Straitéis náisiúnta ag teastáil chun cur le líon na gcéimithe le Gaeilge – An Coimisinéir Teanga

Meastar gur thart ar 1% de mhic léinn a fhreastalaíonn ar chúrsaí ardoideachais a bhfuil an Ghaeilge mar ábhar orthu i láthair na huaire

Straitéis náisiúnta ag teastáil chun cur le líon na gcéimithe le Gaeilge – An Coimisinéir Teanga

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil “straitéis náisiúnta” ag teastáil san earnáil tríú leibhéal chun a chinntiú go mbainfear amach an sprioc earcaíochta do dhaoine le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí.

I dtráchtaireacht atá scríofa aige ar obair an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge, deir an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn go mbeidh “géar-riachtanas do shruth leanúnach céimithe” a bheidh inniúil sa nGaeilge chun poist a ghlacadh sa tseirbhís phoiblí.

Meastar gur thart ar 1% de mhic léinn a fhreastalaíonn ar chúrsaí ardoideachais ar a bhfuil an Ghaeilge mar ábhar i láthair na huaire ach beidh gá leis an bhfigiúr sin a ardú chun an sprioc atá sa reachtaíocht a bhaint amach – gur daoine le Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chun na seirbhíse poiblí faoi 2030.

“De bharr scála agus ilghnéitheacht na seirbhíse poiblí beidh riachtanas ann do bheart náisiúnta de chuid earnáil na hOllscolaíochta d’fhonn dóthain céimithe atá inniúil sa Ghaeilge a sholáthar i ndisciplíní éagsúla chun a chinntiú go n-éireoidh leis an bhforáil 20%,” a deir an Coimisinéir Teanga.

Deir sé go bhfuil “forálacha an-tábhachtach” san Acht Teanga a chuireann “dúshraith reachtúil faoi chur chun cinn an ardoideachais trí mheán na Gaeilge go náisiúnta”.

“Is féidir leis [an tÚdarás um Ard-Oideachas] moltaí a dhéanamh don Aire maidir le líon na n-áiteanna ba chóir a chur ar fáil ar chláir ardoideachais d’fhonn freastal ar riachtanais an phobail teanga go náisiúnta.”

Ar na hearnálacha a mbeidh céimithe le Gaeilge ag teastáil uathu atá luaite sa tráchtaireacht, tá Riarachán & Beartas Poiblí, Rialachas Corparáideach, Pleanáil Teanga agus Oideachas do Ghairmithe Cúraim Shláinte.

Tá an gá le tuilleadh cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge aitheanta le fada agus ghlac an tAire Ardoideachais leis níos luaithe an mhí seo go gcaithfidh an rialtas níos mó a dhéanamh ar an gceist sin má tá an sprioc earcaíochta le baint amach.

I measc na bpríomhbheart eile ar leag an Coimisinéir Teanga béim orthu ina thráchtaireacht, tá an ról criticiúil atá ag córas na gcaighdeán teanga agus ag pleanáil an fhórsa saothair do bhaill foirne atá inniúil i nGaeilge a bheith ag obair as lámh a chéile.

Is trí chóras na gcaighdeán teanga atá le tabhairt i bhfeidhm ag Aire na Gaeltachta a leagfar dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí poiblí breise a sholáthar i nGaeilge.

“Teastaíonn tabhairt faoin bpleanáil fórsa saothair do bhaill foirne atá inniúil i nGaeilge ar bhonn córasach ar fud na hearnála poiblí trí chéile,” a dúirt Ó Concheanainn.

“Léiríonn cineál na ngearán atá m’Oifig a fháil go seasta gur dris chosáin í an easpa foirne ag a bhfuil Gaeilge mhaith chun seirbhísí poiblí bunúsacha a sholáthar i nGaeilge.”

Fág freagra ar 'Straitéis náisiúnta ag teastáil chun cur le líon na gcéimithe le Gaeilge – An Coimisinéir Teanga'

  • Aoife

    Go dtí go mbeidh athrú bunúsach i ndearcadh ollscoileanna i leith na Gaeilge, ní fheicfear dul chun cinn suntasach. Léiríonn cur chuige reatha Ollscoil na Gaillimhe easpa fíor-thiomantais don teanga — ag brath ar ábhar éadomhain margaíochta ar na meáin shóisialta faoi fhocail ar nós “pumpkin” nó “ghost,” amhail is gur leor sin chun pobal na Gaeilge a shásamh. Tá an cineál sin ionadaíochta maslach do Ghaeilgeoirí agus do na céadta a bhfuil gá acu le seirbhísí acadúla agus riaracháin trí Ghaeilge. Má theastaíonn ó institiúidí tríú leibhéal meas a léiriú ar an teanga, ní mór dóibh í a chur i gcroílár an oideachais agus an phobail, seachas í a ísliú go cleas margaíochta.

  • Is ceap magadh í an Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe. Ceapann siad gur foghlaimeoirí chuile dhuine a bhfuil suim acu sa teanga. Ní thugtar aon aitheantas go baill foirne a bhfuil Gaeilge líofa/dúchasach acu, ach brú oibre breise a chuir orthu nuair a theastaíonn “cúpla focal” nó “you could say a few words in Irish, couldn’t you?” cé nach mbaineann sé leis na gnáth dualgaisí oibre a bhfuil siad ag fáil íoctha orthu. Is léiriú iontach é an ábhar a roinntear ar mheán shóisialta na hollscoile i nGaeilge ar an chaoi a gcaithtear leis an nGaeilge taobh thiar de dhoirse dúnta.

  • MVO

    Tá sé suimiúil Ollscoil na Gaillimhe a fheiceáil luaite anseo. Mar dhuine atá ag obair san ollscoil, ní raibh mé ar an eolas faoi na postálacha seo go dtí inniu nuair a tháinig ríomhphost inmheánach chugam ag rá gur iarracht mhacánta í an tsraith Foghlaim Linn seo chun níos mó Gaeilge a úsáid.

    Is é an rud is aistí ná gur sraith phleanáilte atá inti rud a shuigh an fhoireann síos, a d’úsáid acmhainní air agus a cheadaigh. Leis an bhfírinne a rá, tá cuma rud a chuirfeadh intéirneach le chéile air, ní feachtas gairmiúil ó ollscoil. Tá sé dochreidte chomh míthuisceanach is atá sé seo, cé b’fhéidir nach iontas mór é sin ach an oiread.

    (Agus ar fhaitíos nach dtabharfadh duine ón bhfoireann margaíochta faoi deara é, scríobhfaidh mé University of Galway anseo agus b’fhéidir go bpiocfaidh siad suas é.)