Síocháin san Úcráin – bíonn gá le haisling chun sinn féin a tharraingt amach as an abar

Dímhíleatú atá ag teastáil ón domhan, ar bhonn práinneach, dí-armáil uilechoitinn!

Síocháin san Úcráin – bíonn gá le haisling chun sinn féin a tharraingt amach as an abar

Ní ceannteideal é Síocháin san Úcráin a fheictear sna meáin agus ba é NÓS an t-aon ardán Gaeilge, go bhfios dom, a tharraing aird ar an amhrán síochána a chumas-sa i gcomhar le Enda Reilly.

Deir Enda liom gur chan sé é ag an Milwaukee Irish Fest agus nár caitheadh uibheacha lofa ná diúracáin leis. Is é fírinne an scéil, dar liomsa, ná go santaíonn gach éinne an tsíocháin ina chroí istigh ach go bhfuil fórsaí ann a iompaíonn inár n-ainmhithe allta sinn, fórsaí sna meáin ina measc.

Oiltear iriseoirí, tuairisceoirí agus craoltóirí chun fíricí a bhailiú agus a mheá seachas chun aisling a bheith acu. Ach bíonn gá le haisling chun sinn féin a tharraingt amach as an abar, aislingí útóipeacha fiú amháin, mar a bhí ag John Lennon.

‘Samhlaigh gan aon tíortha ann,’ ar seisean. Is Ainrialaí mé féinig, rud a chiallaíonn gurb í an aisling atá againne ná deireadh a chur le teorainneacha agus aon phláinéad amháin a bheith againn, an tsochaí á bainistiú ón bpobal aníos seachas á rialú ón aicme cheannais anuas.

Conas a bheadh cogadh idir dhá thír ann dá mba aon dream amháin sinn, gan bratacha náisiúnta ar foluain áit ar bith?

Bíonn dánta dátheangacha agam go rialta i bhfoilseacháin thar lear, san iris Modern Literature a fhoilsítear in Chennai na hIndia, cuir i gcás.

Is túisce a ghlactar leis an nGaeilge thar lear ná i bhfoilseacháin áirithe sa tír seo. Fáiltíonn Culture Matters (Sasana) roimh ábhar dátheangach uaim chomh maith, dánta síochána san áireamh.

Feictear domsa gur ag gríosú an chogaidh a bhíonn go leor de na meáin, áfach, agus is léir go bhfuil cuid mhaith de mheáin na hÉireann ag tacú le NATO. Tá saighdiúirí na hÉireann ag traenáil earcach Úcránach faoi láthair. Nílimse sásta leis an obair sin, ach féach gur iaroifigigh airm iad cuid mhaith de na tráchtairí Gaeilge ar an gcogadh seo. An bhfuil siadsan sásta go leor leis an socrú sin? Dímhíleatú atá ag teastáil ón domhan, ar bhonn práinneach, dí-armáil uilechoitinn!

Tá drumaí an náisiúnachais á mbualadh sa Rúis agus san Úcráin agus sagairt ar an dá thaobh ag beannú na dtancanna in ainm Chríost. Ach ba sna dúichí sin a bhláthaigh an tAinrialachas agus níl dearmad déanta acu go léir ar an bhfealsúnacht sin.

Agus é ag scríobh san iris Ainrialaitheach Fifth Estate i mbliana, mheabhraigh an tOllamh Emeritus le Stair Thomas Martin dúinn nach raibh an Úcráin neamhspleách go dtí an bhliain 1991. I gcaitheamh na gcéadta, bhain cuid dá críocha leis an bPolainn, an Tuirc, an Liotuáin, an Ostair agus an Rúis. Ainm na tíre féin, an Úcráin, ‘dúiche theorann’ is brí leis. Meastar gurb é sin an fáth a bhfuil go leor Úcránach ceanúil ar an Ainrialachas –

is tábhachtaí leo daoine ná an stát. Áiméan.

Bheadh Ainrialaithe ag aontú leo siúd a fhéachann ar Putin ní hamháin mar Naomhphátrún na nOlagarc ach mar Aspal an Phan-Shlavachais chomh maith, gluaiseacht impiriúil atá ag dul i neart ón naoú haois déag ar aghaidh agus a ndúirt an t-idéalaí Críostaí Vladimir Soloviev (1853 -1900) ina taobh nach raibh inti ach ‘bréag-thírghrá áiféiseach agus nach ag freastal ar leas an náisiúin a bhí sí ach an tír á coinneáil aici ar chonair an fhéinspéiseachais náisiúnta’.

Cé chomh mór is atá ego Putin? Is dóigh le tráchtairí áirithe gur pearsanú é ar mháine Rúiseach, galar atá ann le fada ar a dtugtar meisiasachas.

Léigh mé san iris Lampoon gur mheas an Patrarc Cyril go raibh rud éigin “meitifisiciúil” ag baint le hionradh na Rúise ar an Úcráin. Bhí ar ndóigh!

Táimid i dtrioblóid . . .

Fág freagra ar 'Síocháin san Úcráin – bíonn gá le haisling chun sinn féin a tharraingt amach as an abar'

  • Eoghan Ó Néill

    Ceart agat, géar-ghá le socrú chun na gunnaí a chur ina dtost agus seans a thabhairt do mhuintir bhocht na hÚcráine fáil amach as an úafás agus iarracht a dhéanamh saol éigin a ath- chruthú dóibh féin arís. Ar ndóigh tá an rud ag dul go seoigh ó thaobh iad siúd atá i gceannas ar nato

  • Colm Mac Sealaigh

    Tagaim leat cuid mhór a Ghabriel. Grma

  • Garry Bannister

    Alt eile den scoth ó Rosenstock agus amhrán suntasach na síochána á chanadh ag Enda. Molaim do chách éisteacht leis. Dá mbeadh Bono agus U2 ag canadh amhráin mar an ceann atá á chasadh ag Enda Reilly, bheadh guth ard mhuintir na tíre seo le cloisteáil níos fairsinge ná mar is féidir fiú le Clare Daly agus Mick Wallace é a dhéanamh i bParlaimint na hEorpa. Tuigimidne uile sa tír seo cad is brí le cogaí síoraí agus le himpiriúlachas. Tuigeann muintir an India é agus tuigeann muintir na Rúise agus na hÚcráine é freisin. Ach nuair a bhí an conradh síochána sínithe i dtosach an chogaidh uafásaigh seo, sula raibh an dúch fiú tirim ar phár an chonartha bhí Boris Johnson ar an láthair ag scaipeadh gach dóchas le stop a chur leis an sléacht a bhí ar siúl agus an t-ár a bhí le teacht. Is léir do dhuine ar bith gur seach-chogadh é seo idir an Rúis agus Meiriceá. Críochnaíonn gach cogadh le hidirbheartaíocht de shaghas éigin. Ní bheidh fágtha den Úcráin ach reilig mhór, lán le raidhse mharbhán in olluaigheanna dorcha; léan, anachain, anró agus briseadh croí. Is tír neodrach Éire agus ba chóir dúinne an neodracht sin a úsáid chun drumaí na síochána a bhualadh ar bhealach go gcloisfidh an domhan ar fad iad. Gabhaim m’fhíorbhuíochas le healaíontóirí amhail Enda Reilly agus Gabriel Rosentock as a misneach ollmhór ach ní mór d’ealaíontóirí eile na hÉireann a n-eiseanláir a leanúint mar ní neart go teacht le chéile!

  • Seán Ó Floinn

    Dá gcuirfí fealsúnacht ainrialach Garbiel i bhfeidhm bheadh cead a gcinn ag brúideanna ar nós Putin a rogha rud a dhéanamh. Mura bhfuil cumhacht ag an stát dlí agus ord a chur i bhfeidhm – bíodh sin laistigh de thír amháin nó ar an stáitse idirnáisiúnta, beidh anord agus aindlí ann.
    Bhí stailc 16 uair a chloig ann tráth in Montréal Cheanada agus bhí raic ann laistigh de chúpla uair an chloig – thosaigh daoine ag creachadh na siopaí, rinneadh robáil ar shé bainc ann agus méadú ar gach cineál coiriúlachta, dúnmharuithe san áireamh. An é sin an útóipé ainrialach a theastaíonn ó Gabriel?

  • Seán Ó floinn

    Gabh mo leithscéal, bhí stailc 16 uair a chloig *póilíní* ann

  • Gabriel Rosenstock

    Ní thuigeann Seán an difríocht atá idir ‘anarchy’ agus ‘Anarchism’. Ní ar son ‘anarchy’ atáimse ach ar son ‘Anarchism’, mar a mhíníonn leithéidí Mikhail Bakunin, Rudolf Rocker, an Prionsa Kropotkin, Alexander Berkman, Howard Zinn, Noam Chomsky etc é. Tabharfaidh na daoine sin tuiscint nua duit don domhan agus ní gá duit a bheith i do sclábhaí feasta ag bolscaireacht agus bréaga an stáit, ón gcliabhán go dtí an uaigh. Mar shampla, deir Zinn: ‘Conas is féidir cogadh a fhearadh ar an sceimhlitheoireacht nuair is sceimhlitheoireacht atá sa chogadh?’
    Oideachasóir iontach ab ea Zinn. Bhí sé buartha a dúirt sé go ngéillfeadh na mic léinn a bhí aige go humhal don stát, gan cúrsaí a iniúchadh dóibh féin. Ní raibh sé sásta go nglacfadh na mic léinn a bhí aige le teagasc an stáit, ná leis an méid a bhí sna téacsleabhair agus sna meáin gan géarscrúdú a dhéanamh air.
    Arm éifeachtach a bhí ag an Dr Martin Luther King, Gandhi agus Lucht na gCeart Sibhialta i dTuaisceart Éireann ná easumhlaíocht shibhialta. Níl aon fhadhb agamsa le heasumhlaíocht shibhialta, a dúirt Zinn. Tá fadhb agam leis an umhlaíocht shibhialta!
    Tá lámhleabhar Ainrialachais scríofa agam i nGaeilge ach is deacair teacht ar fhoilsitheoir a ghlacfadh leis. Tá leabhar dhátheangach scríofa agam atá bunaithe ar shaothar Kropotkin – ach arís, is deacair foilsitheoir a fháil dó.

  • Garry Bannister

    Ach a Sheáin, a chara, nach bhfuil ‘brúideanna’ mar Putin, Biden, Obama, Bush, Blair na Clintons ag déanamh a rogha rud le blianta fada anuas agus tá a fhios againn cad a tharlaíonn dóibh siúd a chuireann teagasc na síochána chun cinn – daoine amhail: Íosa Críost, Gandhi, Lincoln, John Kennedy, Bobby Kennedy, Martin Luther King, Medgarvers, Malcom X agus John Lennon… sea, tá an ceart go hiomlán agat – feallmharaítear iad. Aontaím leat, ní aingeal ar bith é Vladimir Putin ach nach é an tIarthar agus Meiriceá ach go háirithe atá ag cothú foréigean ar fud an domhain ó lár na fichiú haoise amach? Vítneam, an Liobáin, Bá na Muc, an Chambóid, Grenada, an Libia, Murascaill na Peirse, an Iaráic, an Afganastáin (20 bliain!!), an tSiria gan ach cuid acu a lua. Tá sléacht agus ár ar siúl ó thús ama ag na cumhachtaí móra agus ag impireachtaí suaracha uile an domhain… B’fhéidir gur mithid dúinn éisteacht le daoine mar Gabriel Rosenstock a bhfuil súil eile acu ar an saol seo. Tá na seanmhodhanna triailte againn… na seanbhoithre uile triallta againn agus gan aon toradh fiúntach faighte againn go dtí seo. Tá sé in am dúinn teacht ar ár gciall agus deireadh a chur le cogaíocht shíoraí; cogaíocht a eascraíonn as éillitheacht agus saint as cuimse na gcumhachtaí móra domhanda. An bhfuil foisitheoir amuigh ansin a bheadh sásta lámhleabhar Ainrialachais Rosenstock a fhoilsiú?

  • Seán Ó Floinn

    A Garry, ní thacaím ar chor ar bith le polasaithe eachtracha na Stát Aontaithe le tamall de bhlianta anuas ach ní dóigh liom gur fíor gurb iad siúd máthair gach oilc ar domhan – is ag freagairt ar sceimhlitheoireacht Ioslamach a bhí siad sna cogaí sa Mheánoirthear agus roimhe sin is ag dul i ngleic leis an gcummannachas a bhí siad. Arís, ní hé sin le rá go dtacaím leis an gcur chuige a bhí ag na Poncáin ach is simplúchán é a rá gurb iadsan amháin is cúis le foiréigin an dara cuid den 20ú haois, dar liom. Maidir le rudaí nua a thriail, bhí an iliomad réabhlóidí ann sa stair agus sa 20ú haois a rinne iarracht ‘sochaí úr’ agus ‘duine úr’ (Homo Sovieticu, cuir i gcás) a chruthú ach ar theip orthu go léir agus i bhformhór na gcásanna a réitigh an bealach don ár agus don scrios.

    Ar an ábhar sin, tá cúpla ceist agam ar Gabriel i dtaobh an ainrialachais (‘anarchism’), más é sin an téarma ceart (faraor, is é ‘ainrialachas’ an focal Gaeilge atá ar ‘anarchy’ freisin).

    Cén dearcadh atá ag ainrialaithe ar mhonoplacht an fhoréigin ag an stát? Dar liom féin gur rud maith é: ón 15ú haois i leith, de réir mar atá méadaithe ar chumhacht an stáit agus ar an gcumas atá aige pionós a ghearradh orthu siúd a bhriseann an dlí, tá laghdú mór tagtha ar rátaí foréigin. De réir a chéile, neartaíodh muinín an phobail sa chóras dlí agus tháinig eagla ar choirpigh roimh chumhacht an stáit – rudaí a chothaigh an tsíocháin.

    Faoi mar a deir an staraí Ian Mortimer in ‘Centuries of Change’ (lch. 152) agus é ag trácht ar an maolú a tháinig ar fhoréigean príobháideach idir daoine aonair sa 15ú haois:

    ‘What stops an aggressive man from being violent is the thought that his victim might transfer his right to seek retribution to a more powerful body, such as the state, which will exact a more dire revenge.

    If there is no state to undertake this, the potential perpetrator has nothing to fear; he can be as violent as he wishes, as we can see in the high levels of aggression in primitive societies or the breakdown of law and order in Florence during the Black Death, when the becchini robbed and raped with impunity. Where the state is willing to take on the transferred debt of violence, however, it can crush the violent oppressor, including wealthy and powerful men. This is why lords gradually ceased to terrorise and mistreat their tenants: it was nothing to do with their currying favour at court, as Pinker claims, but a growing fear that they too would be punished by the state if they broke the law. The same goes for the rest of society. When people saw that the state was prepared to punish violent offenders, they thought twice before resorting to violence.’

    Le linn na Meánaoiseanna, ba ghnáthchuid den saol laethúil an foréigean – 40-45 duine in aghaidh 100,000 an ráta dúnmharaithe a bhí ann de ghnáth (4 duine in aghaidh 100,000 an ráta atá ann in Eoraip an lae inniu). Tháinig laghdú 50% ar an ráta sin gach céad bliain ó 1500 go dtí 1900. Cúis amháin atá leis sin (ní hé an t-aon chúis atá ann, ar ndóigh), ná an stát a bheith éirithe níos éifeachtaí agus níos láraithe, rud a d’fhág go raibh sé níos fearr ag cur a reacht agus réim i bhfeidhm.

    An imní a bheadh ormsa roimh an ainrialachas ná gur cineál céim siar a bheadh ann – sin más fíor gur dlúthchuid den fhealsúnacht úd institiúidí an stáit agus an t-údarás atá acu a lagú. Seans go bhfuil míthuiscint á baint agam arís as cad is ainrialachas ann ach ón méid atá léite agam bhí leithéidí Bakunin den tuairim gur rud tíoránach a bhí sa stát agus gur cheart pobail níos scaipthe a bhunú nach mbeadh i dtuilleamaí an stáit ar chor ar bith.