Síle Denvir roghnaithe mar ‘Amhránaí na Bliana’, buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2023 fógartha

Bronnfar ‘Ceoltóir na Bliana’ ar an phíobaire aitheanta Mick O’Brien, agus beidh gradaim á mbronnadh ar na ceoltóirí Méabh Smyth, Fintan Vallely, Maurice Lennon agus Mick, Louise agus Michelle Mulcahy

Síle Denvir roghnaithe mar ‘Amhránaí na Bliana’, buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2023 fógartha

Tá buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2023 fógartha.

Is ar Shíle Denvir as Gaeltacht Chonamara a bhronnfar an gradam d’Amhránaí na Bliana.

Amhránaí agus cruitire aitheanta í Síle Denvir a bhunaigh an grúpa Liadán. Is léachtóir le Gaeilge í chomh maith a bhfuil leabhair scríofa aici faoi amhránaithe ar an sean-nós as Conamara, Tom a’ tSeoighe: Amhráin (2020) and Ciarán Ó Fátharta: Amhráin (2008), a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht.

Tá leagan nua den amhrán traidisiúnta ‘Eleanóir a Rún’ curtha amach aici le déanaí, amhrán a bheidh ar an chéad albam aonair uaithi.

Bronnfar ‘Ceoltóir na Bliana’ ar an sárphíobaire agus fear feadóige Mick O’Brien as Baile Átha Cliath.

Tá meas mór ar Mick O’Brien, píobaire a bhfuil an traidisiún agus an tseanstíl go smior ann. Thosaigh O’Brien ag foghlaim na píbe nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois agus é ag freastal ar ranganna le leithéidí Leo Rowsome, Seán Seery agus Mick Touhey ag Cumann na bPíobairí Uilleann ar Shráid Thomáis le linn na 1970idí.

Is í Méabh Smyth, fidléir as Ard Mhacha, ‘Ceoltóir na Bliana’ 2023.

Beidh ‘Gradam Saoil’ á bhronnadh ar cheoltóir eile as Ard Mhacha, an fliúiteadóir agus cumadóir aitheanta Fintan Vallely.

An fidléir agus cumadóir as Liatroim, Maurice Lennon, a gheobhaidh an gradam ‘Cumadóir na Bliana’ 2023.

Beidh gradam ‘Tríréad na bliana’ á bhronnadh ar an teaghlach ceolmhar Mick, Louise and Michelle Mulcahy as Luimneach.

Seacht ngradam ar fad a bheas á mbronnadh ag an searmanas i gCeoláras na hOllscoile i Luimneach ar an 23 Aibreán.

Fógrófar buaiteoir an ghradaim chomaoine ag tús mhí Aibreáin.

Fág freagra ar 'Síle Denvir roghnaithe mar ‘Amhránaí na Bliana’, buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2023 fógartha'

  • Eoghan Ó Néill

    Tá físeán de Shíle Denvir ar youtube ag ceoladh an amhráin ‘Tomás Bán Mac Aogáin’ ag folk fest Richmond, 2006 sílim, agus na fidilí ag déanamh doird sa chúlra, má tá sarú ar sin ba bhrea liom é a chlos!