Sprioc 2018 – siúlóid laethúil agus ranganna aclaíochta…sprioc 2019 éirí den chathaoir chuile uair an chloig

Ar chúis eicínt, airíonn ár gcolúnaí an-dearfach faoina cuid rún i mbliana. Beidh léi, síleann sí

Sprioc 2018 – siúlóid laethúil agus ranganna aclaíochta…sprioc 2019  éirí den chathaoir chuile uair an chloig

Cuirim tús leis an mbliain nua i gcónaí liosta de rúin athbhliana a leagan síos chun ‘mapa’ a leagan amach don bhliain atá amach romhainn.

Sprioc na bliana seo caite: Réiteoidh mé plean do na béilte folláine don chlann ar fad. Beidh, ar a laghad, glasra amháin mar chuid de gach béile.

Sprioc na bliana seo: An gcomhaireann anlann trátaí mar ghlasra?

Sprioc na bliana seo caite:  Déanfaidh muid ceardaíocht leis na gasúir chuile sheachtain. B’fhéidir go mbeadh sé seo bunaithe ar na séasúir, ar an eolaíocht, nó ar leabhair atá á léamh acu.

Sprioc na bliana seo: Cuirfidh mé soláthar leabhar, sellotape, crián, siosúr agus páipéir dhaite ar fáil.

Níl difríocht ar bith an bhliain seo ó thaobh na rún de, ach amháin, go bhfuil sé ag rith liom is mé ag réiteach mo chuid liostaí le blianta beaga anuas gur féidir brath air nach ndéanfaidh an chuid is mó againn cibé rud atá leagtha amach againn ar an liosta rún don bhliain nua.

Sprioc na bliana seo caite: Cuirfidh mé feabhas ar mo leibhéal aclaíochta trí shiúlóid laethúil a thógáil agus ranganna aclaíochta a dhéanamh.

Sprioc na bliana seo: Éireoidh mé ón gcathaoir chuile uair an chloig agus siúlfaidh mé thart ar an oifig ar mhaithe leis an bhfuil a choinneáil ag imeacht.

Sprioc na bliana seo caite: Cuirfidh mé faobhar ar an intinn trí chlárú le ranganna tráthnóna, b’fhéidir códáil nó meicneoireacht, nó ábhar spéisiúil eicínt eile nach bhfuil aon eolas agam air, agus foghlaimeoidh mé scileanna nua.

Sprioc na bliana seo: Fanfaidh mé i mo dhúiseacht sách fada sa tráthnóna chun pictiúrleabhar a léamh ó thús go deireadh do na gasúir.

Tá sé déanta amach agam anois gurbh í an fhadhb a bhí agam roimhe seo ná go raibh mé ró-uaillmhianach leis na rúin a bhíodh á leagan síos agam.

Tuigim anois cá ndeachaigh mé amú! Nach ndeirtear gurb é leath an réitigh ná an fhadhb a thabhairt faoi deara?

Nó, mura ndeirtear, nár cheart go ndéarfaí?

Sprioc na bliana seo caite: Fanacht ar an eolas faoi na forbairtí agus an nuacht is deireanaí faoin mBreatimeacht, faigh amach cé Michel Barnier is cé leis é, agus coinnigh súil ar chúrsaí reatha náisiúnta agus idirnáisiúnta eile.

Sprioc na bliana seo: Cuimhnigh cár pháirceáil mé an carr agus ar íoc mé bille Barna Waste.

Sprioc na bliana seo caite: Caill mo dhóthain meáchain is go mbeidh mé in ann mo chuid jíons bheaga a chaitheamh arís is nach mbeidh siad ag bailiú dusta sa gcófra.

Sprioc na bliana seo: Tabhair na seanjíons don chatharnacht, glac leis an meáchan breise agus bí buíoch as, mar cá bhfios nach dteastóidh sé uaim sa gcás is gurb í seo an bhliain a dtiocfaidh apacailipsis na zombaithe.

Ar chúis eicínt, ní fhéadfainn mo mhéar a leagan air, ach airím an-dearfach faoi mo chuid rún i mbliana. Beidh liom, sílim.

Fág freagra ar 'Sprioc 2018 – siúlóid laethúil agus ranganna aclaíochta…sprioc 2019 éirí den chathaoir chuile uair an chloig'