SRAITH PICTIÚR: Timpiste

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Cuma scéilín/eachtra faoi thimpiste.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Déan cur síos, cuir tuairimí i láthair, cuir carachtair, in aithne, bíodh teachtaireacht/ceacht éigin sa scéilín, tabhair comhairle agus rabhadh.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifead.

 


Timpiste

(Téacs an fhíseáin)

1) Bhí an oíche go hainnis agus stealladh báistí ann.
Bhí scáth fearthainne ag roinnt daoine ar an tsráid.
Tá an chuma orthu go raibh siad fliuch go craiceann.
Bhí an carr á thiomáint ar luas lasrach.
Bhí an bóthar fliuch báite agus an-sleamhain.

2) Bhí Micheál agus Bríd sa gcarr.
Bhí clab go cluasa ar an mbeirt acu.
Is cosúil sé nach raibh aon chrios sábhála ar an bhfear.
Bhí sé ag caint ar a fhón póca agus ní raibh aon aird á tabhairt aige ar an mbóthar.

3) I bpreabadh na súl bhí Colm buailte acu.
Bhí an fear bocht ag iarraidh gabháil trasna an bhóthair ag trasrian coisithe.
Caitfidh sé go raibh an carr ag gluaiseacht an-sciobtha go deo agus gur tháinig sé aniar aduaidh ar Cholm.
Ba bheag nár thit an t-anam as Micheál agus Bríd.

3)Bhí Colm sínte ar fhleasc a dhroma gan aithne gan urlabhra.
Tháinig Micheál agus Bríd amach as an gcarr láithreach.
Bhí creathadh bainte astu tar éis na timpiste.
Ghlaoigh duine éigin ar na seirbhísí éigeandála.

4) Tháinig an t-otharcharr gan mhoill.
Bhí speabhraídí fós ar Cholm.
Cuireadh isteach san otharcharr é.
Bhí sé fós ag stealladh báistí.
Cheistigh an Garda Micheál agus Bríd faoin eachtra.

5) Bhí ar an lánúin gabháil chuig stáisiún na nGardaí.
Chuir an Garda faoi agallamh iad.
Tá cuma an-bhuartha ar Mhicheál agus Bríd.
Bhí Micheál ag smaoineamh go ndearna sé botún nuair a bhí sé ar an bhfón agus ag tiomáint ag an am céanna.
D’airigh Micheál bocht an-chiontach.

Ceisteanna

  1. An raibh cúpla deoch ólta ag an bhfear, meas tú?
  2. An raibh Colm gortaithe go dona, meas tú?
  3. Céard a tharla do Mhicheál ina dhiaidh seo?
  4. Cad dúirt an Garda leis sa stáisiún?
  5. Cad dúirt Bríd leis ina dhiaidh sin?