Sinn Féin ag tacú le plean Údarás na Gaeltachta tithíocht a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge

Tá €250,000 ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta chun comhairleoirí a fhostú le tabhairt faoi phlean tithíocht inacmhainne a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta

Sinn Féin ag tacú le plean Údarás na Gaeltachta tithíocht a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge

Tá Sinn Féin ag tacú le plean nua Údarás na Gaeltachta tithíocht a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh €250,000 ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta chun comhairleoirí a fhostú le tabhairt faoi phlean tithíocht inacmhainne a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta.

Dúirt an eagraíocht gur “cead i bprionsabal” a bhí tugtha ag an mBord “agus súil múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre a fhorbairt”.

Dúradh go raibh “obair go leor le déanamh go fóill in iarracht an múnla agus cur chuige nua a fhorbairt”.

Tá léirithe spéise á lorg ó údaráis áitiúla, eagraíochtaí tithíochta agus eagraíochtaí eile chun tabhairt faoi fhorbairt “an mhúnla” ar thrí shuíomh sa Ghaeltacht, sa Rinn, ar an gCeathrú Rua agus i nGaoth Dobhair.

Bhí ionadaí áitiúil an Chomhaontais Ghlais i nDún Garbhán, Críostóir Ó Faoláin, ar dhuine de na daoine eile a chuir fáilte roimh fhógra an Údaráis.

“Níl rudaí ach ina dtús, ach tá sé ina thús ceart anois. Tá dóchas agam go mbeidh tithe inacmhainne tógtha ar thalamh an Údaráis sna blianta beaga atá romhainn. T

“Tá géarghá le tithíocht inacmhainne i nGaeltacht na nDéise agus déanfaidh an cinneadh seo maitheas i bPort Láirge agus sna ceantracha Gaeltachta ar fud na tíre.”

Chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige fáilte roimh chinneadh Bhord Údarás na Gaeltachta chomh maith.

“Ba mhaith leis an gCumann Forbartha go ndéanfadh an tÚdarás staidéar féidearthachta a chur sa tsiúl i gCois Fharraige le suíomh feiliúnach a aimsiú sa gceantar sin ar a bhféadfaí scéimeanna tithe inacmhainne a thógáil le freastal ar an éileamh mór atá sa gceantar ar thithíocht do chainteoirí Gaeilge,” a dúradh i ráiteas Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Chuir Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, fáilte roimh fhógra an Údaráis.

“I gcás na Gaeltachta, tá dochar á dhéanamh d’inmharthanacht an phobail teanga toisc go mbíonn brú ar theaghlaigh Ghaeltachta bogadh amach agus lonnú lasmuigh den Ghaeltacht nuair nach bhfuil tithe ar fáil dóibh ar phraghas réasúnta, ar lámh amháin, agus, ar an lámh eile, nuair nach féidir leo cead pleanála a fháil chun tógáil ar a dtalamh féin.”

Dúirt Ó Snodaigh go raibh soláthar tithe sóisialta agus inacmhainne do Ghaeilgeoirí i measc na moltaí is tábhachtaí sa Pholasaí Pleanála agus Tithíochta Gaeltachta a d’fhoilsigh Sinn Féin anuraidh.

Bhí “áthas” ar an bpáirtí, ar sé, go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tabhairt faoin gcuspóir céanna.

“Maidir leis an gcúis eile le bánú agus Béarlú na Gaeltachta – an bac ar chead pleanála – táimid fós ag fanacht ar na treoirlínte a gheall an tAire Tithíochta Darragh O’Brien chomh fada siar le 2021 chun an soiléiriú atá á lorg ag comhairlí contae a chur ar fáil.

“Tá a fhios againn anois nach bhfuil aon chúis mhoilleadóireachta ag an Aire O’Brien a thuilleadh agus Roinn na Gaeltachta réidh leis na dréacht-treoirlínte. Caithfidh an tAire O’Brien gníomhú sula mbíonn brú ar theaghlach Gaeltachta amháin eile a gceantair féin a thréigint cheal tithíochta.

“Tréaslaím le hÚdarás na Gaeltachta as an gcéim seo a ghlacadh agus guím gach rath ar a gcuid iarrachtaí.”

Fág freagra ar 'Sinn Féin ag tacú le plean Údarás na Gaeltachta tithíocht a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge'