SRAITH PICTIÚR: Tine Sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile

tá muid i mbun oibre i gcónaí chun go mbeidh daoine ábalta a gclárúchán a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge.

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine atá in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí:

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine atá in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3.

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord:

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint :

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6.
  • Tá roinnt focal/nathanna thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh:

  • Léigh an cur síos thíos ar an SP.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht:

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an SP.
  • Breathnaigh ar an téacs ag an am céanna más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá:

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine ina aice leat. Ansin déanfaidh an duine sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtithe difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an SP. Tá uirlis taifeadta le fáil ar bharr an leathanaigh, ar chlé.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte is féidir é a chuardach san uirlis foclóra. Cliceáil ar an gcnaipe ‘Foclóirí’ atá ar bharr an leathanaigh ar chlé.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Déan cur síos ar eachtra thromchúiseach/neamhghnách a tharla ar scoil.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna:

Cad go díreach a tharla?
Cén chaoi ar mhothaigh tú?
Cad a tharla i ndiaidh na heachtra?

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile

B1

An mhí seo caite bhí scoláirí na hidirbhliana sa chistin.

Bhí rang eacnamaíocht bhaile faoi lán seoil.

Bhí Séan, Tomás agus Máire ag obair le chéile.

Is dóigh liom go raibh boladh breá ón mbia a bhí á chócaireacht acu.

Choinnigh an múinteoir súil ghéar orthu.

B2

De gheit d’imigh an friochtán trí thine.

Baineadh geit ollmhór as Tomás.

Ní raibh a fhios aige ó thalamh an domhain céard a thosaigh an tine.

Ba dhóbair nár thit an múinteoir i laige. Bhéic sí in ard a cinn is a gutha ar na scoláirí an seomra a fhágáil.

B3:

Rith an múinteoir go dtí an t-aláram tine ar luas lasrach.

Bhris sí an ghloine agus bhrúigh sí an cnaipe.

Thosaigh an t-aláram ag bualadh go hard.

Bhí sé le cloisteáil ar fud na scoile.

Ceapaim gur baineadh geit as gach duine.

B4:

Thosaigh an príomhoide ag caint ar an ngléas idirchumarsáide.

D’impigh sé ar na scoláirí an scoil a fhágáil go mall.

Cé go raibh na scoláirí sceimhlithe ina mbeatha níor tháinig líonrith orthu.

Sílim go ndearna siad an druil tine a chleachtadh go minic.

Bhailigh siad le chéile ag an ionad tionóil agus ghlaoigh na múinteoirí an rolla.

B5:

Ag an bpointe sin bhí an tine faoi bharr lasrach.

Chuaigh beirt mhúinteoirí misniúla isteach sa chistin leis an tine a mhúchadh. Níorbh fhada go raibh an tine múchta ag an Máistir Ó Sé agus an Máistir Ó Cinnéide.

Bhí an áit chomh dubh le pic leis an deatach agus bhí an chistin millte.

B6:

Lig gach duine osna faoisimh astu nuair a chuala siad go raibh an tine múchta. Sin ráite bhí díomá ar na scoláirí mar go raibh orthu filleadh ar na ranganna. Shiúil siad i dtreo na ranganna go malltriallach.

Tugadh íde béil dos na scoláirí.

Bhí ciall cheannaithe acu tar éis na heachtra.

Ceisteanna

  • Céard a bhí á chócaireacht acu?
  • Ar gortaíodh éinne?
  • An ndearnadh mórán damáiste?
  • Cá bhfuil na scoláirí i mbosca 4?
  • Cá bhfuil na scoláirí i mbosca 1?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Tine Sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile'