Sioc, oighear agus fuacht atá á thuar as seo go hAoine

Tá rabhadh oráiste ceo seaca eisithe ag Met Éireann don chuid is mó d’Éirinn

Sioc, oighear agus fuacht atá á thuar as seo go hAoine

Tá rabhadh oráiste ceo seaca eisithe ag Met Éireann don chuid is mó den tír.

Beidh an rabhadh oráiste is déanaí seo i bhfeidhm go dtí meán oíche anocht i gCúige Chonnacht ar fad agus sna contaetha seo a leanas – Dún na nGall, Muineachán, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Chainnigh, Ceatharlach, an Longfort, Laois, an Mhí, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Lú, an Cabhán, an Clár, Luimneach agus Tiobraid Árann.

Chomh maith le rabhadh ceo seaca an lae inniu, tá rabhadh buí eisithe ag Met Éireann faoin teocht íseal agus an leac oighir a bheidh linn go dtí meán lae Dé hAoine, an 16 Nollaig.

Sioc, oighear agus fuacht atá á thuar as seo go hAoine ar fud na tíre. Triomach, gile is ciúnas atá geallta sa gcuid is mó den tír ach d’fhéadfadh corrmhúr geimhriúil a bheith le cósta.

Lá geal fuar feanntach agus múraíl le cósta an tuar don gcuid thiar de Chonnachta ach sneachta nó flichshneachta a bheidh sna ceathanna sin isteach faoin tír.

Déanfaidh corrmhúr geimhriúil a mbealach go dtí na contaetha in oirthear agus i ndeisceart na tíre ar uairibh freisin. Ní bheidh an teocht os cionn ceithre chéim in aon áit agus í chomh híseal le -2 in áiteanna. Faoin reophointe a bheidh an teocht sa gcuid ó thuaidh den cheantar lár tíre.

Beidh sé an-fhuar arís anocht, go háirithe sna contaetha sa taobh ó thuaidh den tír. De bharr ceo seaca sa taobh sin tíre beidh an-chontúirt ag baint le cúrsaí tiomána agus ní foláir a bheith ar d’fhaichill. Táthar ag tuar go ngabhfaidh an teocht chomh híseal le -6 céim, agus nach rachaidh sé os cionn an reophointe in aon chor anocht. Beidh sé tirim seachas corrmhúr geimhriúil. Siocfaidh sé go gaineamh rua ar fud na tíre, rud a fhágfaidh bóithre is cosáin ina reothalach.

D’fhág an Roinn Oideachais faoi na scoileanna féin cinneadh a dhéanamh faoi oscailt nó dúnadh a gcuid scoileanna ag brath ar dhálaí áitiúla aimsire agus sábháilteachta agus cuireadh roinnt eitiltí ar ceal in aerfort Bhaile Átha Cliath, cuid díobh de bharr sneachta ag aerfoirt na Breataine.

Fuacht feanntach atá á ghealladh dúinn arís amárach agus fanfaidh an sioc agus an t-oighear gan choscairt an lá uilig. Beidh sé scamallach i Leath Mhogha agus d’fhéadfadh fearthainn teacht isteach ón bhfarraige san iardheisceart ach sneachta nó flichshneachta a bheidh inti sna ceantair atá isteach ón gcósta.

Lá breá tirim a bheas ann amárach sa gcuid is mó den tír agus é níos gile sa gcuid ó thuaidh. Beidh an teocht amárach idir -1 agus 4 chéim agus gaoth éadrom nó mheasartha anoir aduaidh chugainn, beidh an ghaoth sin níos láidre san iardheisceart.

Níl aon fhaoiseamh ón bhfuacht á ghealladh dúinn san oíche amárach ach an oiread ach beidh sé tirim seachas corrmhúr geimhriúil le cósta. Níl aon téamh á thuar ach an teocht ag seadú idir -5 agus céim shuarach amháin os cionn an reophointe.

Lá geal tirim atá geallta ar an gCéadaoin agus grian úr an gheimhridh ag taitneamh i spéir ghlan. Ar ndóigh d’fhéadfadh corrmhúr a bheith le cósta ach beidh teoide bheag ón ngrian agus an teocht bogtha os cionn an reophointe, idir 1 agus 5 chéim. Gaoth éadrom aduaidh a bheidh againn agus ní teas is dual di.

Sioc is fuacht atá romhainn oíche Dé Céadaoin agus an teocht chomh híseal le -6 nó idir sin agus an reophointe. Leoithne éadrom aduaidh a bheidh ann, an spéir glan ach baol ann go mbeidh ceathanna scoite geimhriúla sa tuaisceart agus san iarthuaisceart.

Tirim geal den chuid is mó a bheidh an Déardaoin agus d’fhéadfadh biseach beag a bheith ar an teocht, idir 2 chéim agus 5 chéim san iarnóin. Gaoth éadrom aniar aduaidh a bheidh ann agus an baol ann go mbeadh corrchith geimhriúil sa tuaisceart agus san iarthuaisceart.
Tá athrú á thuar faoin Aoine nuair a bheidh ceathanna báistí agus flichshneachta níos forleithne sa gcuid thiar agus thuaidh den tír ach chuile sheans go seasfaidh an triomach sna ceantair lár tíre, sa deisceart agus san oirthear. Beidh sé níos scamallaí ach corrthamall gréine ann chomh maith. Leoithne gaoithe aniar aneas ann agus an teocht idir 3 agus 6 chéim.

Tá éiginnteacht go leor fós ar lucht na haimsire faoina bhfuil i ndán dúinn ag an deireadh seachtaine agus an tseachtain seo chugainn. Faoi láthair tá an chosúlacht ar chúrsaí go dtiocfaidh teas beag in ár dtreo ach go mbeidh an aimsir an-athraitheach faoin Domhnach seo chugainn agus aimsir fhliuch i ndán dúinn.

Fág freagra ar 'Sioc, oighear agus fuacht atá á thuar as seo go hAoine'