SRAITH PICTIÚR: Post Samhraidh

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, ag scríobh agus ag caint:

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura mbíonn tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí:

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3.

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint:

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag cur síos ar bhosca 6.
  • Tá roinnt focal/nathanna thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh:

  • Léigh an cur síos thíos ar an SP.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht:

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an SP.
  • Breathnaigh ar an téacs ag an am céanna, más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá:

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh  tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine ina aice leat. Ansin déanfaidh an duine sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtithe éagsúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an SP. Tá uirlis taifeadta le fáil ar bharr an leathanaigh, ar chlé.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile. 

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte is féidir é a chuardach san uirlis foclóra. Cliceáil ar an gcnaipe ‘Foclóirí’ atá ar bharr an leathanaigh ar chlé. 

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi phost páirtaimseartha a bhí/atá agat.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: An raibh sé deacair an post a fháil? Déan cur síos ar an cúraimí a bhí ort. Ar thaitin an post leat? Cén fáth? An raibh an pá go maith? Cén chaoi ar chaith an bas/bainisteoir leat?
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Post Samhraidh

B1: I dtosach mhí an Mheithimh fuair Seán agus Pól laethanta saoire ón scoil.
Thaitin sé leo i dtosach ach níorbh fhada go ndeachaigh rudaí chun leadráin.
Chinn siad iarracht a dhéanamh poist a fháil.
Bhí airgead ag teastáil uathu le dul ar saoire, le héadaí a cheannach agus don choláiste.
Chuaigh siad ag cuardach ar an idirlíon.

B2: Tar éis tamaill chonaic siad postanna fógartha in óstán i mBaile Átha Cliath.
Dúirt Seán go mbeadh orthu árasán a fháil ar cíos dá dtógfadh siad na postanna.
Chuir Pól an-spéis sa bhfógra.
Bhí a dheartháir i mBaile Átha Cliath agus dar leis go raibh saol an mhadra bháin aige.
Dar le Pól, bheadh cead a gcinn acu i mBaile Átha Cliath.

B3: Níorbh fhada ina dhiaidh sin go bhfuair siad glaoch chun agallaimh.
Mhínigh an bainisteoir dualgais na bpost dóibh.
Bheadh orthu uaireanta faoi leith a oibriú, éadaí oibre a chaitheamh agus thar aon ní eile a bheith béasach leis na custaiméirí.
D’fhiafraigh an bainisteoir díobh an raibh siad sásta leis na coinníollacha sin.
Dúirt siad go raibh agus theastaigh ó Phól a fháil amach cén uair a thosódh siad.

B4: Chuaigh siad i mbun oibre an lá dár gcionn.
Bhí orthu obair na gcapall a dhéanamh.
Bhí Pól ag obair taobh thiar den bheár agus bhí Seán ag obair mar fhreastalaí.
Measaim go raibh siad tuirseach traochta tnáite go minic.

B5: Ag deireadh an tsamhraidh chuir an bainisteoir in iúl do na buachaillí go raibh sé an-sásta lena gcuid oibre.
Thug sé cuireadh dóibh filleadh ar na poist i rith na Nollag.
Ina theannta sin dúirt sé go mbeadh fáilte rompu teacht ar ais an samhradh dár gcionn.
Bhí na buachaillí an-bhuíoch den bhainisteoir agus bhí an-spéis acu filleadh ar na poist.

B6: Bhí tuismitheoirí Phóil an-bhródúil as.
Thuig siad go raibh obair na gcapall déanta aige i rith an tsamhraidh.
Bhí tuismitheoirí Sheáin an-sásta freisin.
Dar leo go mbeadh an t-airgead ag teastáil don choláiste
Mhol siad dó rud éigin deas a cheannach dó féin.

Ceisteanna:

  1. Cén mhí atá luaite i mbosca 1?
  2. Cad is ainm don óstán? (bosca 3)
  3. Cén lá den mhí atá luaite i mbosca 5?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Post Samhraidh'