Sheol muintir Tonga is Kiribati ar ais mé go dtí an leabhar is ansa liom as an mBlascaod…

Cá ngabhfaidh oileánaigh is díthreabhaigh an lae inniu agus cé a íocfaidh as an téamh, an triomach agus na tuilte?

Sheol muintir Tonga is Kiribati ar ais mé go dtí an leabhar is ansa liom as an mBlascaod…

Is dócha nár tháinig a leithéid d’aimsir riamh. Deir na seandaoine nách cuimhin leo é, ach go háirithe; má thiocfadh coicíos olc féin go dtiocfadh mí ‘na choinne sin breá arís….

Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin

Is iontach go deo an lear cainte a rinneadh faoin aimsir an samhradh seo nuair a fuair an chuid is mó den oileán seo a dhá ndíol báistí agus ceobarnaí. Aisteach go leor sa stráice beag s’againne cois caoláire i gCois Fharraige triomach an chasaoid is mó a bhí againn ar feadh dhá mhí agus garrantaí agus ainmhithe scrúdta cheal braon báistí. Chuile cheannlíne ag caint faoin bhfliuchán agus muide anseo ag guí go dtitfeadh braon éicint orainne a d’fhásfadh féar is barr.

Obair in aisce agus an drochrath a bhí ar an gcúilín glasraí a sheol m’intinn thar sáile go dtí an tAigéan Ciúin agus na hoileánaigh bhochta ansin a chleacht saol folláin neamhspleách agus nach raibh baint ná páirt acu le téamh na cruinne ach atá i mbaol a ndíbeartha as a bhfearann dúchais ag iarmhairtí an athraithe aeráide.

Tá an fharraige á mbá agus ag déanamh sáile dá gcuid toibreacha fíoruisce, tá an coiréal agus a maireann air á marú, tá an bháisteach ag gabháil ó thuar orthu agus tá stoirmeacha trópaiceacha ag dul i neart.

Ach níos measa fós, an galar céanna buailte ar na pobail sin agus atá ormsa, an easpa dóchais. Céard is fiú mo luach leathphingine-se nuair atá an domhan mór trí thine ag arm is tomhaltas gan údar?

Sheol muintir Tonga is Kiribati ar ais mé go dtí an leabhar is ansa liom as an mBlascaod, Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin [Coiscéim 2000]. Dialann Eibhlín atá anseo ó Lá Bealtaine 1923 go dtí an 29 Samhain 1923 agus údar spéise an cur síos atá ag an mbean óg trí bliana is fiche ar an aimsir agus go speisialta an tionchar a bhí aici ar na hoileánaigh, a meon agus a mbeatha.

Bealtaine a 14: ‘Gála maith gaoithe a bhí ann agus ceathanna sneachtaidh aniar aduaidh gur dhóigh leat gurb é corp an gheimhridh atá ann.’

Meitheamh a 15: ‘Is olc an chuma atá ar an lá inniu arís agus tá an samhradh dá caitheamh agus gan aon chuma bhreá ag teacht air.’

Iúil a 11: ‘Do bhuaigh an lá inniu orthu go léir le teas, ach dealraíonn an scéal ná réiteodh teas ná fuacht linn.’

Iúil a 30: ‘Níl an lá inniu róchneasta ach oiread, agus ní bheidh. Is dócha nár tháinig a leithéid do shamhradh le cuimhne na ndaoine. Is minic atá sé ráite ages na seandaoine nách cuimhin leo a leithéid d’aimsir a theacht ná dtiocfadh tamall éigin do bhreá, ach, dá olcas a thosach, is measa ná san a dheireadh. Ní chuaigh aon naomhóg ar an bhfarraige ó mhaidean le gála…”

Lúnasa a 1: ‘Do chuas suas go Tobar Bharr an Bhaile ar maidean, mé féin agus Cáit Bheag, agus cheapas ná beadh aon bhraon uisce go deo againn. Do bhí mórán insa tobar romhainn agus bocaodaí acu, agus gach éinne ag dul ag taoscadh ar a cheart, agus an t-uisce comh mall ag teacht ann. Is dócha go rabhamair dhá uair a’ chloig go bog ann sular fhéadamair dul ag taoscadh…’

Meán Fómhair a 21: ‘Níor chuaigh aon naomhóg ar an bhfarraige le seachtain go dtí inniu, do bhí sé chomh holc sin. Is dócha nár tháinig a leithéid d’aimsir riamh. Deir na seandaoine nách cuimhin leo é, ach go háirithe; má thiocfadh coicíos olc féin go dtiocfadh mí ‘na choinne sin breá arís…. Beireann sclábhaíocht mhaith ar na fir bhochta anso nuair a bhíonn an drochuain agus na hoícheanta dorcha.’

Samhain a 15: ‘Ó, a Dhia linn, a leithéid de ghála is ‘tá ann inniu! Do chuirfeadh sé scanradh an anama ort féachaint ar an bhfarraige agus an fhuaim atá dá bhaint as na tithe. Ar maidin inniu do dhúisigh an fothram amach as mo chodladh mé, gur cheapas gurb é an tigh a bhí titithe anuas orm.’

Spéisiúil go leor bhí “ana-dhrochbhliain” tuartha ag a huncail ó thús na Bealtaine agus sean-nath mar údar aige lena shaineolas – ‘Nuair a chífir an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó agus ceannaigh arbhar.’

I 1953 a d’ordaigh Taoiseach na huaire, Éamon de Valera go n-aistreofaí an dream beag a bhí fós cuibhrithe ag drochaimsir is easpa seirbhísí ar an mBlascaod amach ar tír mór, ceithre bliana roimhe sin a bhásaigh Eibhlín i Springfield Massachusetts.

Céad bliain ina dhaidh sin, cá ngabhfaidh oileánaigh is díthreabhaigh an lae inniu agus cé a íocfas as an téamh, an triomach agus na tuilte?

Fág freagra ar 'Sheol muintir Tonga is Kiribati ar ais mé go dtí an leabhar is ansa liom as an mBlascaod…'