Ní raibh fáil ar bith sa tseanaimsir go bpósfadh dream gnó bean a bhí ag piocadh faochan. “Cuirfidh mé ar an gcaoi sin é,” a deir Tomás Mac Con Iomaire a bhí ag labhairt ag an ócáid i Leitir Móir i gConamara ag ar seoladh an leabhar Nioclás Ó Conchubhair: Mo scéal Féin.
Bhí Tomás ag déanamh cur síos ar na ceangail a bhí idir lucht gnó i gConamara sna blianta a caitheadh. Lean sé na cosáin as Leitir Móir, as Leitir Mealláin, as Carna agus as áiteacha eile i gConamara nó go bhfaca tú teaghlaigh an ghnó fite fuaite ina chéile. Go deimhin, bhí cuid acu leabaithe isteach sna comhlachtaí ba mhó i gcathair na Gaillimhe.
Ní mb’eisceacht é Conamara. Tharla sé ar fud na tíre agus daingníodh stádas na dteaghlach seo de bharr an chleamhnais. Ar ndóigh, ba dhaoine den scoth a bhí iontu – a bhformhór – agus bhíodar fial, cóir agus ceart le muintir na tuaithe timpeall orthu. Ach ba léir go raibh nósmhaireacht neamhoifigiúil ann. Bhí loighic na tuaithe ag baint leis an ‘gcóras’.
Ar ndóigh ní múnla nua cumhachta a bhí ann. Nár fhan an dream ríoga taobh istigh den chiorcal órga s’acu féin, ach gur fhág an Rí Eadbhard V111 an choróin agus an chumhacht ina dhiaidh gur imigh leis an Meiriceánach, bean a bhí colscartha, Wallis Simpson i 1937. Scríobh sise leabhar faoin teideal The Heart has its Reasons.
An draíocht!
Chuimhnigh mé ar ealaín bheag a bhíodh idir cuid againn agus muid ag caitheamh na haimsire i gCarna tráth den saol. Bhítí ag aistriú cuid de theidil na n-amhrán go Gaeilge. Mar shampla ‘Some Enchanted Evening’, amhrán a chas an fonnadóir iontach den chine dhubh, Paul Robeson. Enchanted? Meas tú an ‘mearbhall’ é? Seo chugainn Pádraic Ó Cosgordha múinteoir agus togha Gaeilgeora: “Sin anois, oíche dhraíochtúil,” arsa Pádraic. “Bíonn siad ann, a leaids óga – oícheanta draíochtúla.”
Ní fhéadfaí a rá go raibh an draíocht ar an gcéad chloch ar a bpaidrín ag na dreamanna a shocraigh cleamhnas, bídís ina gcleamhnais ghnó, nó ina gcleamhnais thíriúla. Ach briseann an dúchas thrí shúile an chait agus d’fhéadfadh go mbriseann an draíocht thrí chleamhnais na heacnamaíochta – le cúnamh Dé.
Ceapadh go raibh roinnt draíochta ag baint leis na ‘timeanna’ traidisiúnta i dtithe ar an mbaile, faoin tuath. Ach fuireach ort. Bhíodh scéal acu sna bólaí fiáine thart anseo faoi fhear agus bean óg a shiúil amach chomh fada leis an mbóthar théis ‘time’. Ar ndóigh, bhí lucht na cúléisteachta sna tomachaí ag coinneáil cluais leis an gcomhrá! “Bhuel,” arsa an fear leis an ngearrchaile “an bhfuil tú ag dul abhaile nó ag dul chun cíbe?” Ciúnas. Ansin: “Ó maise sílim go ngabhfaidh mé abhaile.”
Ach d’fhreagair an fear go cróga: “Bí ag dul abhaile mar sin. Bíodh a fhios agat nach bhfuil mise ‘struck’ ort chor ar bith. Deamhan aithne ort nach tú iníon de Valera!”
Nárbh álainn an rud é an draíocht?
Ní móide gur draíocht uilig a bhain leis na damhsaí a bhíodh ag Donie Cassidy ach an oiread. Sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht, d’eagraíodh sé damhsa na mbanaltraí agus damhsa na múinteoirí i mBaile Átha Cliath. Ba mhór i gceist iad na ‘Nurses Dance’ gan tagairt ar bith don draíocht.
Bhí leid éigin ann gurbh fhiú d’fhear a raibh suim aige banaltra a phósadh a bhealach a dhéanamh chuig an damhsa sin. Bhíodh an cineál sin cleamhnais ann freisin.
Ach ní raibh gnó, ná spré, ná stádas eacnamaíochta i gcloigeann an fhir a cheap amach an ‘tamall rómánúil’ i halla damhsa i nGleann Fearna i gcontae Liatroma. Bhíodh go maith, agus ní bhíodh go holc, ar feadh píosa den oíche agus ceol meidhreach ag dul go gealach. Ansin d’fhógraítí uair na rómánsúlachta, agus d’íslítí an solas. Nárbh é an saol é ag fear óg agus ag bean óg? Théadh úinéir an halla, John McGivern, ar an stáitse agus chuireadh an biorán suain i ngach a raibh ann lena chuid amhráin mhilse, mhalla. Deirtear gur iomaí snaidhm croí a fáisceadh ansin.
Agus níor cuireadh ceist ná caidéis ann faoi phiocadh faochan!
Fág freagra ar 'Pósadh na dtreibheanna agus mná na bhfaochan'