Síneadh coicíse curtha leis na srianta dianghlasála agus ‘athoscailt’ an Stáit le tosú ar an 18 Bealtaine

Dúirt an Taoiseach tráthnóna go raibh beatha na mílte sábháilte de thoradh ‘íobairtí’ mhuintir na hÉireann ach ‘go gcaillfí gach rud atá bainte amach’ dá scaoilfí anois na srianta

Síneadh coicíse curtha leis na srianta dianghlasála agus ‘athoscailt’ an Stáit le tosú ar an 18 Bealtaine

D’fhógair an Taoiseach tráthnóna go bhfuil síneadh ama coicíse le cur leis na srianta dianghlasála agus leag sé amach plean an rialtais chun na srianta sin a scaoileadh diaidh ar ndiaidh ón 18 Bealtaine.

Cúig thréimhse díchuibhrithe atá luaite i straitéis éalaithe an rialtais agus mairfidh gach tréimhse trí seachtaine. Tosóidh an tréimhse dheireanach ar an 10 Lúnasa. Beidh an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm le linn na dtréimhsí go léir agus beidh scaoileadh na srianta ag brath ar scaipeadh an ghalair a bheith coinnithe faoi chois.

Cuirfear tús leis an Stát “a athoscailt” ar an 18 Bealtaine, a dúirt an Taoiseach, nuair a thabharfar cead d’oibrithe a bhíonn ag obair taobh amuigh dul i mbun gnó arís.

Osclófar an lá sin chomh maith siopaí DIY, siopaí deisiúcháin agus ionaid gharraíodóireachta. Beidh cead spóirt gan teagmháil áirithe a imirt taobh amuigh agus ag grúpaí beaga cairde bualadh le chéile taobh amuigh. Beidh na scoileanna ar oscailt do mhúinteoirí ar an 18 Bealtaine chun cabhrú leo leis an gcianfhoghlaim.

Ar an 8 Meitheamh, d’fhéadfadh go dtabharfaí treoir do dhaoine atá ag clutharú gur féidir leo dul ag siopadóireacht. D’fhéadfadh go gceadófaí sochraidí le níos mó daoine i láthair an uair sin chomh maith.

Bheadh cead freisin ag grúpaí beaga cairde teacht le chéile, taobh istigh nó taobh amuigh, ach an scoitheadh sóisialta a bheith i bhfeidhm. D’osclófaí siopaí beaga, leabharlanna agus margaí.

Tá síneadh ama go dtí an 8 Meitheamh curtha leis an íocaíocht speisialta €350 do dhaoine atá dífhostaithe de bharr na paindéime. Bheadh cead tul 20 ciliméadar ó bhaile ón 8 Meitheamh agus d’fhanfadh an srian taistil sin i bhfeidhm go dtí an 20 Iúil.

Ar an 29 Meitheamh, bheadh cead bialanna agus caiféanna a oscailt agus ag tús na tréimhse deireanaí ar an 10 Lúnasa a ndéanfaí tithe tábhairne, pictiúrlanna, amharclanna agus ionaid aclaíochta a oscailt.

Ón 20 Iúil beidh cead ag daoine nach bhfuil in ann obair ón mbaile filleadh ar an obair agus beidh cead cluichí foirne a imirt. Osclófar an uair sin freisin séipéil, músaeim agus gailearaithe agus laghdófar de réir a chéile na srianta ar ghnóanna a bhfuil “ardriosca” ag baint leo, amhail siopaí gruagaire.

Ag tús an cúigiú tréimhse, an 10 Lúnasa, beidh ócáidí sóisialta níos mó ceadaithe agus beidh cead ag cách filleadh ar an obair.

Is ar an 10 Lúnasa a thabharfaí cead chomh maith do chuairteoirí dul go dtí na hoileáin.

I mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair a osclófar na scoileanna, na hollscoileanna agus na coláistí tríú leibhéal agus de réir an phlean bheadh cead crechéanna a oscailt arís mí Iúil nó mí Lúnasa.

Dheimhnigh an Taoiseach chomh maith go bhfuil na treoracha maidir le daoine ós cionn 70 bliain d’aois le leasú ó Dé Máirt seo chugainn le go mbeidh cead acu an baile a fhágáil chun paiste aclaíochta a dhéanamh.

D’fhógair sé leis go bhfuil an cosc imeacht níos faide ná dhá chiliméadar ó bhaile le hathrú chomh maith Dé Máirt seo chugainn agus go mbeidh cead ag duine dul cúig chiliméadar ó bhaile ar mhaithe le haclaíocht a dhéanamh ón lá sin amach.

Dúirt sé go raibh beatha níos mó ná 1,100 duine  sábháilte de thoradh “íobairtí” mhuintir na hÉireann ach “go gcaillfí gach rud atá bainte amach againn” dá scaoilfí anois na srianta.

Dúirt sé go raibh coicís eile de shrianta diana ag teastáil leis an ngalar a choinneáil faoi chois agus le cinntiú nach dtiocfadh róbhrú ar an gcóras sláinte. Dúirt an Taoiseach gur éirigh linn an cuar a chothromú “ach nach raibh an cath buaite fós againn”.

“Tiocfaidh an lá go mbeidh daoine ábalta bualadh le cairde arís,” a dúirt an Taoiseach.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur bhásaigh 34 duine eile de thoradh na paindéime.

Tuairiscíodh níos luaithe bás 18 duine eile le Covid-19 sa Tuaisceart, ceathrar a bhásaigh le lá anuas agus 14 a bhásaigh roimhe sin.

1,630 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,265 duine ó dheas den teorainn agus 365 duine ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go raibh 221 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, rud a fhágann go bhfuil 24,456 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn, 20,833 cás ó dheas agus 3,623 cás ó thuaidh.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 20,510 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Céadaoin seo caite, an 29 Aibreán, an aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 49 bliain d’aois.

Cuireadh cúram san ospidéal ar 2,768 duine.

Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 5,840 cás.

I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 10,170 cás, nó 50%, bhí Cill Dara sa dara háit le 1,215 cás agus bhí Corcaigh sa tríú háit le 1,154 cás.      

Fág freagra ar 'Síneadh coicíse curtha leis na srianta dianghlasála agus ‘athoscailt’ an Stáit le tosú ar an 18 Bealtaine'