Síceapatach cruthanta i bhfolach os comhair an tsaoil

Tá Steve Coogan ar fheabhas in ‘The Reckoning’ cuntas ar ghníomhartha fill an fhoghlaí ghnéis Jimmy Savile

Síceapatach cruthanta i bhfolach os comhair an tsaoil

Foghlaí gnéis cruachroíoch, slítheánta, glic ab ea Jimmy Savile a bhí i mbun creiche ar feadh na mblianta. É i bhfolach os comhair an phobail ar feadh a shaoil mar an phearsa ghroíúil, chorr, cháiliúil.

Ba iad a róil láithreoireachta leis na cláir mhór-ráchairte Top of the Pops agus Jim’ll Fix It a neadaigh i scioból samhlaíochta an phobail é. Ba chuid de dhlúth agus d’inneach na tíre é fear na gruaige báine, na todóige, na gcultacha spóirt agus an tseodra. Chaith sé dua ag cruthú na híomhá de féin mar fhear carthanachta. Bhí an íomhá chomh bréagach le dath a chuid gruaige. Sí a cháil a chosain é agus é i mbun fill agus na céadta á n-ionsaí ar feadh blianta móra fada; idir fhir agus mhná, idir óg agus aosta.

Sí an obair charthanachta a thug deis dó bheith le hais daoine óga mar aon le breis cosanta a thabhairt dó féin. Bhí an t-olc go smior ann agus d’éirigh leis na cosa a thabhairt leis go deireadh a shaoil. Cailleadh é in 2011 agus é ceithre bliana le cois na ceithre scór. Ba ansin, ar deireadh thiar, a thosnaigh na scéalta ag teacht chun solais.

Tá mórán ráite, scríte agus craolta ó shin agus seo chugainn an BBC le The Reckoning (Seinnteoir BBC), sraith drámaíochta a dhéanann léamh ar shaol an duine mhíchlúitigh. Ag tús an tsaothair deirtear linn go bhfuil an tsraith bunaithe ar thaighde cuimsitheach, ábhar foilsithe agus agallaimh. Go deimhin déantar míreanna ó na hagallaimh sin a chraoladh i gcaitheamh na sraithe rud a thugann blas an dráma faisnéise di.

Sé Steve Coogan atá earcaithe le tabhairt faoi ról Savile. Tá Coogan 57 bliain d’aois agus i gcuid de na radharcanna tá sé ag léiriú Savile agus é 36. Cé gur aisteoir cumasach é Coogan ní féidir leis an difríocht aoise seo a shárú. Mar sin féin, is iontach mar a chuireann sé Savile os ár gcomhair mar dhuine leithleach, cruachroíoch, sleamhain, gránna.

Címid an t-olc ón tús; greadadh á thabhairt do leaid óg a éalaíonn isteach doras cúil an chlub oíche agus an drochíde á thabhairt do mhná. Címid an gliceas agus an fhéinchosaint chomh maith. Breabanna á dtabhairt don phóilín áitiúil agus an chluas bhodhar á fáil ag leaid na crústála dá réir. Ina dhiaidh sin címid é ag guailleáil isteach in ospidéal le hobair charthanachta a dhéanamh mar dhea.

Déantar cíoradh ar ghaol Savile lena mháthair, an ‘Duchess’ mar a bhaist sé féin uirthi le gean, arís mar dhea. I radharc ciotach amháin deir an mháthair sa bhosca faoistine nár theastaigh uaithi go mbeadh Jimmy aici mar go raibh an iomarca leanaí aici agus ní dóigh léi go bhfuil grá aici dó. Dar léi go bhfuil tuiscint aige air sin. An raibh tionchar tromchúiseach síceolaíoch aige seo air? Tá an chonair scéalaíochta sin saghas liobarnach, dar liom.

I gcaitheamh an ama tugtar foghanna faoi dhaoine, institiúidí agus cultúr a cheadaigh do Savile an oiread sin díobhála a dhéanamh dá oiread sin daoine. Ach  is é taispeántas breá Coogan a chuireann síceapatach cruthanta os ár gcomhair an rud is fearr faoi The Reckoning.

Fág freagra ar 'Síceapatach cruthanta i bhfolach os comhair an tsaoil'

  • jpmorley0@gmail.com

    ROGHNAIGH Saville a bheith mar sin, DÁ DHEOIN FÉIN. Ná tógtar a chuid coiriúlachta ar easpa grá a mháthar (más fíor) óir is in é an ‘míniú’ a theastaíonn ón scannán a thabhairt dúinn, dar liom. Níltear sásta níos mó, deighilt a dhéanamh idir an t-Olc * agus an Mhaith. Lorgaítear míniú síceolaíoch “liobarnach” fánach éigin i gcúlra an duine i gcónaí. Tá saorthoil againn mar dhaoine agus fúinn féin atá, úsáid chuí is chóir a bhaint aisti sin. Cinnte dearfach gur thuig Saville go raibh ainbhearta scanallacha á ndéanamh aige i gcaitheamh an ama. Agus ‘an cháil’ ina sciath chosanta aige agus gach bá-bá-bá ag íoladhróirí caoiriúla, ‘madántúla, modartha na meán.
    * ‘an diabhal’ a thugtaí air sin fadó ach ní hann dó sin a thuilleadh!