Stampaí nua eisithe chun athoscailt na gColáistí Samhraidh Gaeltachta a cheiliúradh

‘Conas atá tú?’ agus ‘Tá mé go maith!’ atá scríofa ar na stampaí nua, chomh maith le híomhánna a bhaineann le taithí scoláirí ar na Coláistí Samhraidh

Stampaí nua eisithe chun athoscailt na gColáistí Samhraidh Gaeltachta a cheiliúradh

Tá stampaí speisialta a dhéanann ceiliúradh ar na Coláistí Samhraidh Gaeltachta eisithe ag An Post.

Tá dhá stampa, ar a bhfuil an Ghaeilge agus íomhánna a bhaineann le leis na Coláistí le cur ar fáil mar cheiliúradh ar athoscailt na gColáistí Samhraidh i ndiaidh na paindéime.

‘Conas atá tú?’ agus ‘Tá mé go maith!’ atá scríofa ar na stampaí. Deirtear go dtaispeántar freisin rudaí a mbeadh eolas ag daoine orthu ó bheith ag freastal ar Choláistí Samhraidh sa Ghaeltacht. Dar leis An Post, is iad na cuimhní sin – bagún agus cabáiste, spórt, ceol, damhsa céilí, an chéad ghrá, cosc ar an bhfón póca, aimsir na hÉireann a a bheith ag síorathrú agus litreacha a scríobh agus a fháil.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin gur “bealach iontach” iad na stampaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar scoláirí a bheith ag filleadh ar na Coláistí Samhraidh i mbliana.

“Chaith a lán againn, mé féin san áireamh, samhradh sa Ghaeltacht nuair a bhíomar óg agus tumadh muid inár dteanga agus inár gcultúr.

“Is iontach an chaoi a léiríonn na stampaí cuimhní a mhúsclaíonn cumha, mar shampla freastal ar chéilí, saol gan an fón cliste, cairde nua a dhéanamh, agus meas agus tuiscint ar ár dteanga mar chuid bhisiúil bheo de shaol na hÉireann a chothú.”

Chuir Anna Gallagher, bean tí in Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall, fáilte roimh eisiúint na stampaí agus dúirt go bhfuil sí ag tnúth le fáilte a chur ar ais roimh scoláirí an samhradh seo.

“Nach deas an rud é go bhfuil An Post ag tabhairt aitheantas do na Coláistí Samhraidh agus dúinne mar mhná tí. Níos deise arís go mbeidh muid ábalta fáilte a chur roimh na scoláirí i ndiaidh briseadh fada.”

Dúirt Mánus Ó Luaitháirí, príomhoide Choláiste Árainn Mhóir: “Tá an-áthas ar Choláiste Árainn Mhór fáilte ar ais a chur roimh scoláirí Gaeltachta go dtí an t-oileán tar éis dhá shamhradh uaigneacha. Taispeánann na stampaí na codanna is fearr den saol ag an nGaeltacht, agus is cuid thábhachtach den saol do na scoláirí ar ár gcúrsaí samhraidh é litreacha a scríobh agus a fháil.  Tá mé ag tnúth lena bhfeiceáil ar litreacha agus ar bheartáin an samhradh ar fad.”

Is é an gnólacht Detail, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, a dhear an dá stampa. Tá siad ar fáil i roinnt oifigí poist, i ngach ceantar Gaeltachta agus ar líne ag anpost.com/siopa.

Beidh scoláirí ag freastal ar na Coláistí Gaeltachta an samhradh seo den chéad uair ó 2019 tar éis do na cúrsaí a bheith curtha ar ceal le dhá bhliain anuas de bharr na paindéime.

Ní bheidh gach coláiste ag athoscailt, áfach, agus deacrachtaí ann lóistín, múinteoirí agus cúntóirí a fháil i  roinnt coláistí ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'Stampaí nua eisithe chun athoscailt na gColáistí Samhraidh Gaeltachta a cheiliúradh'