‘Siad gasúir Chonamara agus Árann atá thíos leis seo, ní spéis linn leithscéalta’ – imní ar Thuismitheoirí na Gaeltachta faoi ranganna cultúir

Deir Tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil páistí Ghaeltacht Chonamara á bhfágáil ‘ar an bhfaraor géar’ agus gan aon chinnteacht ann go gcuirfear ranganna sna healaíona dúchasacha Gaelacha ar fáil dóibh as seo go deireadh na bliana

‘Siad gasúir Chonamara agus Árann atá thíos leis seo, ní spéis linn leithscéalta’ – imní ar Thuismitheoirí na Gaeltachta faoi ranganna cultúir

Tá ráite ag Tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil “imní mhór” orthu nach mbeidh fáil i mbliana ar ranganna sna healaíona dúchasacha Gaelacha do pháistí Chonamara agus Árann ó tharla An Gaelacadamh a bheith scortha.

Beidh na seirbhísí a bhíodh á gcur ar fáil ag an Ghaelacadamh á gcur faoi chúram Ealaín na Gaeltachta, fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, ach tá imní ann anois nach nach mbeidh na ranganna ar fáil ar chor ar bith an fómhar agus an geimhreadh seo.

Sa ráiteas a chuir stiúrthóirí an Ghaelacadaimh amach an tseachtain seo mar gheall ar scor na heagraíochta, dúradh gur údar díomá do na stiúrthóirí an “réamhfhógra iontach gearr” go mbeadh a gcuid seirbhísí á gcur faoi chúram Ealaín na Gaeltachta agus gurbh é tuiscint na stiúrthóirí nach mbeadh an fochomhlacht de chuid an Údaráis ag dul i mbun na seirbhíse “roimh dheireadh na bliana”.

I ráiteas a chuir Tuismitheoirí na Gaeltachta amach inniu, tugadh le fios gur chuir siad litir inné go dtí Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh chun soiléiriú a fháil faoina bhfuil i ndán do na ranganna.

Chuir Tuismitheoirí na Gaeltachta in iúl go raibh tuismitheoirí agus múinteoirí i dteagmháil leo faoin scéal agus imní orthu faoin soláthar a dhéanfar do ranganna ceoil agus damhsa idir Meán Fómhair agus deireadh na bliana.

Sa litir a seoladh chuig Joe McHugh, dúradh gur “údar mór díomá agus imní” do Thuismitheoirí na Gaeltachta scor an Ghaelacadaimh “agus deireadh a bheith curtha dá réir leis na ranganna sna healaíona dúchasacha Gaelacha a bhí á gcur ar fáil acu sa gceantar Gaeltachta is mó sa tír”.

Cuirtear in iúl sa litir chuig an Aire Stáit go ndearna Tuismitheoirí na Gaeltachta “iarrachtaí” eolas a fháil faoin scéal ó Roinn na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ach nach rabhthas “in ann aon deimhniú a fháil go leanfar leis na ranganna ó Mheán Fómhair go Nollaig 2018”.

“’Siad gasúir Chonamara agus Árann atá thíos leis seo. Dream iad nach bhfuil in ann cur ar a son féin i bpróiseas dá leithéid seo ach a bhfuil an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus gach a bhfuil i straitéisí an rialtais ag brath orthu leis an teanga agus an dúchas a thabhairt slán.

“Tá siad fágtha ar an bhfaraor géar agus níl aon ghlacadh againne mar thuismitheoirí leis seo,” a deirtear sa litir ó Thuismitheoirí na Gaeltachta chuig Aire Stáit na Gaeltachta.

Deirtear sa litir nach bhfuil aon “spéis” ag an eagraíocht tuismitheoirí “i leithscéalta a bhaineann le deacrachtaí maorlathais”.

“Tá an chumhacht agatsa [Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh] gníomh a dhéanamh agus tá muid ag achainí ort, socrú eatramhach a chur i bhfeidhm láithreach a chinnteoidh nach mbeidh aon bhriseadh sa soláthar ranganna. Iarrann muid ort aird a thabhairt ar an achainí seo agus freagra a thabhairt orainn a luaithe in Éirinn agus is féidir,” a deirtear sa litir.

Deir Tuismitheoirí na Gaeltachta go mbeifear “ag géarú ar an bhfeachtas” mura bhfaightear aon scéal ag deimhniú go mbeidh na ranganna á gcur ar fáil as seo go deireadh na bliana.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Roinn na Gaeltachta faoin scéal seo agus faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh na ranganna á gcur ar fáil i mbliana.

Fág freagra ar '‘Siad gasúir Chonamara agus Árann atá thíos leis seo, ní spéis linn leithscéalta’ – imní ar Thuismitheoirí na Gaeltachta faoi ranganna cultúir'

  • Mairéad

    Is eagraíocht thar a bheith éifeachtach í Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Ba chóir iarraidh urthu sin ranganna cheoil tradisiúnta a eagrú sa nGaeltacht. Ní thógfadh sé bliain urthu na ranganna a eagrú! Tá an córas acu cheana féin. Tá craobhacha acu i gCarna, Maigh Chuilinn agus in Inis Oírr.