Diarmuid Johnson, Leabhar Breac, €16
An fíbín sin nath nó scéilín a roinnt a bhuail mise agus an leabhar seo á léamh agam. ‘Fan go gcloisfidh tú é seo’ mo phort agus gontacht agus deise friotail ag cur gliondar is mórtas orm. An teanga mhartraithe sin againne fós in ann a leithéid a chruthú. Mo thrua na céadta bliain sin nuair ba bhalbh seasc Gaeil liteartha agus mo ghairm Diarmuid Johnson as tabhairt faoina hathghabháil.
An duine a léigh Seacht dTír Seacht dTeanga is beag a iontas go mbeadh spéis ag Diarmuid Johnson scéal an deoraí Gaeil eile seo a insint agus é ag déanamh a bhealaigh ó Bheannchar Oirialla go Beannchar na Breataine Bige, go dtí an Bhriotáin, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Eilvéis beagnach míle go leith bliain ó shin.
Ar ndóigh bhí a dhóthain peannaireachta ar a aire ag Ceallach gan dialann a fhágáil ag Johnson mar threoir is mar chuntas. Áiríonn Johnson na foinsí a cheadaigh sé mar bhunús le roinnt caibidlí agus mar atá léirithe cheana aige ina shárshaothar, tá cumas taighde, samhlaíocht, saineolas ar an nGaeilge liteartha agus taithí ar thaisteal sna bólaí céanna leis na chéad Chríostaithe ag an údar le Ceallach a athbheochan lena scéal a aithris dúinn.
Mar a deir an t-údar fhéin, “mura mbeadh ann ach cuimhne air…, is ceart agus is cóir sin”.
Mar bharr ar an ngontacht is an áilleacht próis gheobhaidh tú sa gcín lae seo léargas ar an aistear a chuir manaigh as Éirinn orthu féin chun soiscéal na Críostaíochta a scaipeadh ar fud na hEorpa.
Ach ní bíobla lán soiscéalta is aitheanta atá anseo ach dialann taistil tráth nárbh éasca. Bhain ocras, cruatan, contúirt agus ainnise go leor leis an turas agus gan á spreagadh ach a gcreideamh i nDia agus sa dea-scéala ba mhian leo a scaipeadh. Seo mar a chuirtear síos ar an anó a bhí orthu: “Sinn caite cnámhach, sinn caolghiallach, ceannscáinte, sinn criosfháiscthe cnagchosach, sinn cuasphlucach críonghéagach. Lorg síne agus slí orainn.”
Aoibhinn más cráite.
Agus níor loic Dia orthu, tá a dturas lán le miorúiltí – ar nós éiníní an aeir nuair is géire a bpráinn tagann fóirithint. Díbríodh deamhain, gineadh leanbh, leigheasadh easláin, ceansaíodh beithir agus gabhadh buíochas le Dia as a thabhartais uilig. An mhíorúilt ab iontaí uilig liom fhéin madra uisce ag tabhairt bradán ar bruach don duine!
Don té sin ar mian leis turas Cheallaigh a dhéanamh as Éirinn go dtí St Gallen is Loch Bhríde i dtuaisceart na hEilvéise, tá neart eolais anseo a chuideos leat. Déan do bhrat as craiceann gabhair, soitheach uisce as bolg na bó, eangach as trilseán neantóg, dúch as caora na gcrann, gaireas scríbhneoireachta as cleití, tine as brosna is caonach, leaba bhreá as raithneach is díon as cíb is géaga.
Ná bíodh imní ort más leat do chamino a thosú ar muir amhail manaigh Oirialla, tá treoir anseo le do churach a réiteach, do chrugaí a bhealú, neascóidí a chneasú agus teacht slán ón mbrachlainn mhór. Gheobhaidh tú eolas anseo ar bheatha cladaigh is sceiche agus meallfar thú le ceol na n-éan agus glaine na dtoibreacha. Má bhuaileann tinneas ná ocras thú leigheasfaidh luibheanna, foighid agus dóchas thú. Má sheadaíonn tú seal i dtalamh gan saothrú, cuideoidh Ceallach/Johnson leat le crann a leagan, teálta a thógáil, gort a rómhar is cuibhreann a fhálú. Beidh coirce, seagal is eorna agat don leite, iasc i do líon is glóire Dé i do chroí!
Gheobhaidh ann chomh maith an-tuiscint ar an teannas a bhí ann idir stát agus eaglais, idir Críostaíocht agus Págántacht agus ar an tionchar a bhí ag Gaeil ar an Eoraip mar atá inniu.
Ach níl spéir gan scamall, bhí Sátan gníomhach agus an t-aighneas, an t-éad is an sotal rábach an tráth úd chomh maith. Taoiseach ag iarraidh beannacht dá bheirt chéilí leapan, Columbanus ag fógairt adhaltranais agus tópar dó féin agus dá bhuíon dá bharr. Duine de na hábhair bráithre a rinne gníomh collaíochta le minseach ghabhair. Carghas bliana a cuireadh air – uisce, arán, agus salann. “Ceiltear an scéal nó is dubh ár gclú,” an réiteach an t-am sin freisin.
Ní haon ribín réidh Columbanus Gael ach an oiread agus boic na Róimhe ag iarraidh air féile na Cásca a leasú – ‘an chéad ghealach tar éis an chónochta, gealach an dóchais’ agus an aiséirí, agus sin sin. Níorbh inmholta aon mhúisiam a chur ar an manach cráifeach – b’ionann a mhallacht is a thairngreacht. Nuair a loic Ceallach, a d’airigh lag lúbach roimh an aistear, faoi ghabháil bealach na Róimhe, shéan a anamchara Columbanus cead air aifreann Dé a rá.
Spórt a bhí agam féin ag iarraidh Ceallach agus Diarmuid a dhealú óna chéile sa gcín lae – fear na haoise seo ag treorú cleite ó dheireadh an séú haois ar fhearas teicneolaíochta. Nach mór idir an dá thaithí saoil, an dualgas focal Dé a scaipeadh agus solas na bhflaitheas a shaothrú le haithrí, troscadh is tréanas agus rómánsúlacht is fileatacht an tseachráin samhraidh cois abhann is coille.
Ná bíodh aon drogall ar aon duine roimh aon aduaine teanga sa leabhar seo mar tá sí soiléir aoibhinn.
Tá de chomaoin curtha orainn ag an údar go bhfuil trí ghluais curtha leis an leabhar aige d’aon fhocal atá ligthe le fána agus do na logainmneacha, chomh maith le léarscáil d’aistear Cheallaigh san Eoraip.
Seo leabhar a léifear go minic le cion is práinn, monuar gur ceileadh an stíl aoibhinn sin orm go dtí seo. Nach iontach leabharlann den scoth dár scéalta féin atá á cnuasach dúinn ag Leabhar Breac.
JP
Pearsantacht, nádúr, éiteas, beocht, caoineas, dea-mhéinn & deabhóid an Cheallaigh féin leis. Go raibh seasamh a choda ann chomh maith, cnámh droma & miotal nuair ba ghá. Thugas gean mo chroí dó mar dhuine & mar mhanach agus an leabhar á léamh agam. ‘Tour de force’ glan in aon teanga.