‘Sin thusa Mamaí,’ a deir an t-ealaíontóir faoin gciorcal mór gorm agus adharca air

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is fada liosta na jabanna práinneacha roimh chóisir lae breithe Bheainín na Naíonáin Bheaga

‘Sin thusa Mamaí,’ a deir an t-ealaíontóir faoin gciorcal mór gorm agus adharca air

‘Tóg go réidh é, sé bliana atá sí, ní bainis atá muid a eagrú,’ a dúirt Fear an Tí liom go ciallmhar, socair agus mé ag réiteach liosta na jabanna práinneacha a theastaigh ar an teach sula scaoilfeadh muid slua páistí isteach ann do chóisir lae breithe Bheainín na Naíonáin Bheaga.

Ós ag caint ar bhainis é, chuimhnigh mé gur chuala mé caint áit éicint ar thionchar dheilbhín Leanbh Phrág ar chúrsaí aimsire lá bainise. Níl le déanamh, is cosúil, ach é a leagan amuigh sa ngarraí an oíche roimh ré agus ní bheidh aon bháisteach ann lá na bainise.

Ar chóir dom Winnie-the-Pooh a sciobadh óna spota beannaithe ar bharr leaba Bheainín na Naíonáin Bheaga agus í a fhágáil amuigh faoin bhfraoch thar oíche? Bhí sé chomh maith agam é a chur ar an liosta jabanna, bhain mé an claibín den pheann agus thosaigh ag scríobh.

Ar ndóigh, níl tada níos measa nuair atá taom imní buailte ort ná go ndéarfaí leat é a thógáil go réidh. Go ndéarfaí leat i nglór ciallmhar, ‘relax, as ucht Dé ort!’ Nó i nglór imníoch, ’an bhfuil tú imithe as do chiall ar fad?’

Is measa fós é nuair is imní éiginnte atá inti gan bunús ceart léi ná leigheas soiléir uirthi. Níl baint ná páirt ag ‘ciall’ leis an scéal. Cheap mé go raibh a fhios ag chuile dhuine é sin.

Bhuail éadóchas mé. Bhí carnáin bheaga leabhar agus sean-pháipéar i chuile choirnéal. Lá ar bith anois, léifidh mé iad. Thóg mé amach an peann; bailigh suas na nuachtáin, NB.

Chonaic mé an cuisneoir as corr mo shúl. Ní raibh aon chuid dá dhromchla le feiceáil. Ach bhí a fhios agam go raibh sé ann, ag srannadh go ciúin, áit éicint faoi na bileoga agus na maighnéid.

Ba chosúla le crann paidreacha de chuid na mBúdach é agus é lán le ribíní ná fearas tí. Nó an Balla Thiar in Iarúsailéim, áit a sáitear na paidreacha sna claiseanna idir na clocha agus iad scríofa ar phíosaí beaga páipéir.  

Ansin i measc na n-achainíocha bhí pictiúirí lámhdhéanta le grá. ‘Sin thusa Mamaí,’ a deir an t-ealaíontóir liom faoin gciorcal mór gorm agus adharca air i gceann de na saothair.

Líon mo chroí le bród.

Is ann atá dátaí an chleachtadh peile crochta agus fógraí foláirimh ón bpríomhoide – Cód Dearg: Tá míola sa scoil. Seiceáil na páistí an deireadh seachtaine seo AR SON DÉ AGUS NA MAIGHDINE MUIRE ORAIBH!

Nod eile don liosta.

Fág freagra ar '‘Sin thusa Mamaí,’ a deir an t-ealaíontóir faoin gciorcal mór gorm agus adharca air'