Níl aon chríoch i ndán go fóill don athbhreithniú atá á dhéanamh ag Foras na Gaeilge ar chóras na gceanneagraíochtaí Gaeilge le nach mór trí bliana anuas.
Foilsíodh anseo le gairid eolas faoi thuarascáil a rinneadh d’Fhoras na Gaeilge faoi obair na gceanneagraíochtaí, ach dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta nach raibh sa tuarascáil sin ach an chéad cheann “i sraith de thuairiscí”.
“Pléann an chéad tuairisc seo le héifeachtacht na struchtúr a bunaíodh in 2014. Tá sé i gceist againn tuarascálacha eile a choimisiúnú,” a dúirt urlabhraí Fhoras na Gaeilge.
I bhfreagra ar cheist Dála mí na Nollag seo caite, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go rabhthas ag súil go mbeadh an t-athbhreithniú ar na sé cheanneagraíocht curtha i gcrích “sa bhliain úr”.
Bhí na ceanneagraíochtaí féin ag súil chomh maith gur ghearr go mbeadh an t-athbhreithniú thart. Tuigeadh do na ceanneagraíochtaí go mb’fhéidir go mbeadh tuarascáil amháin eile le coimisiúnú mar gur chuir an phaindéim as d’ullmhú na tuarascála is déanaí ach údar iontais a bheidh ann dóibh go bhfuil sraith tuairiscí beartaithe.
Liam Ó Cuinneagáin, a bhfuil an comhlacht comhairliúcháin oideachais ROS aige, a d’ullmhaigh an tuarascáil An Cur Chuige Comhpháirtíochta – Luacháil d’Fhoras na Gaeilge.
An cur chuige comhpháirtíochta a thugtar ar chóras na gceanneagraíochtaí a tugadh isteach in 2014.
Faoin gcóras nua laghdaíodh líon n-eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ón bhForas ó 19 go sé cinn
Deirtear i réamhrá na tuarascála gur fhág an phaindéim nár éirigh leis na comhairleoirí deimhniú “lena súile” an cathair mar a tuairisc na torthaí a deir na ceanneagraíochtaí a bhíonn ar a gcuid oibre.
Seo an dara tuarascáil athbhreithnithe faoi earnáil dheonach na Gaeilge le cúpla bliain anuas, ach níor foilsíodh an chéad cheann riamh.
Mhaígh na ceanneagraíochtaí in 2019 go ndearna an Foras cinneadh “aontaobhach” maidir leis an gcéad tuarascáil athbhreithnithe, tuairisc a rinne an comhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga.
Chuir na ceanneagraíochtaí – Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann, Gaeloideachas agus Glór na nGael –comhráiteas amach, rud neamhghnách go leor, ag cáineadh Fhoras na Gaeilge as “beag is fiú” a dhéanamh den “chomhpháirtíocht”.
Bhagair na sé cheanneagraíocht go n-éireoidís as an bpróiseas athbhreithnithe mura gcuirfeadh Foras na Gaeilge ar fáil dóibh cóip den tuarascáil a rinne an comhairleoir pleanála teanga, Colm Ó Cinnseala.
Ní bhfuair na ceanneagraíochtaí cóip den tuarascáil sin riamh.
Deirtear sa tuarascáil nua go leagann na ceanneagraíochtaí Gaeilge an iomarca béime ar líon na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl acu seachas ar thoradh na ngníomhaíochtaí sin.
Déantar tagairt chomh maith sa tuarascáil, a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc.ie, do theannas a bheith idir ceanneagraíochtaí agus Foras na Gaeilge.
Maítear freisin go bhfuil “dúthracht” na gceanneagraíochtaí agus “a ndílseacht” don Ghaeilge “thar a bheith soiléir”.
Fág freagra ar '‘Sraith tuairiscí’ beartaithe ag Foras na Gaeilge faoi obair na gceanneagraíochtaí'