Seoladh Gaeltachta do Bhliain na Gaeilge i gCorca Dhuibhne Oíche Chinn Bhliana

Craolfar an seoladh beo ó Thigh Pháidí Uí Shé i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ar TG4

Seoladh Gaeltachta do Bhliain na Gaeilge i gCorca Dhuibhne Oíche Chinn Bhliana

Is i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a chuirfear tús oifigiúil le Bliain na Gaeilge 2018 agus an seoladh oifigiúil le craoladh beo ó Thigh Pháidí Uí Shé in Ard an Bhóthair.

Craolfaidh TG4 an seoladh “spleodrach” beo ón teach tábhairne cáiliúil Gaeltachta agus beidh imeachtaí eile ar siúl i gceantair Ghaeltachta eile.

Caithfear súil chun cinn le linn an chláir ar a bhfuil beartaithe ag coiste Bhliain na Gaeilge do 2018 agus caithfear súil siar freisin ar imeachtaí móra na bliana a bheidh ag teacht chun críche.

Tá ceol, amhráin, damhsa agus cuimhní cinn geallta ag TG4 agus beidh Pádraig Ó Sé agus a bhanna ceoil Polca 4 i lár an aonaigh chomh maith le haíonna speisialta eile.

Léiriú de chuid an chomhlachta léiriúcháin Aniar a bheidh sa chlár seo a chraolfar beo ón nGaeltacht ó 11.30pm Oíche Chinn Bhliana go dtí 1.15am Lá Caille.

“Agus muid ag fíorthús na bliana ceiliúrtha seo ar an nGaeilge, níl bealach is cuí ag TG4 lena pháirtíocht a léiriú ná le clár fuinniúil beochraolta ceoil agus cainte ó cheartlár na Gaeltachta. Is mór againn an tacaíocht ón bhForas agus ón gConradh lena chur ar bun ar mheáin éagsúla a fheicfear ar fud na hÉireann agus an domhain mhóir,” a dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4.

Tá Conradh na Gaeilge, an cheanneagraíocht atá i gceannas ar Bhliain na Gaeilge 2018, ag súil go mór leis an ócáid i dTigh Pháidí Uí Shé agus le himeachtaí eile a bheidh ag tarlú sa Daingean, i nGaoth Dobhair agus i mbailte Gaeltachta eile Oíche Chinn Bhliana le Bliain na Gaeilge a cheiliúradh.

“Tabharfaidh an clár deis do na Gaeil in Éirinn agus ar fud na cruinne páirt a ghlacadh san fhéile ón tús. Tá súil agam go spreagfaidh an seó an pobal trí chéile le tabhairt faoin dúshlán chun breis Gaeilge a úsáid in 2018,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Beidh ceiliúradh á dhéanamh ar 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge agus ó “cuireadh tús le hAthbheochan na Gaeilge” le linn na bliana seo chugainn.

Inniu an spriocdháta don chéad bhabhta maoinithe d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge. €125,000 atá sa chiste agus dáilfear an t-airgead sin ina dhá bhabhta maoinithe an bhliain seo chugainn.

Cuirfear suas le €50,000 ar fáil d’imeachtaí a eagrófar sa chéad leath den bhliain, ó Eanáir go Meitheamh 2018, agus idir €500-€1,000 a bheith ar fáil do na tograí a nglacfar leo.

Gealltar clár “spleodrach” imeachtaí a dhéanfaidh ceiliúradh ar Athbheochan na Gaeilge ó bunaíodh Conradh na Gaeilge 125 bliain ó shin, ach deirtear freisin go mbainfear leas as an mbliain le haird a tharraingt ar na dúshláin a bheidh roimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta amach anseo.

Cheadaigh Foras na Gaeilge deontas €450,000 do Bhliain na Gaeilge ag deireadh na míosa seo caite, agus maíonn Conradh na Gaeilge go bhfuil tacaíocht léirithe ag nach mór 100 grúpa don cheiliúradh.

Fág freagra ar 'Seoladh Gaeltachta do Bhliain na Gaeilge i gCorca Dhuibhne Oíche Chinn Bhliana'

  • Feardorcha

    Ú, ú, meas tú an mbeidh An Pocán Meidhreach ann? Agus Ochtar Fear, agus Popshúil Mairnéalach agus An Nóinín Gaelach agus An Fód Móna?
    Beidh feis ann thar a bhfacthas riamh, gan aon agó.

  • Emer NI Ronáin

    Is mise An Rince Fada, agus ní fhaca mo chairde, na muca eile le fada an lá. Raghad go C. Dorcha don ocaid ar aon nós.

  • Ruairí

    Bliain Bhréagach na Gaeilge – ceiliúradh ar Theip 125 Bhliain Chónradh na Gaeilge. Léigh an talt i dTuairisc a scríobh Máirtín Ó Catháin le deireanas faoi ceantrachta Gaeltachta Chonamra atá go mór faoi míbhuntâiste. Léigh an anailís ar an Daonáireamh a rinne Donncha Ó hÉalaí ar staid na Gaeilge. Cén ábhar ceiliúrtha atá againn muintir na Gaeltachta agus an Ghaeilge mar theanga phobail ag imeacht as an saol?