Socruithe sochraide fógraí báis á bplé i Raidió na Gaeltachta

Níos annaimhe a chloisfear na fógraí báis ar RTÉ Raidió na Gaeltachta feasta má ghlactar le hathrú ar sceideal an stáisiúin atá á phlé

Radio

D’fhéadfadh gur níos annaimhe a chloisfear na fógraí báis ar RTÉ Raidió na Gaeltachta feasta má ghlactar le hathrú ar sceideal an stáisiúin atá á phlé faoi láthair.

Is mar chuid de na hathruithe bunúsacha atá á mbeartú ar an gclár cúrsaí reatha Adhmhaidin atáthar ag féachaint ar cé chomh minic is a chraoltar na fógraí báis i rith an lae.

Faoi láthair craoltar na fógraí báis ocht n-uaire gach lá le linn na míreanna nuachta idir a hocht a chlog ar maidin agus a sé a chlog tráthnóna.

Má ghlactar leis an moladh atá mar chuid de phlécháipéis atá a scrúdú faoi láthair, gheofaí réidh leis na fógraí báis sa mhír nuachta a chraoltar le linn Admhaidin ag 8.30 am, sa mhír nuachta a chraoltar ag meán lae agus sa mhír nuachta ag a cúig a chlog tráthnóna.

Tá na fógraí báis ar cheann de na gnéithe is sainiúla de sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta agus pobal éisteachta dílis acu ar fud na Gaeltachta agus lasmuigh di.

Is cinnte nach gach éinne sa Raidió a ghéillfeadh go bog gur cheart go gcraolfaí níos annaimhe iad, in ainneoin go dtógann siad cuid mhaith d’am na míreanna nuachta.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, tá athruithe á mbeartú ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ceann de na cláracha cúrsaí reatha is faide ar an saol sa tír.

Tá cáipéis maidir leis an gcur chuige nua d’Adhmhaidin scaipthe ag lucht bainistíochta an stáisiúin ar an bhfoireann agus tá plé á dhéanamh ar a bhfuil ann. I measc na ngnéithe den chlár atá á meas, tá an soláthar nuachta a thagann ó na réigiúin, formáid agus stíl na míreanna nuachta eile a bhíonn air agus dualgais oibre na mball foirne.

Fág freagra ar 'Socruithe sochraide fógraí báis á bplé i Raidió na Gaeltachta'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Na fógraí báis a chur ar ceal! An bhfuil ciall ar bith fágtha ag an dream atá ag cur na moltaí seo chun cinn?