Soiléiriú tugtha ag an Aire Tithíochta gur thuig sé díospóireacht i nGaeilge sa Dáil

Dúirt an Teachta Dála Donnchadh Ó Laoghaire le Tuairisc gur chas sé leis an Aire James Browne agus gur dheimhnigh sé dó go raibh sé in ann an méid a dúradh i nGaeilge le linn díospóireachta a thuiscint

Soiléiriú tugtha ag an Aire Tithíochta gur thuig sé díospóireacht i nGaeilge sa Dáil

Deir an tAire Tithíochta James Browne gur thuig sé an chaint i nGaeilge a rinneadh le linn díospóireachta sa Dáil an tseachtain seo faoi chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht.

Bhí amhras ann an raibh na pointí a bhí déanta ag an bhfreasúra tugtha leis an ag Aire, nach bhfuil aithne air mar dhuine de Ghaeilgeoirí Fhianna Fáil agus nár bhain úsáid as an tseirbhís ateangaireachta atá ar fáil sa Dáil le linn na díospóireachta Dé Máirt seo caite.

Dhiúltaigh an tAire Browne freagra a thabhairt nuair a fiafraíodh di ag an am ar thuig sé na pointí a bhí déanta i nGaeilge ag Teachtaí Dála Shinn Féin ach tá sé ráite aige ó shin gur thuig.

An Teachta Dála Donnchadh Ó Laoghaire a d’iarr an soiléiriú ar an Aire Browne sa Dáil Dé Máirt ach dúirt sé le Tuairisc gur chas sé leis an Aire ó shin agus gur dheimhnigh sé dó gur thuig sé an méid a bhí ráite.

“Tharla gur bhuail mé leis an Aire ó shin. Mhínigh mé dó nach raibh mé ag iarraidh é a cháineadh as gan a bheith ag caint as Gaeilge, ach díreach go rabhas ag iarraidh a dhéanamh amach ar thuig sé an méid a bhí le rá agam,” arsa Ó Laoghaire.

“Thuig sé an pointe. Dúirt sé go raibh tuiscint réasúnta maith aige ar an nGaeilge agus gur thuig sé an méid a bhí ráite agamsa agus ag an bhfreasúra.”

Dúirt Ó Laoghaire gur thapaigh sé an deis na constaicí a bhíonn le sárú ag muintir na Gaeltachta maidir le cúrsaí pleanála a lua arís leis an Aire.

Dúirt an Teachta Dála do Chorcaigh Theas-Lár nach raibh sé chun scríobh ag an gCeann Comhairle faoin scéal, mar a mhol an Cathaoirleach Gníomhach dó oíche Dé Máirt.

D’éirigh an plé teasaí sa Dáil nuair a dúirt an Teachta Ó Laoghaire nach raibh aon fhadhb aige mura raibh an caighdeán Gaeilge ag an Aire chun an plé a thuiscint, ach go raibh sé tábhachtach go dtuigfeadh sé na pointí a bhí déanta leis.

Dhiúltaigh an tAire a rá ar thuig sé an méid a bhí ráite i nGaeilge.

“Maybe the deputy wants to elaborate on what level of Irish he wants me to say I have,” arsa an tAire.

Iarradh ar an Aire soiléiriú a thabhairt ina ráiteas clabhsúir, ach bhí sé imithe faoin tráth ar tháinig an t-am dósan labhairt arís. An tAire Stáit Christopher O’Sullivan, a bhain úsáid as na cluasáin, a labhair thar ceann an Aire Browne ag deireadh an phlé.

Níor chuir an tAire Browne i gcoinne rún Shinn Féin faoin ngéarchéim thithíochta.

Eagraíodh agóid lasmuigh de Theach Laighean níos luaithe Dé Máirt agus na grúpaí feachtais Bánú agus Tinteán ina measc siúd a bhí i láthair.

Tuigtear do Tuairisc gur i mBéarla a reáchtáladh cruinniú a bhí ag Bánú agus Tinteán leis an Aire Tithíochta agus le hAire na Gaeltachta sna Forbacha mí an Mheithimh seo caite.

Fág freagra ar 'Soiléiriú tugtha ag an Aire Tithíochta gur thuig sé díospóireacht i nGaeilge sa Dáil'