‘She comes across a bit Gaeilgeoir’ – blas Gaeilgeora ‘róláidir’ d’fhógra Gaillimh 2020

Tá sé tagtha chun solais nach raibh lucht na féile Gaillimh 2020 sásta le fógraí a bhí déanta ag RTÉ a raibh cainteoirí líofa Gaeilge le cloisteáil orthu

‘She comes across a bit Gaeilgeoir’ – blas Gaeilgeora ‘róláidir’ d’fhógra Gaillimh 2020

D’iarr Gaillimh 2020 nach mbeadh blas an Ghaeilgeora le cloisteáil i leagan Béarla d’fhógra a bhí á chur le chéile chun an fhéile chultúrtha a chur chun cinn.

Dúirt duine d’oifigigh Gaillimh 2020 go raibh canúint Bhéarla an duine “a bit Gaeilgeoir” agus go mb’fhearr leo dá mbeadh blas níos neodraí le cloisteáil.

Mí Eanáir na bliana seo a tharla an eachtra de réir tuairisc sa Connacht Tribune nuair a bhí RTÉ, comhpháirtí na meán náisiúnta do Ghaillimh 2020, ag réiteach fógra don fhéile.

Dúirt bainisteoir branda agus margaíochta le RTÉ, Maria Buckley, le hoifigeach cumarsáide Gaillimh 2020 ag an am, Fintan Maher, go raibh bean faighte aici chun guthú a dhéanamh ar an bhfógra.

I think she would work great . . . and she’s a Gaeilgeoir,” a dúirt Buckley.

Ina fhreagra, dúirt Maher go raibh blas an Ghaeilgeora le cloisteáil sa leagan Béarla.

“We do like her voice but could she go more neutral accent for the English version – comes across a bit Gaeilgeoir, which is perfect for the Fleadh,” ar sé agus é ag tagairt d’fhógraí a bhí déanta ag RTÉ d’Fhleadh Cheoil na hÉireann.

Ghlac Buckley leis an treoir agus dúirt go n-úsáidfí canúint níos neodraí.

I gcomhfhreagras eile, ní raibh Maher sásta le fógra raidió a bhí déanta ag cainteoir dúchais Gaeilge.

“We don’t like the voice of the guy – it sounds dour,” a dúirt Maher le Joe Hoban, ceannasaí cumarsáide corparáide RTÉ. “Could he do a more upbeat (voice),” a d’iarr Maher.

Bhí díomá ar Hoban nach raibh Gaillimh 2020 sásta leis an leagan a bhí taifeadta.

“TG4 sourced us a west of Ireland actor with a Gaeilge blas to record it, and we felt he had nailed it.”

Dúirt Maher gur thaitin fuaimniú na Gaeilge leo ach go raibh tuin agus luas na cainte rómhall.

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha ag Tuairisc.ie ar Ghaillimh 2020.

Bhain conspóid le Gaillimh 2020 ó roghnaíodh an chathair mar cheann de phríomhchathracha cultúir na hEorpa ceithre bliana ó shin ach tá paindéim an Covid-19 tar éis cur isteach go mór ar na himeachtaí a bhí beartaithe don bhliain.

Bhí an teanga ar cheann de phríomhthéamaí na féile agus dúradh go gcuirfí béim ar leith ar an nGaeilge mar aitheantas do stádas na Gaillimhe mar an t-aon chathair dhátheangach in Éirinn.

Cáineadh an cinneadh a rinneadh i rith an tsamhraidh Oifigeach Gaeilge Gaillimh 2020 a chur ar iomarcaíocht le seisear déag eile mar chuid de na ciorruithe a chuir an eagraíocht i bhfeidhm de bharr phaindéim an Covid-19.

Fág freagra ar '‘She comes across a bit Gaeilgeoir’ – blas Gaeilgeora ‘róláidir’ d’fhógra Gaillimh 2020'

  • Bríd

    Bhí an droch mheas atá lucht Gaillimh 2020 soiléir ón tús agus tá sé náireach gur thacaigh leitheid Ealaín na Gaeltachta leo chun imeachtaí a chuir ar siúl sa nGaeltacht agus ansin gan a chinntiú go ndéanfaí an poiblíocht i nGaeilge. Ach is dócha go leanann meon an Údaráis i leith na Gaeilge tríd EnaG chomh maith.

  • MVO

    Níl sé seo ag cuir iontas ar aon duine.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Bhíos ag déileáil le Gaillimh 2020 ar son Cumann Forbartha Chois Fharraige agus caithfidh mé a rá nach bhféadfainn aontú le Bríd. Níl a fhios agam cérbh iad na himeachtaí a cuireadh ar siúl sa nGaeltacht nach raibh poiblithe i nGaeilge. Cinnte an imeacht a d’eagraigh an Cumann Forbartha bhí orainn gan rud ábhar poiblíochta a ghlanadh roimhré leis an oifig i nGaillimh agus ba pian sa tóin é sin ACH níor chuir siad aon bhac orainn an imeacht a chur i láthair trí Ghaeilge agus é a phoibliú trí Ghaeilge. Seans má bhí imeachtaí sa Ghaeltacht NACH raibh poiblithe trí Ghaeilge nach ar Ghaillimh 2020 a bhí an locht, le bheith faireáilte dóibh!

  • Bríd

    Ní fhaca mise focal Gaeilge ar mheáin Gaillimh 2020 i tagairt do imeachtaí a bhí ar siúl sa nGaeltacht – taobh amuigh den na teidil a tugadh ar na tograí!