SRAITH PICTIÚR: Turas Scoile

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 05). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Tá tú ar thuras scoile ar feadh cúpla lá. Cuireann tú glaoch ar do chara. Scríobh an comhrá a bheadh eadraibh.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Tabhair beannú cuí, déan coinne a shocrú, déan cur síos ar an gcúrsa, abair go dtaitníonn nach dtaitníonn rud éigin leat, déan comhairle a lorg, déan cur síos ar eachtra shuimiúil a tharla.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

 

Turas scoile

(Téacs an fhíseáin)

1)Labhair an Máistir Ó Sé leis an rang faoi thuras scoile.
Bhí fonn ar go leor acu dul thar lear go dtí áiteanna cosúil le Páras agus An Róimh.
Theastaigh ó dhaoine eile dul ag sciáil i rith na Nollag.
Mheabhraigh an Máistir Ó Sé dóibh go raibh turais den sórt sin an-chostasach agus go raibh teaghlaigh áirithe faoi bhrú ag an gcúlú eacnamaíochta.
Mhol sé turas chuig campa eachtraíochta.

2) Bhí gach duine sásta leis sin agus d’imigh siad leo go campa eachtraíochta i gConamara coicís ina dhiaidh sin.
Bhí lóistín ann do chailíní agus do bhuachaillí.
Ní raibh insint bhéil ar áilleacht na dúiche.

3) Bhí cúpla lá den chéad scoth acu sa champa.
Ní raibh aon dá lá mar a chéile.
Chuaigh siad ag rothaíocht, ag cadhcáil, ag surfáil, ag rópadóireacht agus ag siúl.
Bhí siad tuirseach, traochta, tnáite i ndiaidh na ngníomhaíochtaí ar fad.

4) Chuaigh roinnt de na daltaí ag rianadóireacht agus bhí sé an-suimiúil.
Chuaigh daltaí eile ar chúrsa ionsaithe agus bhí sé an-dian.
Bhí orthu abhainn a thrasnú.
Bhí siad fliuch báite ach ba chuma leo.

5) Bhíodh an gabhar á róstadh acu gach oíche i rith na saoire.
Bhíodh siad ar fad ag iarraidh a scíth a ligean.
Bhíodh cuid acu ag léamh, daoine eile ag casadh ceoil agus bhíodh roinnt daoine a d’fhéachadh ar an teilifís.

6) Bhí siad an-bhrónach ag fágáil an champa.
Nuair a d’fhill siad abhaile d’fhiafraigh a dtuismitheoirí díobh cén chaoi a raibh an cúrsa.
Dúirt siad go raibh sé go hiontach agus go raibh an-bhuíochas ag dul do na múinteoirí.
Mhaígh cúpla daoine go raibh sé níos fearr ná turas thar lear.
Bhí siad ar fad tuirseach, traochta, tnáite.
Ní dhéanfaidh siad dearmad ar an gcúpla lá sin go deo na ndeor.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  1. Cé atá ag labhairt leis an rang i mbosca 1?
  2. Cá bhfuil an campa?
  3. Cad iad na himeachtaí atá ar siúl acu i mbosca 3?
  4. Cad atá scríofa ar an gcomhartha i mbosca 4?
  5. Cad iad na himeachtaí a bhíonn ar siúl san oíche?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Turas Scoile'