaígh Teachta Dála ag cruinniú i dTeach Laighean inné go gcaithfí 2,600 duine le Gaeilge a earcú chun go gcomhlíonfaí an sprioc reachtaíochta gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030

Straitéis nua don ollscolaíocht Ghaeilge riachtanach chun an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach – An Coimisinéir Teanga

Tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga go bhfuil an soláthar cuí don oideachas lán-Ghaeilge “i gcroílár an bheartais náisiúnta” a theastaíonn chun na dualgais atá ann faoin reachtaíocht teanga a bhaint amach, an sprioc earcaíochta 20% ina measc.

Tá imscrúdú ar bun ag oifig an Choimisinéara Teanga i láthair na huaire ar an bhfreastal atá á dhéanamh ag an Roinn Oideachais ar an éileamh atá ann don iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge agus ar an dualgas reachtúil atá ar an stát freastal ar phobal na Gaeilge.

Dúirt Séamas Ó Concheanainn le coiste Gaeilge an Oireachtais nach féidir leis mórán a rá faoin obair fhiosrúcháin toisc go bhfuil sé fós ar bun, ach dúirt sé go bhfuil súil aige an t-imscrúdú a bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana.

“Tá [na figiúirí] ag léiriú go bhfuil an soláthar ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta Gaeilge i bhfad níos ísle, tá sé faoi bhun 3% go náisiúnta lasmuigh den Ghaeltacht, i gcomparáid leis an soláthar ag leibhéal na bunscolaíochta.

“Tá muid i lár an imscrúdaithe faoi láthair agus tá íogaireacht áirid ó thaobh obair m’oifige ina thaobh sin ach is féidir liom a rá go bhfuil muid ag breathnú ar an leibhéal soláthair sin thar thréimhse deich mbliana go náisiúnta.”

Dúirt Ó Concheanainn go rabhthas ag breathnú freisin ar chás-staidéir i gcontaetha agus i limistéir ar leith chun iniúchadh a dhéanamh “ar aon bhearna shuntasach atá ann” maidir le deiseanna a bheith ag daltaí Gaelscoile leanúint ar aghaidh leis an oideachas lán-Ghaeilge tar éis dóibh an bhunscolaíocht a fhágáil.

Tá sé ráite cheana ag Ó Concheanainn nach bhfuil “freastal cóir” á dhéanamh ar an éileamh atá ann don oideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge agus go bhfuil “míréir” ann idir líon na ndaltaí a dhéanann a gcuid bunscolaíochta trí Ghaeilge agus an líon a théann ar aghaidh ansin chun freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge.

Léiríonn figiúirí ón Roinn Oideachais go bhfágann beagnach leath na ndaltaí an córas oideachais lán-Ghaeilge tar éis dóibh críochnú sa mbunscoil. Luaitear go minic an easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal i measc na gcúiseanna leis an titim.

Agus é ag labhairt ar an imscrúdú atá ar bun ag a oifig, dúirt Ó Concheanainn gur “clár taighde suntasach atá ann, clár taighde eolaíoch”.

“Tá muid ag cur acmhainní ar leith i dtreo an imscrúdaithe sin,” a dúirt sé.

Chuir Ó Concheanainn béim i dTeach Laighean ar an tábhacht a bhaineann le forbairt straitéise nua don oideachas lán-Ghaeilge ag an tríú leibhéal más leis an stát an sprioc earcaíochta 20% atá leagtha amach sa reachtaíocht a bhaint amach faoi dheireadh 2030.

Dúirt sé go raibh “géar-riachtanas” ann straitéis náisiúnta nua don Ollscolaíocht Ghaeilge a fhorbairt d’fhonn méadú as cuimse a chur ar líon na gcéimithe le Gaeilge a bheidh ar fáil don tseirbhís phoiblí.

Dúirt Ó Concheanainn go mbeadh céimithe le Gaeilge ag teastáil “ag leibhéal i bhfad níos airde ná mar atá faoi láthair” chun na postanna a bheidh ann sa tseirbhís phoiblí amach anseo a líonadh.

Dúirt Ó Concheanainn gur tháinig méadú de bhreis agus 13,000 fostaí ar an meán in aghaidh na bliana ar fhoireann na seirbhíse poiblí idir 2018 agus 2023.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Naoise Ó Muirí go gcaithfí 2,600 duine le Gaeilge a earcú chun an sprioc 20% a chomhlíonadh, “figiúr an-mhór” dar leis.

“Tá sé thar a bheith dúshlánach,” a dúirt Ó Concheanainn nuair a fiafraíodh de an raibh sé réadúil a bheith ag súil go n-earcófaí an oiread sin cainteoirí Gaeilge chun na seirbhíse poiblí.

“Níl muid ag feiceáil i láthair na huaire go bhfuil earcú réamhghníomhach ag leibhéal suntasach ag tarlú trasna na hearnála poiblí.”

Dúirt Ó Concheanainn go gcabhródh straitéis ollscolaíochta Gaeilge le daoine le Gaeilge a sholáthar agus dúirt sé freisin go mbeadh sé níos éasca “iallach” a chur ar chomhlachtaí poiblí daoine le Gaeilge a earcú nuair a bheadh córas na gcaighdeán teanga i bhfeidhm agus nuair a bheadh a fhios ag na comhlachtaí féin céard iad na dualgais a bheidh orthu i leith seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'Straitéis nua don ollscolaíocht Ghaeilge riachtanach chun an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach – An Coimisinéir Teanga'

  • Geilleagar ciorclach na Gaeilge

    Ba cheart ollscoil riaracháin phoiblí a bheith ann ina reáchtálfaí gach chúrsa i nGaeilge. Dá dtabharfaí tús áite do chéimithe na hollscoile sin i gcomórtais don tseirbhís phoiblí bheadh rath ar an ollscoil agus ar spriocanna earcaíochta na seirbhíse poiblí araon.

  • Seán Ó Donnchaidh

    Déan staidéar ar an léarscáil soghluaisteacht sa Státseirbhís (an Civil Service Mobility map):

    Is féidir a fheiceáil ansin cá bhfuil na postanna nó na folúntais sa stát seirbhís ag na grádanna éagsúla. Is soléir nach bhfuil mórán postanna ann atá riachtanas ag baint leo le chumas sa Ghaeilge – fiú amháin i mBAC – croílár an StátSeirbhís. Cheapfá go mbeadh gá le Ghaeilge i ngach roinn ach ní bhainfidh siad amach an sprioc 20% go deo nuair atá an méad sin postanna in ainm a bheith le riachtanas Gaeilge.