Seo í an Ghaeilge sular salaíodh (nó a saibhríodh) leis an iasacht í…

Bíonn leabhair ann nár cheart ligean dóibh titim isteach i mbanc dramhaíl an dearmaid – tá ‘Flaitheas’ le Proinsias Mac a’Bhaird ar cheann acu

Seo í an Ghaeilge sular salaíodh (nó a saibhríodh) leis an iasacht í…

Uaireanta foilsítear leabhar, luaitear sna meáin é, bíonn cabaireacht éigin ina thimpeall agus ansin imíonn sé as sa díchuimhne mhór arb é dán formhór gach leabhair é. Ina dhiaidh sin, ó am go chéile, déantar athbheochan éigin ar leabhair seachas a chéile ar chúiseanna aighneas léirmheasa, ar chor na huaire, ar bhás an údair, ar chuimhne shonrach nó ar eachtra éigin ghlantseansúil.

Is é is measa, áfach, ná an bhearna sin idir an athbheochan nach rabhthas ag coinne leis agus an bás anabaí a fhaightear tamall gairid tar éis foilsiú an leabhair. Ó am go chéile is gá speach a thabhairt don phobal agus a fhógairt gur tháinig leabhar fiúntach amach tamall ó shin agus nár cheart ligean dó titim isteach i mbanc dramhaíola an dearmaid go fóill. Uaireanta is gá anamacha a mhúscailt as liombó.

Nach mór an moladh do scríbhneoir ar bith é a rá go mbímid ar tinneall ag feitheamh leis an gcéad leabhar eile uaidh. Duine díobh sin is ea Proinsias Mac a’Bhaird a bhfuil scata úrscéalta den scoth scríte aige cheana féin. Má bhí toise na staire le fáil i bhformhór a chuid scéalta cheana, is í an stair siar amach atá aige san úrscéal seo a foilsíodh anuraidh agus nár cheart ligean dó imeacht go fóill. Is é Flaitheas a bhí ann, atá ann, agus a bheidh ann fós. (Leabhar Breac €16)

Beatha Cholm Cille atá ann, nó le fírinne beatha an ógánaigh Criomhthann ar déanadh Colm Cille naofa de ar ball. Mar is eol dúinn tá dhá phríomhbheatha den naomh ann cheana Vitae Columbae a scríobh Adomnán agus Betha Coluim Chille ó Mhaghnus Ó Dómhnaill ón mbliain 1532, agus n’fheadair aon duine cé mhéid cumadóireachta agus cén blogh den fhírinne atá iontu. Más cumadóireacht ghlan atá ag Proinsias, tá bunaithe go daingean ar a bhfuil ar eolas againn ar a shaol, ach níos tábhachtaí tá bunaithe go fréamh ar an tsamhlaíocht a chaith sé leis an ábhar.

Níor mhór an tsamhlaíocht sin a bheith bunaithe ar thaighde, agus cé go bhfuil sé ina chliché mór eile de chuid na cumadóireachta staire nár chóir go bhfeicfí an taighde céanna, tá sé ar fhis anseo go gléineach. Ach ar bhealach den scoth i gcónaí. Is é sin le rá, níorbh fhéidir scéal atá suite sa tséú haois in Éirinn a scríobh gan an saol sin a léiriú ó mhullach talamh sa mhéid is gur gá sin. Agus ba ghá.

Is é an chéad rud a bhuailtear isteach i d’aghaidh ná ainmneacha na ndaoine, ainmneacha a bhfuil cuid ar eolas ón scéalaíocht againn, cuid eile atá athbheoite agus ag siúl inár measc, agus cuid eile nár smaoinigh tuismitheoirí orthu fós: Seanán, Feidhlimidh, Tuathal, Cruithneachán, Aodhnait, Earc, Geamán agus Criomhthann féin B’in an t-ainm a bhí ar Cholm i gcéaduair, ach samhlaigh an munglam manglam a dhéanfaí de sin ar RTÉ dá mbeadh Criomhthann Ó Dubhdochartaigh as Machaire Rabhartaigh ag imirt d’fhoireann peile Thír Chonaill amach anseo?

Fairis sin, agus seo an chuid is íogaire ar fad, níl ceadaithe iomrall aimsire a dhéanamh san úrscéalaíocht staire! Fainic go mbeadh clog ag bualadh, nó coinín ag princeam ar mhaoilinn sléibhe, gan trácht ar fhrancach ag creimeadh cnáimhe. Ní hamháin sin, ach tá an teanga bearrtha ar chuma nach leoitear focal iasachta nó focal a shleamhnaigh isteach leis na Lochlannaigh bharbartha nó leis na FrancShasanaigh Normannacha a shuí inár measc. Gaisce scríbhneoireachta an méid seo féin. Seo í an Ghaeilge sular salaíodh leis an iasacht í… nó a saibhríodh, más mian leat.

‘An chéadphroinn’ atá aige ar an ndúiseacht maidine a dtugaimidne an bricfeasta air; óltar as cuacha seachas as cupáin, agus leann fraoigh seachas Guinness; bíonn mogha ag iompar uisce; camánacht á himirt; eacha seachas capaill de ghnáth á marcaíocht; cónaí i dtithe dóibe agus tuí; agus má theastaigh uait a fhios a bheith agat conas dúch a dhéanamh do do chleite gé, tá an fhaisnéis anseo.

Tá an choimhlint eile laistiar de scéal an ógánaigh, is é sin scéal an iompaithe creidimh a bhí ina shéirse lena linn. Beannaíonn duine de dhuine eile le ‘dar Lugh’; tá fear inchurtha le Balor ar a neart; tá de nós troscadh a dhéanamh ar dhuine chun do chearta a bhaint amach rud nach mbeadh glacadh leis sa réim nua; agus is ait leo go mbeadh ainm mar ‘Daibhéad’ ar dhuine ar bith, go fiú i scéal ón imigéin.

Ní hiad seo is tábhachtaí, áfach, ach is iad is riachtanaí. Ina dhiaidh sin, lánchead ag an údar a scéal a insint. Agus is é scéal é gur déanadh Colm Cille, naomh, fear scríte na leabhar beannaithe, file, bunaitheoir mainistreacha de scraiste beag d’ógánach a raibh ‘claonadh chun uabhair’ ann.

Samhlaíonn Proinsias Mac a’ Bhaird conas mar a tharla athrú ar an mbuachaill óg seo Criomhthann a raibh sé i ndán dó dul i gceannas fhlaitheas a athar ach a d’iompaigh uidh ar n-uidh i dtreo an chreidimh nua a bhí ag fothú de réir a chéile sa tír. Ní insint shimplí chompordach í seo an t-am ar fad óir ní raibh an caidreamh lena athair aige i gcónaí go sona suairc. Tá ‘nádúr láidir teasaí’ ann féin, ach ag an am céanna is féidir leis ‘comhbhá agus dáimh’ a léiriú le daoine eile. Is é an ‘stracadh lena chinniúint’ fíorchroí an leabhair, agus cé go bhfuil a fhios againn cén chríoch a bheidh air ní hé an deireadh is mó is suim linn ach an t-aistear féin.

Ní hí iomrascáil an fhir óig seo lena anam an t-aon insint amháin atá ann, áfach. Tá an leabhar breac le foscéalta, nach foscéalta dáiríre iad, ach srutháin a ritheann isteach san abhainn mhór. Cúlscéal grá a shoilsíonn naimhdeas an lae; bean rialta nach bhfuil chomh rialta sin, mar a déarfá; pionós barbartha de chuid dhlí na mbreithiún nach raibh chomh solasmhar is a maítear. Cuid de chruthú Éire na linne sin go leor díobh agus ar gaisce athmhúnlaithe agus samhlaíochta iad.

Iarratas ó Choiste Léann na Gaeilge de chuid Acadamh Ríogúil na  hÉireann a spreag scríobh an úrscéil seo. Mar sin féin, níl aon amhras ná gur dual don údar saothar mar seo a scríobh uair éigin, óir mar a deir sé in iarnóta uaidh gurb ‘ábhar bróid’ riamh dó Colm Cille. Táim cinnte go mbeadh Colm Cille bródúil as siúd chomh maith.

Fág freagra ar 'Seo í an Ghaeilge sular salaíodh (nó a saibhríodh) leis an iasacht í…'

  • Seán Mag Leannáin

    Léirmheas an-dearfach ar fad. Is iontach an rud é go bhfuil leabhair Ghaeilge den chaighdeán ard seo á scríobh i gcónaí ach cén fáth go mbaineann an chuid is mó díobh leis an stair ársa seachas le saol an lae inniu?

  • Ruairí Ó Caisleáin

    Ó thaobh an caighdean taighde de sa leabhar seo, baineadh stangadh asam faoin athrú aeráide sa dara chuid den finscéal. Faoi mar a tharla, breacadh in annálacha éagsúla sa 6ú aois in Éirinn, san Iodáil agus áiteanna eile, gur tharla pléascthaí volcáin a d’fhág smúit sa spéir agus titim sonrach teochta ar chuid mór den Eoraip, Éire san áireamh, ar feadh roinnt mhaith blianta.